Réamhrá

Cuirtear faisnéis ar fáil duit san Fhógra seo maidir leis na sonraí pearsanta fút atá á gcoimeád ag an gCoimisiún Reifrinn. 

Léiríonn an Coimisiún Reifrinn meas iomlán ar an gceart i leith príobháideachais atá agat.  Caithfear le do shonraí pearsanta de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus an tAcht um Chosaint Sonraí (“an reachtaíocht um Chosaint Sonraí”). 

Baintear úsáid san Fhógra seo as focail nó téarmaí áirithe a bhfuil ciall ar leith acu faoin RGCS agus faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí.  Féach an mhír Sainmhíniú san Fhógra seo chun teacht ar mhíniú nó sainmhíniú ar na focail.

Cé sinn féin agus cé a rialaíonn do shonraí?

Is é ról an Choimisiúin Reifrinn chun faisnéis fhíriciúil faoi reifrinn a chur in iúl ar bhealach neodrach agus neamhchlaonta. Tá do shonraí pearsanta á gcoimeád ag an gCoimisiún Reifrinn (nó ‘an Coimisiún’ san fhógra seo), arb é sin an rialaitheoir sonraí chun críocha na reachtaíochta um Chosaint Sonraí. 

Tá an Coimisiún neamhspleách i dtabhairt faoina fheidhmeanna agus tacaíonn rúnaíocht ó Oifig an Ombudsman leis. Déantar seirbhísí nó saoráidí áirithe ‘intí’ de chuid a chomhroinnt leis an gCoimisiún agus le hOifig an Ombudsman – i measc na seirbhísí seo, mar shampla, tá seirbhísí corparáideacha, airgeadas agus TF.  Comhrialaitheoir í Oifig an Ombudsman, ar an ábhar sin, a mhéid atá sonraí pearsanta a bhaineann leis na seirbhísí comhroinnte siúd i gceist.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

An Coimisiún Reifrinn, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, DO2 W773. 

Guthán: (01) 639 5695

Ríomhphost: refcom@refcom.ie

An tOifigeach Cosanta Sonraí

Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

Ríomhphost: dataprotection@ombudsman.ie

Guthán: (01) 639 5760

Seoladh Poist: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, DO2 W773.   

Ainmnítear an tOifigeach Cosanta Sonraí le hOifig an Ombudsman, OCF, OCFC, an CCOP, an CCSP agus an Coimisiún Reifrinn.

Do shonraí pearsanta agus conas a bhailímid iad

Cuireann tú féin méid an-mhór de na sonraí pearsanta ar fáil atá á gcoimeád againn fút nuair a chuireann tú glao orainn, nuair a sheolann tú litreacha agus ríomhphoist chugainn agus nuair a dhéanann tú cumarsáid eile leis an gCoimisiún. 

Coimeádaimid sonraí pearsanta freisin a sholáthair tríú páirtithe.  Nuair a tharlaíonn é seo, cuirtear sonraí breise ar fáil thíos.

Braithfidh na sonraí pearsanta a choimeádaimid agus an áit as a dtagann siad ar shaghas an idirghníomhaithe a dhéanann tú leis an gCoimisiún. 

Daoine a dhéanann fiosrúchán

Coimeádaimid faisnéis (sonraí pearsanta) faoi dhaoine a dhéanann teagmháil leis an gCoimisiún chun fiosrúchán a dhéanamh.  Áirítear leis na sonraí pearsanta seo, mar shampla, d’ainm agus sonraí teagmhála, sonraí a bhaineann le d’fhiosrúchán nó faoi chuspóir do theagmhála agus aon sonraí pearsanta eile a sholáthraíonn tú. 

Grúpaí a dhéanann iarratas go ndéanfar comhlachtaí faofa díobh

Coimeádaimid faisnéis (sonraí pearsanta) faoi dhaoine a dhéanann teagmháil leis an gCoimisiún chun iarratas a dhéanamh thar ceann grúpaí go ndéanfar comhlachtaí faofa díobh ar mhaithe leis an reifreann.  Áirítear leis na sonraí pearsanta seo, mar shampla, d’ainm agus sonraí teagmhála, sonraí a bhaineann le d’iarratas, agus aon sonraí pearsanta eile a sholáthraíonn tú. 

