Togra reifreann

Is é atá beartaithe dhá chuid ar leith den Bhunreacht a bhaineann le colscaradh a athrú, i reifreann amháin. 

An chéad athrú a mholtar ná Airteagal 41.3.2.˚ i den Bhunreacht a bhaint amach, ina bhfolaítear gur gá go mbeadh daoine a bhfuil colscaradh á lorg acu ina gcónaí ar leithligh óna gcéile ar feadh ceithre bliana ar a laghad le linn na gcúig bliana roimhe sin. Dá mbainfí an chuid sin den Bhunreacht, bheadh an colscaradh fós ceadaithe in Éirinn, ach ní bheadh aon tagairt sa Bhunreacht don fhad is gá do dhaoine a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar an gcúirt ar cholscaradh a bheith ina gcónaí ar leithligh óna chéile.

Is é an dara cuid den Bhunreacht a mholtar a athrú Airteagal 41.3.3˚.  Foráiltear san Airteagal sin nach féidir le duine a fuair colscaradh eachtrach nach n-aithnítear in Éirinn pósadh arís anseo go dlíthiúil fad is beo dá gcéile.  Níor chosc an leagan reatha d’Airteagal 41.3.3 an tOireachtas ó reachtaíocht a rith maidir le haitheantas colscarthaí eachtracha. Is é an t-athrú atá á moladh ná Airteagal 41.3.3˚ reatha a ionadú le hAirteagal 41.3.3˚ nua ina luaitear go sonrach gur féidir leis an Oireachtas reachtaíocht a rith chun colscarthaí eachtracha a aithint. Bhainfeadh an fhoclaíocht bheartaithe ionaid an fhoclaíocht reatha sa Bhunreacht a choisceann go sonrach duine a bhfuil colscaradh eachtrach aige nach n-aithnítear sa Stát ó phósadh arís.  Ach coiscfidh dlí na hÉireann go fóill duine a bhfuil a phósadh bailí faoi dhlí na hÉireann ó dhuine eile a phósadh.

Ní féidir. Tá an dá chuid sa togra céanna chun an Bunreacht a leasú.  Ciallaíonn seo má bhíonn vóta Tá ann, go n-athróidh an dá chuid.  Má bhíonn vóta Níl ann, ní athróidh aon chuid.

Ní cheadaíonn. Ní bhainfidh vóta Tá ná Níl Airteagal 41.3.2 lena gceadaítear an colscaradh ón mBunreacht.  Beidh an colscaradh fós dlíthiúil in Éirinn is cuma cén toradh a bheidh ar an reifreann.  

Tréimhse ina gcónaí ar leithligh

Má bhíonn vóta Níl ann, leanfadh an Bunreacht ar aghaidh ag lua gur gá go mbeadh daoine a bhfuil colscaradh á lorg acu a bheith ina gcónaí ar leithligh óna gcéile ar feadh ceithre bliana ar a laghad le linn na gcúig bliana roimhe sin sula féidir leo iarratas a dhéanamh ar cholscaradh.

Má bhíonn vóta Tá ann, ní bheadh aon tagairt sa Bhunreacht a thuilleadh maidir leis an bhfad ar ghá do dhaoine cónaí ar leithligh óna chéile sular féidir leo iarratas a dhéanamh ar cholscaradh.  Is faoin Oireachtas a bheadh sé dlíthe a rith a dhéileálfadh leis sin.

Faoi láthair, athluaitear an riachtanas maidir le bheith ina gcónaí ar leithligh a leagtar amach sa Bhunreacht in alt 5 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996 agus éilítear ann go mbeadh céilí ina gcónaí ar leithligh óna chéile ar feadh ceithre bliana ar a laghad le linn na gcúig bliana roimhe sin sula féidir leo iarratas a dhéanamh ar cholscaradh.  Má bhíonn vóta Tá, d’fhéadfadh an tOireachtas an fhoráil sin a leasú.

Leagtar amach an riachtanas go mbeadh céilí ina gcónaí ar leithligh óna chéile ar feadh ceithre bliana ar a laghad le linn na gcúig bliana roimhe sin sula féidir leo iarratas a dhéanamh ar cholscaradh sa reachtaíocht agus sa Bhunreacht.  Má bhíonn vóta Tá ann, ní bheadh an riachtanas seo sa Bhunreacht a thuilleadh ach bheadh sé fós sa reachtaíocht.  Ciallaíonn sé sin go bhfanfaidh an tréimhse scartha ag ceithre bliana ar a laghad as na cúig bliana roimhe sin mura n-athraítear agus go dtí go n-athraítear an dlí.

