Is é is reifreann ann ná vóta a dhéanann an pobal ar athrú beartaithe ar fhoclaíocht an Bhunreachta. Má vótálann tromlach simplí ‘Tá’ i bhfabhar an athraithe, comhaontófar an t-athrú (ar a dtugtar leasú) agus déanfar an t-athrú sin ar an mBunreacht. Má vótálann tromlach simplí ‘Níl’ in aghaidh an athraithe, ní athrófar an Bunreacht. Reáchtáiltear reifreann faoi Airteagail 46 agus 47 den Bhunreacht.

  • Ní mór duit a bheith i do shaoránach Éireannach
  • Ní mór duit bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad
  • Ní mór d’ainm a bheith ar áireamh i gClár na dToghthóirí

Má tá tú i do shaoránach Éireannach a chónaíonn thar lear, ní fhéadfar d’ainm a chur isteach i gClár na dToghthóirí. Fágann sé sin nach bhféadfaidh tú vótáil i dtoghchán ná i reifreann in Éirinn. (Tá an t-aon eisceacht amháin i bhfeidhm do thaidhleoirí Éireannacha atá ar dualgas thar lear agus dá gcéile. Féadfaidh siad a vóta a thabhairt trí chasadh an phoist.)

Féadfaidh comhlacht ceadaithe ionadaithe a bheith i láthair aige nuair a bhíonn páipéir phostbhallóide á seoladh amach agus á n-oscailt, ag stáisiúin vótaíochta agus ag comhaireamh na vótaí. Ní mór d’iarratais ar stádas mar chomhlacht ceadaithe a sheoladh chuig an gCoimisiún Reifrinn.

Ní mór d’iarratasóirí na nithe seo a leanas a bheith acu:

  • 300 comhalta ar a laghad
  • leas sa reifreann
  • agus ainm nach bhfuil cosúil le hainm aon pháirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar líne chun a bheith i do chomhlacht ceadaithe.

Ón mbliain 2001 i leith, is é atá i gceist le príomhról an Choimisiúin:

  1. ráiteas nó ráitis a ullmhú ina míneofar togra an reifrinn, an téacs sa Bhille iomchuí agus aon fhaisnéis ghaolmhar eile is cuí leis an gCoimisiún
  2. na ráitis sin a fhoilsiú agus a dháileadh ar an teilifís, ar an raidió agus i meáin eile is dóigh leis an gCoimisiún a tharraingeoidh aird an phobail orthu. Áirítear leis sin a áirithiú a mhéid is indéanta go mbeidh daoine a bhfuil míchumas radhairc nó éisteachta orthu in ann na ráitis lena mbaineann a léamh nó a chloisteáil.
  3. feasacht an phobail ar an reifreann a chur chun cinn agus spreagadh a thabhairt do vótálaithe vótáil sa vótaíocht.

Ón mbliain 2001 i leith, ní thugann an Coimisiún breac-chuntas ar na hargóintí i bhfabhar thograí an reifrinn agus ar na hargóintí ina n-aghaidh. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis chuí a shoiléiriú agus a chur ar fáil faoi réimsí a measann sé go bhfuil mórleas ag an bpobal iontu nó go mbaineann mórthábhacht leo.

Déanann iarchomhalta de chuid na hArd-Chúirte nó na Cuairte Uachtaraí nó comhalta ar seirbhís de chuid na hArd-Chúirte cathaoirleacht ar an gCoimisiún. Is é an Príomh-Bhreitheamh a cheapann an cathaoirleach, ar iarratas an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Tá ceathrar comhaltaí de bhrí oifige ann:

  • an Cathaoirleach (Ms. Isobel Kennedy),
  • an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Mr Seamus McCarthy),
  • an tOmbudsman (Mr Peter Tyndall),
  • Cléireach Dháil Éireann (Mr Peter Finnegan), agus
  • Cléireach Sheanad Éireann (Mr Martin Groves).

Is é Oifig an Ombudsman a chuireann an Rúnaíocht don Choimisiún ar fáil.

Is é Roinn coimircíochta an togra reifrinn iomchuí a chistíonn an Coimisiún.