Roinntear an fhaisnéis seo leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ar mhaithe le fógra a thabhairt do cheann comhairimh an reifrinn agus Irish Oifigiúil ar mhaithe le torthaí iarratas a fhoilsiú, faoi mar a fhoráiltear sa reachtaíocht.

Daoine a thugann cuairt ar ár láithreán gréasáin

Nuair a thugann duine cuairt ar refcom.ie bailímid eolas caighdeánach loga faoin idirlíon agus sonraí faoi phatrúin iompair cuairteoirí. Déanaimid seo ar chuspóirí staitistiúla chun rudaí a dhéanamh amach, ar nós líon na gcuairteoirí ar na codanna éagsúla den láithreán gréasáin.

Bailímid an fhaisnéis seo ar bhealach nach ndéanann aon duine a shainaithint. Ní dhéanaimid aon iarracht chun teacht ar aitheantais na ndaoine siúd a bhfuil cuairt á tabhairt acu ar ár láithreán gréasáin. Ní dhéanfaimid ceangal idir aon sonraí a bailíodh ón láithreán seo agus aon fhaisnéis ó aon fhoinse a dhéanann duine a shainaithint go pearsanta.

Mas mian linn faisnéis a bhailiú a dhéanann duine a shainaithint go pearsanta trínár láithreán gréasáin, cuirfimid é seo in iúl go soiléir. Luafaimid go soiléir é nuair a bhailímid faisnéis phearsanta trínár láithreán gréasáin agus míneoimid an méid atá ar intinn againn a dhéanamh leis.

Ríomhphost a sheoladh chuig ár nOifig 

Táimid mar chuid de ghréasán Seirbhísí an Rialtais. Is féidir linn monatóireacht a dhéanamh ar agus úsáid a bhaint as aon ríomhphoist a sheoltar chugainn, aon cheangaltán ina measc, ar chúiseanna slándála agus chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh bheartas na hoifige. Is féidir bogearraí monatóireachta nó blocála ríomhphost a úsáid freisin.

Cuirtear in iúl duit go bhfuil freagracht ort lena chinntiú nach ndéanann aon ríomhphost a sheolann tú an dlí a shárú.

Iarrataí reachtúla a dhéantar leis an Oifig seo

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi dhaoine a dhéanann iarrataí reachtúla leis an gCoimisiún, daoine ina measc, mar shampla, a dhéanann iarraidh SF nó iarraidh ar rochtain um Chosaint Sonraí agus taifid nó eolas á n-iarraidh acu atá á gcoimeád ag an gCoimisiún.  Cuimsítear sna sonraí pearsanta d’ainm agus sonraí teagmhála agus eolas a bhaineann leis an iarraidh reachtúil. 

Má tá iarraidh reachtúil á déanamh go fóill ar dhíscaoileadh an Choimisiúin, aistrítear rialú ar na taifid go dtí an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

D’fhéadfaí a áireamh leis na hiarrataí reachtúla seo a dhéantar leis an gCoimisiún freisin sonraí pearsanta faoi dhuine éigin eile seachas an duine a bhfuil an iarraidh á déanamh acu.  Cibé acu má tá nó mura bhfuil sonraí pearsanta iontu agus, má tá, braithfidh saghas na sonraí pearsanta ar an iarraidh.  Is é an duine a bhfuil an iarraidh á déanamh acu a sholáthraíonn an fhaisnéis seo.

Soláthraithe / soláthraithe seirbhíse / daoine eile a dhéanann teagmháil leis an Oifig seo

Tá sonraí pearsanta á gcoimeád againn fút sa chás go ndearnadh teagmháil idir tú féin agus an Coimisiún agus maidir le ceisteanna éagsúla, teagmháil ina measc, mar shampla, maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar. Áirítear leis na sonraí pearsanta seo, d’ainm, sonraí teagmhála agus faisnéis a bhaineann leis na hearraí nó na seirbhísí a sholáthar. Cruthaítear na sonraí ón idirghníomhú a dhéanann tú linn.

