Comhlíonann an Coimisiún Reifrinn na Rialacháin thuas maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a athúsáid agus spreagann sé daoine leis an bhfaisnéis a tháirgeann sé a athúsáid.

Tá an fhaisnéis ar fad atá ar shuíomh idirlín an Choimisiúin Reifrinn faoi chóipcheart an Choimisiúin Reifrinn ach amháin sa chás go dtugtar a mhalairt le fios. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an suíomh idirlín a athúsáid saor in aisce in aon fhormáid ar bith. Tá cóipeáil san áireamh le hathúsáid chomh maith le cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsitheoireacht, craolachán agus é a aistriú go teangacha eile. Clúdaítear taighde agus staidéar nach ndéantar ar bhonn tráchtála leis freisin.

Féadfar faisnéis agus cáipéisí a fhaightear ón suíomh idirlín seo a atáirgeadh agus / nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais is déanaí um Fhaisnéis na Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag www.psi.gov.ie. Bíonn athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas go ginearálta. Caithfidh tú:

  • Foinse agus cóipcheart an Choimisiúin Reifrinn a admháil i gcásanna go soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile
  • An fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn
  • Gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach
  • Gan an fhaisnéis a úsáid chun fógraíocht a dhéanamh faoi tháirge nó seirbhís áirithe nó chun táirge nó seirbhís áirithe a chur chun cinn, agus sin ina phríomhchuspóir agat
  • Gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta nó chun tacú le cuspóirí den sórt sin

Níl an Coimisiún Reifrinn faoi dhliteanas i leith aon chaillteanai s nó dliteanais a bhaineann le hathúsáid fhaisnéise atá ar a shuíomh idirlín. Ar an gcaoi chéanna, cé go ndéantar gach dícheall lena chinntiú go mbeidh faisnéis ar a shuíomh idirlín cothrom le dáta agus cruinn, ní dheimhníonn an Coimisiún Reifrinn go mbeidh an fhaisnéis ar fad ar a shuíomh idirlín cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní údaraíonn an Coimisiún Reifrinn d'aon úsáideoir gurb acu a bheidh cearta eisiacha lena fhaisnéis a athúsáid.

Icon display: Téigh i dteagmháil

Téigh i dTeagmháil Linn

Má tá barúil agat faoinár suíomh gréasáin, nó má tá gearán agat, bain úsáid as an bhfoirm téigh i dteagmháil linn.