Tá sé ráite ag an Rialtas, má bhíonn vóta Tá ann, go molfaidh siad dlí go mbeidh ar chéilí a bheith ina gcónaí ar leithligh óna chéile ar feadh dhá bhliain ar a laghad as na trí bliana roimhe sin sular féidir leo iarratas a dhéanamh ar cholscaradh, seachas an riachtanas reatha gur gá dóibh a bheith ina gcónaí ar leithligh ar feadh ceithre bliana ar a laghad as na cúig bliana roimhe sin. Chaithfeadh tromlach na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí tacú le tairiscintí ar bith de chuid an Rialtais sula bhféadfaí dlí a dhéanamh díobh. 

Ciallaíonn.  Má éiríonn le vóta Tá bheadh an chumhacht ag an Oireachtas athrú a dhéanamh ar an bhfad ama is gá go mbeadh céilí ina gcónaí ar leithligh sular féidir leo iarratas a dhéanamh ar cholscaradh. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an tOireachtas an fad ama sin a athrú sa todhchaí.

Ní gá go mbeadh.  Is iad na focail atá sa Bhunreacht “ina gcónaí ar leithligh”.  Aithnítear sna breitheanna reatha sna cúirteanna maidir le colscaradh gur féidir le daoine a bheith “ina gcónaí ar leithligh” má bhíonn siad ina gcónaí in áiteanna difriúla nó má bhíonn saol ar leithligh acu cé go gcónaíonn siad faoin díon céanna, sa mhéid is nach roinneann siad aon cheann de ghnéithe normálta an tsaoil laethúil. Ar an gcaoi chéanna, ní hionann daoine pósta a bheith ina gcónaí in áiteanna ar leithligh agus a bpósadh a bheith briste suas. Beidh rúin na gcéilí agus a meon i leith an phósta tábhachtach chuige sin. Cinneann cúirt a bhfuil cinneadh á dhéanamh aici maidir le colscaradh a bhronnadh an bhfuil lánúin ina gcónaí ar leithligh. 

Ní athróidh. Is iad na forálacha eile in Airteagal 41.3.2˚ ná féadfaidh cúirt colscaradh a thabhairt sa chás gur deimhin léi:

  • nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí,
  • go bhfuil socrú cuí ann, nó go ndéanfar socrú cuí, le haghaidh na gcéilí, le haghaidh aon leanaí le ceachtar acu nó leis an mbeirt acu agus le haghaidh aon duine eile a bheidh forordaithe le dlí, agus
  • go gcomhlíontar aon choinníollacha breise a bheidh forordaithe le dlí.

Ní athróidh na forálacha seo i gcás vóta Tá nó Níl sa reifreann seo.

Colscaradh eachtrach

Ní fhéadfadh. Ní féidir le duine a n-aithnítear a phósadh sa stát agus a bhfuil colscaradh eachtrach aige nach n-aithnítear sa Stát pósadh arís.  

Aithnítear. Aithnítear roinnt colscarthaí eachtracha sa Stát i gcúinsí áirithe.  Tá rialacha aitheantais éagsúla i gceist ag brath ar cén áit agus cén uair a fuarthas an colscaradh eachtrach. 

Is cion coiriúil atá ann faoi alt 57 den Offences Against the Person Act 1861 a bheith pósta le níos mó ná duine amháin ag an am céanna.

Ní aithníonn. Is é saintréith an phósta mar a shamhlaítear sa Bhunreacht é gurb é atá ann go n-iontrálann beirt i dtiomantais phearsanta agus dhlíthiúla dhéthaobhacha ar bhunús comhpháirtíochta cothroime idir an bheirt sin, a bhfuil sé de chumas ag an mbeirt díobh iontráil sna tiomantas sin, de réir na riachtanas arna leagan síos ag an dlí.  Luaitear in Airteagal 41.4 gur féidir le “beirt” conradh pósta a dhéanamh. Chinn an Chúirt Uachtarach go mbeadh aitheantas ar phósadh polagamach i gcontrátha leis an mbunphrionsabal bunreachtúil go bhfuil an pósadh idir beirt agus go mbeadh sé i gcontrátha le beartas poiblí freisin. 