Seimineáir Ghréasáin & físchomhdhálacha

Nuair a óstálann an Oifig seimineáir ghréasáin nó físchomhdhálacha, beidh ainm, uimhir theagmhála agus seoladh ríomhphoist an lucht freastail ag teastáil chun a bhfreastal a éascú. Ní fhoilseoidh an Oifig liosta toscairí ach d’fhéadfadh go mbeadh ainmneacha an lucht freastail le feiceáil ag daoine eile le linn an imeachta. Iarraimid ar lucht freastail a gcuid eolais teagmhála oibre a úsáid nuair is féidir, chun bailiúchán neamhriachtanach sonraí teagmhála pearsanta a sheachaint. Ar an gcuma chéanna, ba cheart do lucht freastail roinnt sonraí pearsanta a sheachaint in aon saoráid ‘comhrá’ roinnte mar go bhféadfadh an soláthraí seirbhíse na sonraí sin a phróiseáil.

D’fhéadfadh an Oifig seimineáir ghréasáin a thaifeadadh chun críocha eolais. Tabharfaidh sé réamhfhógra nuair a bheidh imeacht á thaifeadadh. Gabhann imeachtaí taifeadta íomhá agus fuaim aon láithreoirí. D’fhéadfaí go mbeadh an rogha ag an lucht freastail a n-íomhá agus a bhfuaim a roinnt le linn an tseisiúin. Má roghnaíonn siad é sin a dhéanamh, gabhfar é seo sa taifeadadh chomh maith. Sa chás go mbíonn ceisteanna agus freagraí modhnaithe ag imeachtaí, d’fhéadfaí tuairimí lucht freastail a roghnaíonn idirghníomhú leis na ceisteanna agus freagraí a fhoilsiú agus d’fhéadfadh daoine eile ag an imeacht iad a fheiscint agus beidh siad mar chuid den taifeadadh freisin.

Ba cheart do lucht freastail a chinntiú go leanann siad a gcuid beartais agus treoirlínte eagraíochtúla féin maidir le físchomhdháil, ionas go mbeidh a fhios acu cad iad na rialacha atá le leanúint agus na céimeanna atá le glacadh chun rioscaí cosanta sonraí a íoslaghdú. Ba cheart dóibh freisin dul i dtaithí le beartas príobháideachta an tsoláthraí seirbhíse ar líne chun iad féin a chur ar an eolas faoin gcaoi a phróiseálann an soláthraí sin sonraí pearsanta.  

Daoine Eile

Tá cur síos déanta againn thuas ar na príomhchatagóirí daoine go léir a bhfuil a sonraí pearsanta á gcoimeád againn.  Is féidir linn sonraí a choimeád faoi dhaoine nach dtagann faoi chuimsiú na gcatagóirí seo.  Mar shampla, coimeádaimid sonraí pearsanta ó thráth go chéile faoi dhaoine atá ag freastal ar chruinnithe nó imeachtaí leis an gCoimisiún.  Deimhnímid go gcaitear leis na sonraí pearsanta go léir de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus an reachtaíocht um Chosaint Sonraí. 

An méid a n-úsáidimid do shonraí dó agus an bunús dlí

Feidhmeanna faoi Acht an Reifrinn

Úsáidimid an fhaisnéis fút chun gur féidir leis an gCoimisiún tabhairt faoina fheidhmeanna faoi Acht an Reifrinn, 1998, arna leasú ag Acht an Reifrinn, 2001.

I bhfriotal eile, beidh orainn do shonraí a phróiseáil chun tabhairt faoinár ról chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a mhíniú do dhaoine an méid atá i gceist le togra an reifrinn
  • a chinntiú gurb eol do dhaoine go bhfuil reifreann á chur ar siúl
  • daoine a spreagadh chun vóta a chaitheamh sa reifreann

I dtéarmaí dlí, tá an úsáid a bhainimid as sonraí pearsanta:

  • riachtanach chun go dtugann an Coimisiún faoi thasc faoina dtugtar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil a dhílsítear sa Choimisiún
  • riachtanach ar mhaithe le leas substainteach an phobail, ar bhunús na reachtaíochta um Chosaint Sonraí, atá comhréireach, a léiríonn meas ar bhunús an chirt i dtaobh cosaint sonraí agus a sholáthraíonn bearta oiriúnacha agus sonracha chun do chearta agus leasanna bunúsacha a chosaint.

