Spreagann an Breitheamh Tara Burns clárú vótálaithe roimh an reifreann maidir le colscaradh a rialáil ar an 24 Bealtaine

Dé Luain, 29 Aibreán 2019:  Thréaslaigh an Coimisiún Reifrinn leis an 2,400 duine a ndearnadh saoránaigh Éireannacha díobh ag searmanais i gCill Airne inniu, ag rá leo gur féidir leo vóta a chaitheamh anois i reifreann maidir le Bunreacht na hÉireann ar an 24 Bealtaine.

Ag labhairt inniu ag na searmanais shaoránachta, dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin an Breitheamh Tara Burns: “Is rud iontach é a bheith i do shaoránach Éireannach ach cuireann sé dualgas poiblí orainn ar fad freisin a bheith páirteach agus páirt a ghlacadh inár sochaí.  Bealach amháin gur féidir leat an dualgas poiblí sin a chomhlíonadh is ea do vóta a chaitheamh sa reifreann atá ag teacht aníos ina bhfuil sé beartaithe ár mBunreacht a athrú.”

Tá sé de cheart ag daoine a chónaíonn in Éirinn vóta a chaitheamh i gcineálacha éagsúla toghchán, ach ní féidir ach le saoránaigh vóta a chaitheamh i reifreann ina mbeartaítear athruithe a dhéanamh ar an mBunreacht. Tá rochtain ar an suíomh gréasáin checktheregister.ie ar fhoirmeacha is féidir a íoslódáil trínar féidir leat clárú den chéad uair, nó do stádas a athrú chun do shaoránacht a léiriú.  Má chomhlánaíonn agus má sheolann saoránaigh nua na foirmeacha seo ar ais faoin 7 Bealtaine, beidh siad i dteideal vóta a chaitheamh sa reifreann maidir le colscaradh a rialáil ar an 24 Bealtaine.

“Is leatsa an Bunreacht seo anois freisin”, a dúirt an Breitheamh Burns.  “Ní féidir ach le saoránaigh na hÉireann é a athrú. Ní féidir leis an rialtas ná leis na polaiteoirí é a athrú.  Is agatsa amháin atá an chumhacht chun an Bunreacht a athrú nó a choinneáil mar atá.”  Bhí sí ag labhairt le 2,400 duine as timpeall 90 tír éagsúla a fuair a dteastais saoránachta inniu.

Dúirt sí go mbaineann an reifreann le colscaradh a rialáil.  “Tá dhá chuid i gceist leis an togra chun an Bunreacht a athrú. Baineann an chéad chuid den togra leis an riachtanas go mbeadh céilí ina gcónaí ar leithligh óna chéile ar feadh ceithre bliana ar a laghad le linn na gcúig bliana roimhe sin sula féidir leo iarratas a dhéanamh ar cholscaradh.  Má ritear an togra, ciallóidh sé go mbeidh an tOireachtas in ann reachtaíocht a cheapadh maidir leis an tsaincheist seo sa todhchaí.

“Baineann an dara cuid den togra le colscarthaí coigríche.  Luaitear i bhforáil den Bhunreacht nach féidir le duine a bhfuil colscaradh coigríche aige nach n-aithnítear sa Stát pósadh in athuair.  Is é atá sa togra seo an fhoráil sin a bhaint as an mBunreacht agus foráil a chur ina áit ina luaitear go sainráite gur féidir leis an Oireachtas reachtaíocht a cheapadh chun colscarthaí coigríche a aithint.”

Críoch

Icon display: Téigh i dteagmháil

Téigh i dTeagmháil Linn

Má tá barúil agat faoinár suíomh gréasáin, nó má tá gearán agat, bain úsáid as an bhfoirm téigh i dteagmháil linn.