Is é an chéad chéim maidir le dlí a dhéanamh ná Bille a chur i dtoll a chéile.  Moltar Bille san Oireachtas, agus ansin déantar díospóireacht faoi. Má ritheann dhá Theach an Oireachtais é, cuirtear faoi bhráid an Uachtaráin é ansin le síniú.

A luaithe is a shínítear Bille, bíonn sé ina dhlí.

Leagtar bundlíthe an Stáit síos sa Bhunreacht. Ní mór go gcloífeadh reachtaíocht a ritheann an tOireachtas leis an mBunreacht. Ní ceadmhach don Oireachtas aon dlí a achtú atá contrátha leis an mBunreacht. Má thugtar dúshlán do phíosa reachtaíochta, féadfaidh na Cúirteanna a dhearbhú go bhfuil sé neamhbhailí má chinntear go bhfuil sé i gcoimhlint leis an mBunreacht.

Nuair a chuirtear Bille faoi bhráid an Uachtaráin le síniú, féadfaidh sé nó sí é a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach chun cinneadh cibé an bhfuil an Bille i gcoimhlint leis an mBunreacht.  Ní mór don Uachtarán dul i gcomhairle le comhlacht ar a dtugtar an Chomhairle Stáit sula ndéanann sé nó sí é sin.   Tugann an Chomhairle Stáit cúnamh agus comhairle don Uachtarán, ach is faoin Uachtarán amháin é cinneadh a dhéanamh cibé an Bille a chur ar aghaidh nó gan a chur.

Má chuirtear Bille ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach, ní mór don Chúirt cinneadh cibé an bhfuil nó nach bhfuil an Bille i gcoimhlint leis an mBunreacht.  Má chinneann an Chúirt Uachtarach go bhfuil an Bille míbhunreachtúil, ní féidir leis an Uachtarán é a shíniú agus ní dhéantar dlí de.

Ní féidir ach leis an bpobal amháin an Bunreacht a athrú i reifreann. Cuirtear tús le gach togra chun an Bunreacht a leasú mar Bhille i nDáil Éireann.  Deirtear sa Bhunreacht má ritheann tromlach den Dáil agus den Seanad an Bille chun an Bunreacht a leasú, go gcuirfear faoi bhráid na ndaoine é i reifreann.  Má vótálann tromlach díobh siúd a bheidh ag vótáil sa reifreann i bhfabhar an togra, ansin síníonn an tUachtarán an Bille agus tá an Bunreacht leasaithe.

Luaitear in Airteagal 15.1.2˚ den Bhunreacht gurb Uachtarán agus dhá Theach atá san Oireachtas, Dáil Éireann agus Seanad Éireann.

Dáil Éireann

Cuimsítear leis an Dáil i láthair na huaire 158 Teachta Dála atá tofa as 40 dáilcheantar difriúil, seachas Ceann Comhairle (nó cathaoirleach) na Dála a dhéantar a atoghadh go huathoibríoch.

Seanad Éireann

Tá 60 Seanadóirí i Seanad Éireann.  Toghtar ceathracha is a trí acu ar cúig phainéal a dhéanann ionadaíocht ar leasanna gairme difriúla. Toghann céimithe as dhá ollscoil seisear de na seanadóirí – 3 as Ollscoil Náisiúnta na hÉireann agus 3 as Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide). Ainmníonn an Taoiseach aon duine dhéag acu.

An tUachtarán

Is é an tUachtarán ceannaire an stáit.  Tá roinnt feidhmeanna bunreachtúla tábhachtacha aige nó aici lena n-áirítear Billí a shíniú ina ndlí, agus ag cinneadh cibé ar cheart nó nár cheart Bille a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach chun cinneadh cibé an bhfuil sé bunreachtúil nó nach bhfuil. Ina theannta sin, tá ról searmanais ag an Uachtarán.

AIRTEAGAL 40.6.1(i) DEN BHUNREACHT

Deirtear in Airteagal 40.6.1(i):

“6 1 ˚ Rathaionn an Stat saoirse chun na cearta seo a leanas a oibriu, ach sin a bheith faoi reir oird is moraltachta poibli:–

i  Ceart na saoranach chun a ndeimhni is a dtuairimi a nochtadh gan bac.

Ach toisc oiliuint aigne an phobail a bheith chomh tabhachtach sin do leas an phobail, feachfaidh an Stat lena chur in airithe nach ndeanfar orgain aigne an phobail, mar shampla, an raidio is an preas is an cineama, a usaid chun an t-ord no an mhoraltacht phoibli no udaras an Stait a bhonnbhriseadh.  San am cheanna coimeadfaidh na horgain sin an tsaoirse is dleacht doibh chun tuairimi a nochtadh agus orthu sin tuairimi leirmheasa ar bheartas an Rialtais.