Riar ginearálta agus oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh

Coimeádaimid faisnéis fút freisin chun freagairt d’iarrataí reachtúla a dhéantar leis an gCoimisiún (ar nós iarrataí ar rochtain faoin Acht SF 2014, an tAcht um Chosaint Sonraí agus na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol).  Tá sé riachtanach é seo a dhéanamh chun oibleagáidí dlíthiúla an Choimisiúin a chomhlíonadh. 

Déanfaimid staitisticí a fhoilsiú freisin, seachas i bhfoirm a shainaithníonn duine ar bith.

Na daoine a roinnimid d’fhaisnéis leo

Roinntear faisnéis a bhaineann le teagmháil phearsanta ó ghrúpaí a dhéanann iarratas go ndéanfaí comhlachtaí faofa díobh leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ar mhaithe le fógra a thabhairt do cheann comhairimh an reifrinn agus Iris Oifigiúil ar mhaithe le torthaí iarratas a fhoilsiú, faoi mar a fhoráiltear sa reachtaíocht.

Má tá iarraidh reachtúil á déanamh go fóill ar dhíscaoileadh an Choimisiúin, aistrítear rialú ar na taifid go dtí an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Comhrialaitheoir: Faoi mar a mhínítear thuas, comhrialaitheoir sonraí áirithe a bhaineann leis na seirbhísí siúd, ar nós seirbhísí corparáideacha, airgeadas agus TFC, é Oifig an Ombudsman.  Ar mhaithe le cuspóirí um chosaint sonraí, ceaptar go ndearnadh do shonraí pearsanta a roinnt le hOifig an Ombudsman.

Anuas ar shonraí a roinnt le hOifig an Ombudsman mar chomhrialaitheoir, roinntear do shonraí leis an gCoimisiún faoi mar a leagtar amach thíos.

Roinnimid d’fhaisnéis, ar uairibh, le soláthraithe seirbhíse, aistritheoirí ina measc, mar shampla. 

A fhaide a choimeádaimid do shonraí pearsanta

Leagtar amach inár mBeartas Coinneála Taifead na tréimhsí ama do shaghsanna éagsúla taifid.  Féach an tábla thíos chun teacht ar bhreis sonraí:

Catagóirí Ábhair Shonraí

Tréimhse Choinneála

Daoine a bhfuil fiosrúcháin á ndéanamh acu

Tugtar freagra ar cheisteanna agus baintear aon rud atá le foghlaim astu agus cuirtear i gcuntas é, agus déantar aon fhaisnéis phearsanta a leasú, i mbunachar sonraí lárnach.  Nuair a dhéantar seo, scriostar taifid ar cheisteanna ríomhphoist agus gutháin 3 mhí i ndiaidh dháta vótála an reifrinn.

Baill, soláthraithe seirbhíse agus soláthraithe an Choimisiúin

Coimeádtar taifid chonartha ar aon dul le riachtanais ghnó, iniúchóireacht a d’fhéadfaí a dhéanamh agus ar feadh ar a laghad 3 mhí i ndiaidh dháta vótála an reifrinn.

Grúpaí a dhéanann iarratas go ndéanfar comhlachtaí faofa díobh ar mhaithe leis an reifreann

Ar feadh fhad fheachtas an reifrinn.  Is iad an t-aon sonraí pearsanta sonraí teagmhála an duine/na ndaoine a dhéanann ionadaíocht don ghrúpa a bhfuil iarratas á dhéanamh aige ar fhaomhadh.  Coimeádtar iarratais lena n-áirítear sonraí teagmhála ar feadh 5 mhí i ndiaidh dháta vótála an reifrinn.

 

 

Daoine a bhfuil iarrataí á ndéanamh acu faoi chórais rochtana.

 

Cruthaítear comhad i mbunachar sonraí lárnach do gach iarraidh ar rochtain.  Tá i ngach comhad an bhuniarraidh, aon chomhfhreagras a seoladh lena aithint go bhfuarthas an iarraidh nó taifid phróiseála, an fhreagairt a eisítear agus cóipeanna de thaifid faoi scóip na hiarrata. Coimeádann an Coimisiún na comhaid seo go dtí go dtugtar an próiseas rochtana chun críche nó go dtí go ndéantar an Coimisiún a dhíscaoileadh.  Má thugtar an próiseas rochtana chun críche sula ndéantar díscaoileadh, coimeádtar cóipeanna den bhuniarraidh agus den litir chinnidh ar feadh tréimhse éiginnte.  Mura dtugtar an próiseas rochtana chun críche sula ndéantar díscaoileadh, aistrítear na taifid a bhaineann leis an iarraidh go dtí an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar dhíscaoileadh an Choimisiúin.