De ghnáth, ní mór duit do vóta a thabhairt go pearsanta in ionad vótaíochta oifigiúil. Mar sin féin, is féidir go mbeidh tú in ann vóta a thabhairt trí chasadh an phoist má tá tú:

  • i do chomhalta lánaimseartha d’Óglaigh na hÉireann
  • i do chomhalta den Gharda Síochána
  • i do thaidhleoir Éireannach atá ar post thar lear nó mar chéile leis/léi

Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Ní theastaíonn do chárta vótaíochta uait chun vóta a thabhairt. Ní mór duit foirm bhailí d’aitheantas pearsanta, amhail pas nó ceadúnas tiomána, a thabhairt leat nuair a théann tú chun vótáil.

Gach uair a chuirtear Coimisiún Reifrinn i bhfeidhm, déanann roinnt daoine gearán leis an gCoimisiún faoin úsáid a bhaineann sé as an bhfocal ‘referendums’ mar iolra ar ‘referendum’. Deir siad go hiondúil gurb é ‘referenda’ an t-iolra ar ‘referendum’. Glactar leis an dá fhoirm den iolra. Is fearr leis an gCoimisiún ‘referendums’ a úsáid de réir na hiontrála san Oxford English Dictionary, a léirítear anseo: referendum. Iol. referendums, -enda. [L., geireannach nó geireannach neodrach de referre - tarchuir.] An cleachtas nó an prionsabal (a mbíodh a chéad úsáid bainteach go príomha le Bunreacht na hEilvéise) um cheist faoi phlé a chur ar an bpobal vótálaithe ar fad. Ó thaobh a bhunúis Laidine de, is fearr ‘referendums’ go loighciúil mar fhoirm iolra nua-aimseartha a chiallaíonn ballóidí ar shaincheist amháin (toisc gurb amhlaidh, mar gheireannach Laidine, nach bhfuil aon iolra ann ar reifreann); fochiallaíonn an geireannach iolra Laidine ‘referenda’, a chiallaíonn ‘nithe le tarchur’, níos mó ná saincheist amháin. Is dóigh gur ag féachaint d’fhocail amhail ‘agenda’ agus ‘memoranda’ mar shamhlacha atá daoine ar fearr leo an focal ‘referenda’ a úsáid. Bíonn éagsúlacht úsáide ann san am i láthair (1981). Mar sin féin, moltar ‘referendums’ in The Oxford Dictionary for Writers and Editors (1981) agus is dócha go bhfanfaidh an fhoirm sin i réim.

Níl aon ról ag an gCoimisiún Reifrinn i bhformáid nó ábhar an pháipéir bhallóide a dhearadh. Is leis an dlí in Acht an Reifrinn, 1994, a shocraítear foirm agus ábhar an pháipéir bhallóide don reifreann.

Forbraíodh teimpléad de pháipéar ballóide tadhlach le cabhrú leat do vóta a chaitheamh sa Reifreann go neamhspleách agus faoi rún. Úsáidfear an teimpléad ar an bpáipéar ballóide a úsáidfidh gach duine. Greamaíonn an teimpléad den pháipéar ballóide.

Tá litreacha soiléire, neamh-ornáideacha, cló mór, codarsnacht mhaith dathanna, litreacha ardaithe agus Braille ar an teimpléad. Tá imeall dubh timpeall ar an gcuid atá gearrtha amach le cabhrú le daoine an áit a marcálfar a vóta a aimsiú. Tá dhá bhosca gearrtha amach ar an teimpléad, bosca amháin i gcomhair TÁ agus bosca eile i gcomhair NÍL. Leagtar na boscaí ar an teimpléad díreach os cionn na mboscaí ar an bpáipéar ballóide ina marcálann tú do vóta.

Cuireadh na hoifigigh cheannais ar fad ar an eolas mar gheall ar na gnéithe éagsúla a bhaineann leis an teimpléad seo agus tabharfaidh siad treoracha ó bhéal duit sula dtéann tú isteach sa stáisiún vótaíochta chun do pháipéar ballóide a mharcáil. Moltar don oifigeach ceannais an teimpléad a ghreamaigh den pháipéar ballóide agus é a thabhairt duit nó a chur ar an mbord os do chomhair, leis an scríbhneoireacht thuas.