Aon ni diamhaslach no ceannairceach no graosta a fhoilsiu no a aithris is cion inphionois e de reir dli.”

Cosnaítear i mír (ii) d’Airteagal 40.6.1 ceart na saoránach teacht ar tionól go sítheoilte, agus cosnaítear i mír (iii) ceart na saoránach chun comhlachais agus cumainn a bhunú.

FOILSEACHÁN AGUS AITHRIS

Níl aon sainmhíniú sa Bhunreacht ar “aithris” ná ar “fhoilseachán”.  Níor thug na cúirteanna aon sainmhíniú ar na focail sin i gcomhthéacs Airteagal 40.6.1(i) ach an oiread.

Is cosúil sa chomhthéacs seo gurb é is ciall le foilseachán, ráiteas i bhfoirm scríofa nó i bhfoirm bhuan, agus gurb é focal nó ráiteas labhartha is ciall le aithris go hiondúil.

Cé nár socraíodh an cheist sin riamh agus nach bhfuiltear iomlán cinnte fúithi, dá dtiocfadh an cheist chun cinn, bheifí ag súil leis le réasún go gcinnfeadh Cúirt go gcuimseofaí leis na focail “foilseachán” agus “aithris” in Airteagal 40.6.1° gach cineál cumarsáide lena n‑áireofaí cumarsáid ó bhéal, i scríbhinn, i gcló, in amharcfhoirm, i bhfoirm fuaime, i dtaispeáint, i gcraoladh, ar an idirlíon, i bhfoirm leictreonach agus in aon mhodh eile chun ciall a chur in iúl.

Ní thugtar míniú ar an diamhasla sa Bhunreacht féin. Tugtar míniú dlíthiúil ar an diamhasla san Acht um Chlúmhilleadh, 2009.

Alt 36

Deirtear in Alt 36 den Acht um Chlumhilleadh, 2009 go ndéanann duine ní diamhaslach a fhoilsiú nó a chur i gcaint más rud é

- go ndéanann sé nó sí ní a fhoilsiú nó a chur i gcaint atá rómhaslach nó rótharcaisneach i ndáil le nithe a maíonn aon chreideamh gur nithe beannaithe iad, agus, ar an tslí sin, uafás a spreagadh i measc líon substaintiúil de lucht leanúna an chreidimh sin, agus

- go mbeartaíonn sé nó sí an t-uafás sin a spreagadh.

Faoi Acht 2009, i gcas go ndeantar duine a chuiseamh sa chion coiriuil arb eard e ni diamhaslach a fhoilsiu no a aithris, is cosaint e ma ta an duine in ann a chruthu go gceapfadh duine reasunach go bhfuil fiuntas dairire liteartha, ealaionta, polaitiuil, eolaiochta no acaduil san abhar a d’fhoilsigh siad no sa chaint a rinne siad.

Ma chiontaitear duine sa chion sin, feadfar fineail suas le €25,000 a chur air no uirthi. Nil aon tearma priosunachta ag gabhail leis an gcion sin.

Baineann cion an diamhasla le gach reiligiún.  Ní reiligiúin iad, chun críocha an chiona seo, eagraíochtaí nó cultais a bhfuil sé mar phríomhchuspóir acu brabús a dhéanamh nó a úsáideann ionramháil shíceolaíoch leatromach a dhílseánach chun baill nua a mhealladh.  Ní thugtar sainmhíniú ar cad is reiligiún ann san Acht taobh amuigh den tsonraíocht sin.  Titfidh sé ar na cúirteanna cinneadh a dhéanamh maidir leis an gceist seo i gcás a chuirfear os comhair na cúirte.

Alt 37

Foráiltear in Alt 37 d’Acht 2009, i gcás go gciontaítear duine i gcion faoi Alt 36, féadfaidh an Chúirt barántas a eisiúint a ligfeadh do chomhalta den Gharda Síochána dul isteach agus cuardach a dhéanamh ar áitribh agus cóipeanna de na ráitis dhiamhasla cuí a urghabháil, a choinneáil, a thabhairt chun siúil agus a choimeád.

Ceadaítear in Alt 37 don Chúirt treoracha a thabhairt ar dhiúscairt na ráiteas diamhasla seo áit a bhfuil iarratas ann ó chomhalta den Gharda Síochána.

Cuirtear in iúl i dtuairiscí nár ciontaíodh aon duine sa chion diamhasla ó 1855 agus, amhail an 23 Iúil 2018, nár ionchúisíodh aon duine as diamhasla faoi Acht 2009.