 

Do chearta um chosaint sonraí

Tá cearta áirithe agat faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí maidir le sonraí pearsanta fút atá á gcoimeád ag an gCoimisiún.  Tagann na cearta seo aníos faoi chúinsí áirithe agus bíonn siad faoi réir srianta áirithe.  Is iad na cearta seo:

  • an ceart chun teacht ar na sonraí – tá an ceart agat chun iarraidh ar chóip de na sonraí pearsanta a choimeádaimid fút, sa mhullach ar fhaisnéis eile faoin bpróiseáil a dhéanaimid ar na sonraí pearsanta sin
  • an ceart go gceartaítear sonraí – tá an ceart agat a iarraidh go ndéantar aon sonraí pearsanta míchruinne a cheartú agus go ndéantar sonraí neamhiomlána a iomlánú
  • an ceart go scriostar sonraí (nó an ceart go ligfear sonraí i ndearmad) – tá an ceart agat a iarraidh go ndéantar aon sonraí pearsanta a scriosadh
  • an ceart go sriantar próiseáil nó go gcuirtear in aghaidh próiseála – tá an ceart agat a iarraidh go sriantar an úsáid a bhainimid as do shonraí nó an phróiseáil a dhéanaimid ar do shonraí nó chun cur in aghaidh na próiseála a dhéanaimid ar do shonraí  Níl an ceart agat chun agóid a dhéanamh in aghaidh próiseáil a dhéanann an Coimisiún ar do shonraí pearsanta a bhaineann le do thuairim pholaitiúil.
  • an ceart i dtaobh iniomparthacht sonraí – tá an ceart agat a iarraidh go dtugtar sonraí pearsanta duit nó do dhuine eile i bhfoirm inaistrithe nó atá inléite ag meaisín.
  • má tá do shonraí pearsanta á gcoimeád againn ar bhunús do thoilithe (nó i ndiaidh duit toiliú soiléir a thabhairt), tá an ceart agat an toiliú sin a aistarraingt ag aon tráth.

Más mian leat aon chinn de do chearta a fheidhmiú, déan teagmháil, le do thoil, le:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

Ríomhphost: dataprotection@ombudsman.ie

An ceart atá agat chun gearán a dhéanamh

Déanaimid iarracht chun na caighdeáin is airde a bhaint amach nuair a bhíonn faisnéis phearsanta á bailiú agus á húsáid againn. Ar an gcúis seo, caithimid le haon ghearáin a dhéantar linn maidir leis seo mar ábhar an-tromchúiseach. Spreagaimid daoine a chur in iúl dúinn má cheapann siad go bhfuil an fhaisnéis a bhailímid nó a úsáidimid éagórach, míthreorach nó míchuí.

Tá an ceart agat freisin chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí.   Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

Láithreán gréasáin: www.dataprotection.ie

Ríomhphost: info@dataprotection.ie

Guthán:  (0761) 104 800; Íosghlao: 1890 25 22 31. 

Seoladh Poist: 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28. 

Faisnéis bhreise

Rinneadh an fógra príobháideachais seo a dhréachtú agus béim ar shoiléireacht. Ní sholáthraítear ann sonraí iomlána faoi gach gné de bhailiú agus úsáid faisnéise pearsanta ag an gCoimisiún. Táimid sásta, áfach, chun aon fhaisnéis nó míniú breise a sholáthar a theastaíonn. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn. 

Fianáin a úsáid

Úsáidimid uirlis fianán ar ár láithreán gréasáin chun toiliú a fháil do na fianáin a úsáidimid. Déanann an uirlis fianáin atá riachtanach ar mhaithe le feidhmiúlacht, slándáil agus inrochtaineacht a shocrú agus ní scriosann sé iad. Is féidir leat níos mó eolais a léamh faoi conas a úsáidimid fianáin, agus conas do roghanna fianán a athrú ar ár leathanach Fianán.

