An Reifreann Leanaí
Reáchtáladh reifreann an 10 Samhain 2012 maidir le togra leis an mBunreacht a leasú trí airteagal nua 42A a chur isteach agus airteagal 42.5 a bhaint amach. Bhí ceithre phríomhchuid i gceist leis an togra.
Ar dtús, dá bhfaomhfaí an t-athrú, d’admhálfaí go follasach sa Bhunreacht go bhfuil cearta ag leanaí, agus go bhfuil oibleagáid ar an Stát na cearta sin a chosaint agus a shuíomh sa mhéad is infheidhmithe é.
An dara hathrú is ea go ndéanfaí roinnt athruithe ar an bhforáil bhunreachtúil atá ann faoi láthair i ndáil le hidirghabháil an Stáit i gcásanna eisceachtúla go mainníonn tuismitheoirí ina ndualgas do leanbh.
An tríú pointe is ea go gciallódh sé go gcaithfeadh an stát reachtaíocht a rith lena gceadófaí uchtú aon linbh, lena n-áirítear trí shuíomh saorálach, cibé má tá na tuismitheoirí pósta le chéile nó nach bhfuil. D’éileofaí leis an athrú freisin go gceadófaí, leis an dlí, aon leanbh a uchtú i gcás gur mhainnigh na tuismitheoirí, ar feadh tréimhse ama a shonrófaí sa dlí, ina ndualgas don leanbh, agus i gcás gurb é an t-uchtú an rogha is fearr ar mhaithe le leas an linbh.
Ar deireadh, leis an athrú, chuirfí d'oibleagáid ar an Stát dlíthe a rith lena gceanglófaí ar na cúirteanna barr leasa an linbh a bhreithniú mar an rud is tábhachtaí agus cinntí á ndéanamh in imeachtaí áirithe a bhaineann le sábháilteacht, leas, uchtú, caomhnóireacht, nó coimeád linbh, nó rochtain air nó uirthi. Chiallódh na hathruithe freisin go gcaithfeadh an Stát dlíthe a rithe lena gceanglófaí ar na cúirteanna, i gcásanna is infheidhmithe, dearcaí linbh a dhéanamh amach agus a chur san áireamh, agus aird á tabhairt ar a aois agus leibhéal a aibíochta nó ar a haois agus leibhéal a haibíochta sula ndéanfaí cinntí dá leithéid.
D’fhaomh muintir na hÉireann an togra.
Íoslódáil an treoirTuarascáil
Féadfaidh tú tuarascáil an Choimisiúin Reifrinn a léamh ar líne nó cóip PDF den tuarascáil a íoslódáil.
Íoslódáil