Féadfaidh eagraíochtaí iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún Reifrinn chun a bheith ina ‘gcomhlacht ceadaithe’ don reifreann. Féadfaidh comhlachtaí ceadaithe ionadaithe a bheith i láthair acu nuair a bhíonn páipéir phostbhallóide á seoladh amach agus á n-oscailt, ag stáisiúin vótaíochta agus ag comhaireamh na vótaí.

Ní mór d’iarratasóirí na nithe seo a leanas a bheith acu:

  • 300 comhalta ar a laghad
  • leas sa reifreann
  • agus ainm, i dtuairim an Choimisiúin, nach bhfuil chomh cosúil sin le hainm páirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta
  • Tabhair faoi deara nach mór gach foirm a phriontáil, a shíniú agus a sheoladh chuig an gCoimisiún Reifrinn, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
File Download
File Download
Icon display: Téigh i dteagmháil

Téigh i dTeagmháil Linn

Má tá barúil agat faoinár suíomh gréasáin, nó má tá gearán agat, bain úsáid as an bhfoirm téigh i dteagmháil linn.