Sainmhíniú

Ciallaíonn Toiliú an ábhair shonraí aon léiriú sonrach agus eolach a dhéantar gan srian i dtaobh mhianta an ábhair shonraí a thugann comhaontú le sonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáil, trí ráiteas nó trí ghníomh soiléir deimhneach.

Ciallaíonn Rialaitheoir an duine nádúrtha nó dlíthiúil, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a dheimhníonn leis féin nó le comhlachtaí/daoine eile, cuspóirí agus bealaí próiseála sonraí pearsanta; nuair a dheimhnítear i ndlí Aontais nó Ballstáit cuspóirí agus bealaí na próiseála sin, is féidir foráil a dhéanamh i ndlí Aontais nó Ballstáit don rialaitheoir nó do na critéir shonracha lena n-ainmniú.

An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 I measc rudaí eile, bronntar éifeacht bhreise san Acht seo ar an RGCS (féach thíos) i limistéir ina gceadaítear solúbthacht Bhallstáit. 

Oifigeach Cosanta Sonraí Ceanglaítear sa RGCS ar roinnt eagraíochtaí chun Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a ainmniú.  Luaitear in Airteagal 39 den RGCS “beidh na tascanna seo a leanas, ar a laghad,” ag an oifigeach cosanta sonraí:

  1. eolas agus comhairle a sholáthar don rialaitheoir nó don próiseálaí agus do na fostaithe a thugann faoi phróiseáil ar a n-oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo agus de bhun forálacha eile um chosaint sonraí Aontais nó Ballstáit;
  2. monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, comhlíonadh forálacha um chosaint sonraí eile Aontais nó Ballstáit agus bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le sonraí pearsanta a chosaint, freagrachtaí a shannadh, feasacht a mhúscailt agus oiliúint a chur ar an bhfoireann atá bainteach in oibríochtaí próiseála, agus na hiniúchtaí gaolmhara ina measc;
  3. comhairle a sholáthar nuair a iarrtar maidir leis an mheasúnacht tionchair um chosaint sonraí agus monatóireacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 35;
  4. comhoibriú leis an údarás maoirseachta;
  5. gníomhú mar an pointe teagmhála don údarás maoirseachta maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, an comhairliúchán a rinneadh roimhe seo ina measc a dtagraítear dó in Airteagal 36, agus chun dul i gcomhairle, sa chás gur cuí, i dtaobh aon cheiste eile.”

Ciallaíonn Ábhar Sonraí an duine nádúrtha a sainaithníodh nó inaitheanta lena mbaineann na sonraí pearsanta – féach freisin an sainmhíniú ar shonraí pearsanta thíos.

Rialachán an AE é an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) a bhaineann le cosaint sonraí a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018. 

Comhrialaitheoir  Nuair a chomhdheimhníonn beirt rialaitheoirí nó níos mó (féach thuas) cuspóirí agus bealaí próiseála, is comhrialaitheoirí iad.

Ciallaíonn Sonraí Pearsanta aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó inaitheanta (‘ábhar sonraí’); duine atá i nduine inaitheanta nádúrtha ar féidir é/í a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt d’aitheantóir ar nós ainm, uimhir aitheantais, sonraí láithreach, aitheantóir ar líne nó do thoisc amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le haitheantas fisiciúil, fiseolaíoch, géiniteach, meabhrach, geilleagrach, cultúrtha nó sóisialta an duine nádúrtha sin.

Ciallaíonn Próiseáil aon oibríocht nó sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna sonraí pearsanta, cé acu ar bhealaí uathoibrithe nó a mhalairt, ar nós bailiú, taifeadta, eagrú, struchtúrú, stórála, oiriúnú nó athrú, aisghabhála, comhairliúcháin, úsáide, nochta trí tharchur, scaipthe nó a chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó measctha, srianta, scriosta nó millte.

Ciallaíonn Catagóirí Speisialta de Shonraí Pearsanta sonraí pearsanta a nochtann bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fhealsúnacha, ballraíocht de cheardchumann, agus sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha, sonraí a bhaineann le sláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

Arna Chruthú:  Bealtaine 2018  
Arna Athrú:  Deireadh Fómhair 2019
Arna Athrú: Samhain 2020