Déanfaidh an tOireachtas cinneadh maidir leis an reachtaíocht a achtófar, a athrófar nó a aisghairfear. D’fhoilsigh an Rialtas dréachtscéim ghinearálta ar Bhille a bhaineann le diamhasla i gcás vóta tá.  Is é seo ráiteas an Rialtais maidir le cad atá ar intinn acu cur faoi bhráid an Oireachtais i gcás vóta Tá. Folaítear ann:

  • Alt 36 den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, ina ndéantar sainmhíniú ar an diamhasla agus ina ndeirtear gur cion coiriúil é ní diamhaslach a fhoilsiú nó a aithris, a aisghairm
  • Alt 37 den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, ina gceadaítear don Chúirt barántas a eisiúint a ligfeadh don Gharda Síochána cuardach a dhéanamh ar theach aon duine a ciontaíodh i leith diamhasla agus cóipeanna de na ráitis dhiamhasla chuí a bhaineann leis an gcion a urghabháil, a aisghairm
  • leasú ar alt 7 (2) den Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 (arna leasú in 2008), agus ar alt 3 (2) den Acht um Scrúdóireacht Scannán (Leasú), 1925, ina fhoráiltear (i measc nithe eile) gur féidir leis an Stiúrthóir Aicmithe Scannán diúltú le scannáin a thaispeánfar don phobal a cháiliú, nó léiriú fógraí a bhaineann leis a chosc, má shíltear go mbaineann diamhasla leo

Cé gur chuir an Rialtas in iúl go bhfuiltear ag súil leis na hathruithe arna liostú thuas a chur faoi bhráid an Oireachtais, tá aon dréachtscéim ar bhille nó aon bhille fiú faoi réir athraithe.  Caithfidh Bille dul trí gach céim pharlaiminte sula ndéanfar dlí de.

BREITHIÚNAIS CHÚIRTE MAIDIR LEIS AN DIAMHASLA

Níor foilsíodh breithiúnais na cúirte i nGaeilge. Mar gheall air sin, níl an nasc thíos ar fáil ach i mBéarla amháin.

Is é Corway v Independent Newspapers (Ireland) Limited (1999) an t-aon chás amháin inar bhreithnigh an Chúirt Uachtarach gur cion coiriúil atá sa diamhasla de bharr an cheanglais in Airteagal 40.6.1(i) den Bhunreacht.

I mí na Samhna 1995, tráth an dara reifreann ar an gcolscaradh, foilsíodh alt i nuachtán maidir le tionchar na hEaglaise Caitlicí in Éirinn.  Foilsíodh cartún in éineacht leis an alt inar léiríodh triúr airí rialtais ag diúltú don abhlann agus don chailís a bhí á dtairiscint dóibh ag sagart.   "Hello, Progress - Bye-Bye Father?” a bhí scríofa os cionn an chartúin. 

Rinne an t-iarratasóir iarratas ar an Ard-Chúirt ar chead chun an dlí a chur ar fhoilsitheoir, ar úinéir agus ar eagarthóir an nuachtáin.   Dúirt sé gur chuir an t-ábhar foilsithe idir mhúisiam agus uafás air.

Dúirt an Chúirt gur cion é an diamhasla i ndlí na hÉireann, toisc go bhfuil a leithéid sonraithe sa Bhunreacht. Mar sin féin, dúirt an Chúirt freisin gur dheacair a thuiscint conas a bhí cion an diamhasla, a bhí i bhfeidhm faoin dlí coiteann roimhe sin, ag teacht leis an mBunreacht a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 1937.  Dhearbhaigh an Chúirt freisin gur dheacair réiteach a bhaint amach idir prionsabail an Bhunreachta agus an dearcadh gur leor díreach ábhar diamhaslach a fhoilsiú gan chruthúnas ar aon rún a bheith diamhaslach chun tacú le ciontú sa diamhasla.

Dá bhrí sin, mar thoradh ar staid an dlí agus gan sainmhíniú dlíthiúil, dhearbhaigh an Chúirt nach mbeadh aon bhrí le cion an diamhasla.

Ina dhiaidh sin, leagadh sainmhíniú amach san Acht um Chlúmhilleadh, 2009. 

 

BREITHIÚNAIS ÓN gCÚIRT EORPACH UM CHEARTA AN DUINE

Ginearálta

Cosnaítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh le hAirteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.  Tá forálacha ann freisin do shrianta ar an tsaoirse sin, lena n áirítear chun an mhoráltacht a chosaint nó chun clú nó cearta daoine eile a chosaint.    

Tá cásanna ann ina ndearnadh an argóint gur sárú ar Airteagal 10 é pionós coiriúil a ghearradh ar an diamhasla.  

