Iarratas saorála faisnéise chuig an gCoimisiún Reifrinn
Cé na taifid is féidir liom a iarraidh tríd an suíomh Gréasáin seo?
Is féidir leat iarraidh saorála faisnéise ar thaifid atá inár seilbh a dhéanamh tríd an suíomh Gréasáin seo.
Faoi Acht an Reifrinn, 1998, bunaítear Coimisiúin Reifrinn ar leith do gach reifreann. Díscaoiltear gach Coimisiún Reifrinn mí amháin tar éis dó a thuarascáil ar reifreann a chur isteach. Aistrítear taifid an Choimisiúin Reifrinn chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ansin. Aistreofar go huathoibríoch chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí aon iarrataí saorála faisnéise a bheidh idir lámha ag Coimisiún Reifrinn tráth a dhíscaoilte. Dá mba mhaith leat iarraidh a dhéanamh ar thaifid a bhaineann le Coimisiún Reifrinn a bhí ar bun roimhe seo, féach na sonraí ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014, i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2014. Tá dátaí sonracha tosach feidhme le haghaidh forálacha áirithe leagtha amach in alt 1 den Acht.
Cé na taifid de chuid an Choimisiúin Reifrinn a chumhdaítear leis an Acht?
Tá taifid atá inár seilbh clúdaithe ag an Acht um Shaoráil Faisnéise. Tá roinnt eisiamh ann, a leagtar amach sa reachtaíocht. Chun eolas a fháil faoi na taifid atá inár seilbh, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Rebecca Coyle, Oifigeach um Shaoráil Faisnéise trí ghlaoch ar +353 1-639 5795 nó ríomhphost a sheoladh chuig foi@refcom.ie.
I gcomhair taifead a bhaineann le Reifrinn roimhe seo, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Brian McKevitt, Oifigeach um Shaoráil Faisnéise trí ghlaoch ar +353 1-639 5713 nó ríomhphost a sheoladh chuig foi@refcom.ie.
Conas iarraidh a dhéanamh
Chun taifid atá i seilbh an Choimisiúin Reifrinn a iarraidh, scríobh chugainn á lua go bhfuil iarraidh á déanamh agat faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Ba cheart duit d’iarraidh a sheoladh chuig: An tOifigeach Saorála Faisnéise, An Coimisiún Reifrinn, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. Mar mhalairt air sin, ba cheart duit í a sheoladh le ríomhphost chuig foi@refcom.ie.
Ba cheart duit na nithe seo a leanas a dhéanamh i d’iarraidh:
- tagairt a dhéanamh don Acht um Shaoráil Faisnéise
- an oiread faisnéise agus is féidir a thabhairt faoi na taifid atá á lorg agat
- a lua cé acu is taifid phearsanta nó taifid neamhphearsanta iad na taifid atá á n-iarraidh agat
- a shonrú cé acu ba mhaith nó nár mhaith leat cóipeanna de na taifid, nó na taifid a rochtain, i bhformáid eile (amhail tras-scríbhinn nó diosca ríomhaire)
Conas is féidir leat cabhrú linn déileáil le d’iarraidh
Má tá taifead á iarraidh agat, ba cheart duit an oiread faisnéise agus is féidir a chur ar fáil chun cabhrú linn é a aimsiú. Más mian leat é a fháil i bhformáid ar leith (e.g. fótachóip) nó más mian leat é a scrúdú, ba cheart duit an méid sin a lua go soiléir i d’iarraidh.
Taifead atá i seilbh an Choimisiúin Reifrinn a leasú
Má tá tú ag iarraidh go ndéanfaí taifead a athrú nó a leasú, ba cheart duit an taifead agus an leasú atá á lorg a lua i d’iarraidh agus fianaise a thabhairt go bhfuil an leasú sin riachtanach.
Conas a chabhróimid leat d’iarraidh a dhéanamh
Sonraítear san Acht um Shaoráil Faisnéise gur cheart do chomhlacht poiblí cabhair a thabhairt do dhuine atá ag iarraidh taifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Luaitear go sonrach ann gur cheart dúinn cúnamh a thabhairt duit má tá tú faoi mhíchumas. Ina theannta sin, d’fhéadfadh go rachaimis i dteagmháil leat chun d’iarraidh a shoiléiriú.
An gá dom táille a íoc?
I gcúinsí áirithe, gearrtar táillí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Ní ghearrtar aon táille as iarraidh thosaigh saorála faisnéise a dhéanamh. Is ionann an táille as athbhreithniú inmheánach agus €30 nó is ionann í agus €10 do dhaoine a bhfuil cárta leighis acu. I gcás gur gá duit táille a íoc, is féidir leat íoc le seic, dréacht bainc nó ordú poist.
Tá seans ann go ngearrfar táille ort freisin as an am a caitheadh ar thaifid a tugadh duit a aimsiú agus as aon chostais fótachóipeála a thabhaigh an comhlacht poiblí le linn dó ábhar a sholáthar duit. Is beag seans go dtiocfaidh costais den sórt sin chun cinn i gcás faisnéise pearsanta. Ní fhéadfar táille a ghearradh ort as an am a chaithfimid ar a chinneadh cé acu a ghéillfimid nó nach ngéillfimid do d’iarraidh saorála faisnéise.
Cá fhad a thógfaidh sé?
A luaithe a fhaighimid iarraidh, tá ceithre seachtaine ar a mhéad againn chun breith a thabhairt. Tabharfar fógra i scríbhinn duit faoin mbreith. Sa bhreith sin, luafar cé acu a géilleadh do d’iarraidh, a géilleadh go páirteach do d’iarraidh nó a diúltaíodh géilleadh do d’iarraidh agus tabharfar an chúis/na cúiseanna ar thángthas ar an mbreith sin duit.
Cad a dhéanfaidh mé mura bhfuilim sásta leis an mbreith?
Más rud é nach bhfuil tú sásta leis an mbreith nó nach bhfuair tú breith tar éis ceithre seachtaine (ar a dtugtar diúltú géilleadh d’iarraidh saorála faisnéise gan freagra a thabhairt), féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar ‘athbhreithniú inmheánach’.
Is é atá in ‘athbhreithniú inmheánach’ ná córais achomhairc laistigh den oifig seo. Is é oifigeach atá níos sinsearaí ná an duine a thug an bhreith ar d’iarraidh bhunaidh a bheidh i mbun an athbhreithnithe inmheánaigh. Chun athbhreithniú inmheánach a iarraidh, ní mór duit scríobh chugainn agus tagairt a dhéanamh don bhreith a fuarthas (má tugadh breith) agus a lua go bhfuil achomharc athbhreithnithe inmheánaigh á dhéanamh agat. Ní fhéadfaidh tú aon saincheisteanna breise a tharraingt anuas i d’achomharc athbhreithnithe inmheánaigh. Is é cuspóir aonair an athbhreithnithe go ndéanfaidh oifigeach athbhreithniú ar an mbreith a tugadh ar d’iarraidh bhunaidh amháin. Tá trí seachtaine againn chun breith a thabhairt ar d’iarraidh ar athbhreithniú inmheánach.