Beidh an teimpléad ar fáil i ngach stáisiún vótaíochta. Tá teimpléid ag Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill (NCBI) ar féidir leat a “thriail” roimh an gcéad reifreann eile. Tá siad ar fáil i ngach oifig NCBI ar fud na tíre. Déan teagmháil leis an oifig NCBI is gaire duit má tá taispeántas ar an teimpléad nua uait.

Cuireann na húdaráis áitiúla (comhairlí contae agus comhairlí cathrach) Clár na dToghthóirí le chéile gach bliain. Foilsítear é an 1 Feabhra sa bhliain agus tá sé bailí ón 15 Feabhra i leith sa bhliain sin. Is gnách go mbíonn cóipeanna den Chlár ar fáil in oifigí poist, i leabharlanna poiblí agus i stáisiúin Ghardaí. Is féidir leat a sheiceáil i gceann ar bith de na háiteanna sin an bhfuil d’ainm ar áireamh sa chlár nó nach bhfuil. Is féidir leat an méid sin a sheiceáil ar líne freisin.

Chun go gcuirfear d’ainm ar áireamh i gClár na dToghthóirí, ní mór duit foirm iarratais RFA a chomhlánú.

Mura bhfuil d’ainm ar áireamh i gClár na dToghthóirí nó más rud é go bhfuil d’ainm ar áireamh sa chlár agus nach bhfuil tú i do chónaí san áit dá bhfuil tú cláraithe, féadfaidh tú d’ainm a chur isteach san fhorlíonadh a ghabhann le Clár na dToghthóirí. Ba cheart duit an méid sin a dhéanamh lom láithreach. Tá foirmeacha iarratais ar chur ar áireamh san fhorlíonadh a ghabhann le Clár na dToghthóirí ar fáil sna háiteanna seo: comhairlí cathrach, comhairlí contae, stáisiúin Ghardaí, leabharlanna poiblí, oifigí poist agus ar líne.

  • Athrú seolta: Más rud é go bhfuil d’ainm ar áireamh i gClár na dToghthóirí agus gur bhog tú ó Dháilcheantar nó toghcheantar údaráis áitiúil amháin go ceann eile, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chur ar áireamh san fhorlíonadh a ghabhann le Clár na dToghthóirí ag do sheoladh nua ach foirm iarratais RFA3 a chomhlánú.
  • Neamhchláraithe: Ní mór duit iarratas RFA2 a chomhlánú chun go gcuirfear d’ainm ar áireamh san fhorlíonadh a ghabhann le Clár na dToghthóirí.

Tá an fhaisnéis sin ar fáil ar do chárta vótaíochta. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil freisin le haghaidh faisnéis faoi láthair do stáisiúin vótaíochta.

Tá an fhaisnéis sin ar fáil ar do chárta vótaíochta. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil freisin le haghaidh faisnéis faoi amanna oscailte agus amanna dúnta do stáisiúin vótaíochta.

Níl ról ag an gCoimisiún Reifrinn maidir le gearáin faoi ábhar póstaeir a tógadh le linn reifrinn.

Is in Acht an Reifrinn, 1994, a leagtar amach an dlí ar conas a reáchtáiltear reifrinn. Faoin Acht sin, a luaithe a ritear Bille ina bhfuil leasú beartaithe ar an mBunreacht sa dá Theach den Oireachtas, déanann an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil ordú lena socraítear an dáta don reifreann.

A luaithe a dhéantar an t-ordú sin, ní fhéadfar é a athrú, de réir Acht an Reifrinn, 1994, ach amháin i gcás go ngairtear olltoghchán. Má tharlaíonn sé sin, féadfaidh an tAire dáta an reifrinn a athrú go dáta an olltoghcháin bheartaithe.

Níl aon chúinsí eile ann faoin Acht Reifrinn, 1994, ina bhféadfaidh an tAire reifreann a chur ar atráth. Ní fhéadfaidh an tAire cealú a dhéanamh ar an ordú lena socraítear reifreann.