Tá rialacha aitheantais éagsúla i gceist ag brath ar cén áit agus cén uair a bronnadh an colscaradh eachtrach.

Colscaradh Eachtrach a fuarthas roimh an 2 Deireadh Fómhair 1986

Aithneofar colscaradh eachtrach a bronnadh roimh an 2 Deireadh Fómhair 1986 sa dlínse seo faoin dlí coiteann chomh fada is gur bronnadh é i gcúirteanna stáit ina raibh duine amháin de na céilí ina shainchónaí ann tráth ar tosaíodh na himeachtaí colscartha.

Colscaradh Eachtrach a fuarthas tar éis an 2 Deireadh Fómhair 1986

Aithneofar colscaradh eachtrach a bronnadh tar éis an 2 Deireadh Fómhair 1986 sa dlínse seo faoi alt 5(1) den Acht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche, 1986 chomh fada is gur bronnadh é i gcúirteanna stáit ina raibh duine amháin de na céilí ina shainchónaí tráth ar tosaíodh na himeachtaí colscartha.

Colscaradh Eachtrach a fuarthas i stát san Aontas Eorpach, seachas an Danmhairg, a bronnadh tar éis an 1 Márta 2001 ach roimh an 1 Márta 2005

Aithneofar colscaradh eachtrach a bronnadh tar éis an 1 Márta 2001 ach roimh an 1 Márta 2005 a fuarthas i stát san Aontas Eorpach (seachas an Danmhairg) ar bhonn gnáthchónaí de réir théarmaí Rialachán II na Bruiséile (Rialachán AE ón gComhairle (CE) Uimh. 1347/2000).

Colscaradh Eachtrach a fuarthas i stát san Aontas Eorpach, seachas an Danmhairg, a bronnadh tar éis an 1 Márta 2005

Aithneofar colscaradh eachtrach a bronnadh tar éis an 1 Márta 2005 a fuarthas i stát san Aontas Eorpach (seachas an Danmhairg) ar bhonn gnáthchónaí de réir théarmaí Rialachán II bis na Bruiséile (Rialachán AE ón gComhairle (CE) Uimh. 2201/2003).

Sainmhínítear ‘sainchónaí’ i gcásanna colscartha amhail áit ina bhfuil baile seasta nó buan ag duine lena bhfuil rún aige nó aici filleadh air nuair a bhíonn sé nó sí imithe as.  Braitheann sainchónaí dá bhrí sin ar chónaí fisiciúil agus ar rún fanacht ann.

Faoi Rialachán II bis na Bruiséile (Rialacháin AE ón gComhairle (CE) Uimh.1347/2000 agus Uimh.2201/2003), bíonn gnáthchónaí ar chéile a bhfuil iarratas á dhéanamh aige ar cholscaradh, má bhí sé ina chónaí sa Bhallstát sin ar feadh bliana sula ndéanann sé iarratas ar an gcolscaradh (nó ar feadh sé mhí más náisiúnach é den stát ábhartha).

Ciallaíonn. D’achtaigh an tOireachtas an tAcht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche, 1986, agus tá sé de chumhacht aige an tAcht sin a choimeád nó a athrú, nó tuilleadh reachtaíochta a rith.

Má bhíonn vóta Níl ann, leanfaidh an Bunreacht ag lua go sonrach nach féidir le daoine a n-aithnítear a bpóstaí i ndlí na hÉireann ach nach n-aithnítear a gcolscarthaí eachtracha in Éirinn pósadh arís go dlíthiúil in Éirinn fad is a bhíonn a gcéile beo.   

Ciallaíonn.  Dúirt an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais go bhfuil sé i gceist aige dlíthe a mholadh ionas go mbeidh na rialacha maidir le haitheantas colscarthaí eachtracha níos comhsheasmhaí. Is ceist do Theachtaí Dála agus Seanadóirí iad cibé dlíthe a ritear, más ann dóibh. Ach fanfaidh aon dlíthe maidir le colscarthaí eachtracha mar atá anois mura ritear agus go dtí go ritear dlíthe nua.  Aithnítear roinnt colscarthaí eachtracha sa Stát cheana féin i gcúinsí áirithe.

