Déanann an Breitheamh Onórach Tara Burns cur i láthair do scoláirí ag Ionad Bhaile Átha Cliath don Fhoghlaim Aosach

Dé Máirt 14 Bealtaine:  Mhol Cathaoirleach an Choimisiúin Reifrinn, an Breitheamh Onórach, Tara Burns do gach vótálaí a chinntiú go bhfaigheann siad cluas éisteachta sa reifreann ar an 24 Bealtaine.

Ag labhairt di inniu ag Ionad Bhaile Átha Cliath don Fhoghlaim Aosach i gCearnóg Mhuinseo dúirt sí: “Is le muintir na hÉireann an Bunreacht agus ní féidir le haon duine é a athrú ach iad féin, ní an Rialtas, polaiteoirí ná na cúirteanna. Mar sin féin is iad na daoine a chaithfidh a vóta amháin a bheidh in ann difear a dhéanamh. Tá cohóirt vótálaithe nach dtéann amach ag vótáil a thugann deis níos fearr do dhaoine eile guth a bheith acu maidir le dlí bunúsach na tíre.”

Bhí sí ag labhairt i dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath Láir áit ina mbíonn an líon is lú vótálaithe sa Stát go minic i reifrinn. Cuir i gcás sa reifreann deiridh (Deireadh Fómhair 2018 maidir le Diamhasla) tháinig 31.8% díobh sin atá cláraithe i mBaile Átha Cliath Láir amach le vóta a chaitheamh i gcomparáid le figiúr náisiúnta de 43.8%.  Sa reifreann roimhe sin (Bealtaine 2018 maidir le foirceannadh toirchis) tháinig 51.5% amach i mBaile Átha Cliath Láir chun vóta a chaitheamh i gcomparáid le 64.1% go náisiúnta.

“Tá an oiread baint agaibhse leis an mBunreacht seo is atá ag aon duine eile”, a dúirt sí leis na scoláirí.  “Ach mura gcaitheann sibh bhur vóta, tá sibh ag tabhairt deis do dhaoine eile na cinntí tábhachtacha a dhéanamh ar bhur son.”

Ag cur fáilte roimh an mBreitheamh Onórach dúirt Stiúrthóir an Ionaid an tUasal Mary Maher: “Tá ríméad orainn gur thug an Coimisiún Reifrinn cuairt orainn chun an teachtaireacht thábhachtach seo a thabhairt dúinn.  Cuid lárnach den oideachas aosach is ea rannpháirtíocht shibhialta agus saoránacht ghníomhach a spreagadh, agus cuid lárnach de rannpháirtíocht sa tsochaí is ea do vóta a chaitheamh.”

Dúirt an Breitheamh Onórach Burns go mbaineann an reifreann le colscaradh a rialáil.  “Tá dhá chuid i gceist leis an togra chun an Bunreacht a athrú. Baineann an chéad chuid den togra leis an riachtanas go mbeadh céilí ina gcónaí ar leithligh óna chéile ar feadh ceithre bliana ar a laghad le linn na gcúig bliana roimhe sin sula féidir leo iarratas a dhéanamh ar cholscaradh.  Má ritear an togra, ciallóidh sé go mbeidh an tOireachtas in ann reachtaíocht a cheapadh maidir leis an tsaincheist seo sa todhchaí.

“Baineann an dara cuid den togra le colscarthaí coigríche.  Luaitear i bhforáil den Bhunreacht nach féidir le duine a bhfuil colscaradh coigríche aige nach n-aithnítear sa Stát pósadh in athuair.  Is é atá sa togra seo an fhoráil sin a bhaint as an mBunreacht agus foráil a chur ina áit ina luaitear go sainráite gur féidir leis an Oireachtas reachtaíocht a cheapadh chun colscarthaí coigríche a aithint.”

Icon display: Contact us

Contact Us

If you have a comment on our website, or you have a complaint, please use the contact us form.