An Bunreacht agus dlí reatha

Is é Bunreacht na hÉireann an doiciméad ina leagtar amach an creat don chaoi a bhfuil Stát na hÉireann le rialú, mar aon le roinnt cearta bunúsacha. 

Is é an chéad chéim maidir le dlí a dhéanamh ná Bille a chur i dtoll a chéile. Moltar Bille san Oireachtas, agus ansin déantar díospóireacht faoi.  Má ritheann an Dáil agus an Seanad é, cuirtear faoi bhráid an Uachtaráin é ansin le síniú. A luaithe is a shínítear Bille, bíonn sé ina dhlí.

Ní mór go gcloífeadh reachtaíocht a ritheann an tOireachtas leis an mBunreacht. Ní ceadmhach don Oireachtas aon dlí a achtú atá contrátha leis an mBunreacht.  Má thugtar dúshlán do phíosa reachtaíochta, féadfaidh na Cúirteanna a dhearbhú go bhfuil sé neamhbhailí má chinntear go bhfuil sé i gcoimhlint leis an mBunreacht.

Nuair a chuirtear Bille faoi bhráid an Uachtaráin le síniú, féadfaidh sé nó sí é a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach chun cinneadh cibé an bhfuil an Bille i gcoimhlint leis an mBunreacht.

Má chuirtear Bille ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach, ní mór don Chúirt cinneadh cibé an bhfuil nó nach bhfuil an Bille i gcoimhlint leis an mBunreacht.

Ní féidir ach leis an bpobal an Bunreacht a athrú i reifreann.  Cuirtear tús le gach togra chun an Bunreacht a leasú mar Bhille i nDáil Éireann. Nuair a ritheann tromlach den Dáil agus den Seanad an Bille chun an Bunreacht a leasú, cuirtear faoi bhráid na ndaoine é i reifreann. Má vótálann tromlach díobh siúd a bheidh ag vótáil sa reifreann i bhfabhar an togra, ansin síníonn an tUachtarán an Bille agus tá an Bunreacht leasaithe

Luaitear in Airteagal 15.1.2˚ den Bhunreacht gurb Uachtarán agus dhá Theach atá san Oireachtas, Dáil Éireann agus Seanad Éireann.

Dáil Éireann

Cuimsítear leis an Dáil i láthair na huaire 158 Teachta Dála atá tofa as 40 dáilcheantar difriúil.

Seanad Éireann

Tá 60 Seanadóirí i Seanad Éireann.  Toghtar ceathracha is a trí acu ar cúig phainéal a dhéanann ionadaíocht ar leasanna gairme difriúla. Toghann céimithe as dhá ollscoil seisear de na seanadóirí – triúr as Ollscoil Náisiúnta na hÉireann agus triúr as Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide). Ainmníonn an Taoiseach aon duine dhéag acu.

An tUachtarán

Is é an tUachtarán ceannaire an Stáit.  Tá roinnt feidhmeanna bunreachtúla tábhachtacha aige nó aici lena n-áirítear Billí a shíniú ina ndlí, agus ag cinneadh cibé ar cheart nó nár cheart Bille a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach chun cinneadh cibé an bhfuil sé bunreachtúil nó nach bhfuil. Ina theannta sin, tá ról searmanais ag an Uachtarán.

Sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 41 den Bhunreacht dar teideal ‘An Teaghlach’

Laistigh den Airteagal sin, deirtear in Airteagal 41.3.1: “Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.”

Deirtear in Airteagal 41.4: “Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.”

Ní mholtar go ndéanfaí aon athrú ar na forálacha sin sa reifreann seo, ach go n-athrófaí na forálacha maidir le colscaradh. 

 

Deirtear in Airteagal 41.3.2˚:

Féadfaidh Cúirt a bheidh ainmnithe le dlí scaoileadh ar phósadh a thabhairt sa chás, ach sa chás amháin, gur deimhin léi –

i go raibh, ar dháta thionscnamh na n-imeachtaí, tréimhse ceithre bliana ar a laghad, nó tréimhsí ceithre bliana ar a laghad san iomlán, caite ag na céilí ina gcónaí ar leithligh óna chéile le linn na gcúig bliana roimhe sin,

ii nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí,

iii go bhfuil cibé socrú ann, nó go ndéanfar cibé socrú, is dóigh leis an gCúirt a bheith cuí ag féachaint do na himthosca, le haghaidh na gcéilí, le haghaidh aon leanaí le ceachtar acu nó leis an mbeirt acu agus le haghaidh aon duine eile a bheidh forordaithe le dlí, agus

iv go gcomhlíontar aon choinníollacha breise a bheidh forordaithe le dlí.

Deirtear in Airteagal 41.3.3˚

I gcás pósadh duine ar bith a scaoileadh faoi dhlí shibhialta aon Stáit eile agus an pósadh sin, agus bail dlí air, a bheith ann fós faoin dlí a bheas i bhfeidhm in alt na huaire taobh istigh de dhlínse an Rialtais agus na Parlaiminte a bhunaítear leis an mBunreacht seo, ní fhéadfaidh an duine sin pósadh ar a mbeadh bail dlí a dhéanamh taobh istigh den dlínse sin an fad is beo don duine eile a bhí sa chuing phósta a scaoileadh amhlaidh.

Is cion coiriúil atá ann faoi alt 57 den Offences Against the Person Act 1861 a bheith pósta le níos mó ná duine amháin ag an am céanna.

Ní aithníonn. Is é saintréith an phósta mar a shamhlaítear sa Bhunreacht é gurb é atá ann go n-iontrálann beirt i dtiomantais phearsanta agus dhlíthiúla dhéthaobhacha ar bhunús comhpháirtíochta cothroime idir an bheirt sin, a bhfuil sé de chumas ag an mbeirt díobh iontráil sna tiomantas sin, de réir na riachtanas arna leagan síos ag an dlí.  Luaitear in Airteagal 41.4 gur féidir le “beirt” conradh pósta a dhéanamh. Chinn an Chúirt Uachtarach go mbeadh aitheantas ar phósadh polagamach i gcontrátha leis an mbunphrionsabal bunreachtúil go bhfuil an pósadh idir beirt agus go mbeadh sé i gcontrátha le beartas poiblí freisin. 

Tá rialacha aitheantais éagsúla i gceist ag brath ar cén áit agus cén uair a bronnadh an colscaradh eachtrach.

Colscaradh Eachtrach a fuarthas roimh an 2 Deireadh Fómhair 1986

Aithneofar colscaradh eachtrach a bronnadh roimh an 2 Deireadh Fómhair 1986 sa dlínse seo faoin dlí coiteann chomh fada is gur bronnadh é i gcúirteanna stáit ina raibh duine amháin de na céilí ina shainchónaí ann tráth ar tosaíodh na himeachtaí colscartha.

Colscaradh Eachtrach a fuarthas tar éis an 2 Deireadh Fómhair 1986

Aithneofar colscaradh eachtrach a bronnadh tar éis an 2 Deireadh Fómhair 1986 sa dlínse seo faoi alt 5(1) den Acht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche, 1986 chomh fada is gur bronnadh é i gcúirteanna stáit ina raibh duine amháin de na céilí ina shainchónaí tráth ar tosaíodh na himeachtaí colscartha.

Colscaradh Eachtrach a fuarthas i stát san Aontas Eorpach, seachas an Danmhairg, a bronnadh tar éis an 1 Márta 2001 ach roimh an 1 Márta 2005

Aithneofar colscaradh eachtrach a bronnadh tar éis an 1 Márta 2001 ach roimh an 1 Márta 2005 a fuarthas i stát san Aontas Eorpach (seachas an Danmhairg) ar bhonn gnáthchónaí de réir théarmaí Rialachán II na Bruiséile (Rialachán AE ón gComhairle (CE) Uimh. 1347/2000).

Colscaradh Eachtrach a fuarthas i stát san Aontas Eorpach, seachas an Danmhairg, a bronnadh tar éis an 1 Márta 2005

Aithneofar colscaradh eachtrach a bronnadh tar éis an 1 Márta 2005 a fuarthas i stát san Aontas Eorpach (seachas an Danmhairg) ar bhonn gnáthchónaí de réir théarmaí Rialachán II bis na Bruiséile (Rialachán AE ón gComhairle (CE) Uimh. 2201/2003).

Ceisteanna Coitianta Ginearálta

Foghlaim níos mó anseo