Sna cásanna sin, féachann an Chúirt go hiondúil ar cibé acu ar cuireadh nó nár cuireadh isteach ar an tsaoirse chun tuairim a nochtadh, an bhfuil nó nach bhfuil foráil don chur isteach sin sa dlí náisiúnta, an raibh nó nach raibh aidhm dhlisteanach leis an gcur isteach, agus an bhfuil nó nach bhfuil gá leis an gcur isteach i sochaí dhaonlathach.  I ngach cás, cinneann an Chúirt cibé acu an sárú nó nach sárú ar Airteagal 10 é pionós a ghearradh ar an diamhasla.  

Baineann na samplaí seo a leanas le cásanna ina ndeachaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i ngleic le saincheisteanna ar dhiamhasla:

Cásanna

Lemon v An Ríocht Aontaithe (1983) (Buíochais le Westlaw faoi choinne an naisc)
Baineann an cás seo le dán maidir le corp Íosa, agus é céasta ar an gcros, a foilsíodh in iris.  Fuarthas an iris agus an eagarthóir freagrach ciontach i gcion faoin dlí coiteann arbh é leabhal diamhaslach a bhí ann i ndlí na RA ag an am.  Chuir Parlaimint na Ríochta Aontaithe deireadh leis an diamhasla mar chion coiriúil ina dhiaidh sin in 2008. 

Chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gurbh é cuspóir dhlisteanach a bhain leis an gcion leabhal diamhasla ceart na saoránach a chosaint ó mhúisiam maidir lena gcreideamh reiligiúnacha agus nach raibh an cion i leith diamhasla díréireach.  

Ba é binse speisialta an Coimisiún Eorpach um Chearta an Duine a fuair iarratais ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha inar cuireadh in iúl gur sáraíodh an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, sula rabhthas in ann na hiarratais a threorú chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.  Cuireadh deireadh leis an gcion faoin dlí ansin in 1998.

Otto-Preminger Institute v an Ostair (20 Meán Fómhair 1994)
Sa chás sin, d’fhógair eagraíocht neamhbhrabúsach phríobháideach go ndéanfaidh sí scannán aorach faoin gcreideamh a thaispeáint sé huaire.  Ghabh na húdaráis an scannán agus choigistigh siad é sular cuireadh ar taispeáint é.  

Dhearbhaigh an Chúirt nár shárú ar Airteagal 10 a bhí sa ghabháil agus sa choigistiú.  Chinn an Chúirt gur ghníomhaigh údaráis na hOstaire chun an tsíocháin chreidimh a áirithiú agus gur faoi na húdaráis náisiúnta é a mbreithniú a dhéanamh ar an ngá le hearraí a ghabháil agus a choigistiú sa chomhthéacs áitiúil mar is fearr a gcumas siúd ná cumas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

Wingrove v an Ríocht Aontaithe (25 Samhain 1996)
Dhiúltaigh an Bord Aicmithe Scannán sa Bhreatain Mhór teastas a thabhairt do scannán ar na forais go raibh sé diamhaslach.  Ar an ábhar sin, bhí sé in aghaidh an dlí sa Ríocht Aontaithe ag an am. Chuir parlaimint na Ríochta Aontaithe deireadh leis an diamhasla mar chion coiriúil ina dhiaidh sin in 2008. 

Dhearbhaigh an Chúirt cé go raibh rogha teoranta ag tíortha chun léiriú polaitiúil agus leasa poiblí a theorannú, bhí rogha ní ba mhó acu go ginearálta chun rialú a dhéanamh ar an tsaoirse chun tuairim a nochtadh i dtaca le hábhair a d’fhéadfadh cur isteach ar thuairimí dlúthphearsanta laistigh de réimse na moráltachta nó, go háirithe, an chreidimh.   Luaigh an Chúirt gur ghá gur mhaslú suntasach don chreideamh a bheadh ann faoi dhlí na Ríochta Aontaithe (mar a bhí ann sular cuireadh deireadh leis in 2008). Níor shárú ar Airteagal 10 a bhí ann. 

IA v an Tuirc (13 Meán Fómhair 2005)

Bhain an cás sin le húdar a d’fhoilsigh leabhar ina raibh ionsaí maslach ar an bhFáidh Ioslam dar leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.  Ciontaíodh an t-údar agus gearradh príosúnacht dhá bhliain agus fíneáil air. Rinneadh an phianbhreith a iomalartú ina dhiaidh sin go dtí fíneáil a bhí cothrom le $16.  

Dhearbhaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go mbíonn oibleagáidí agus freagrachtaí ag baint leis an tsaoirse chun tuairim a nochtadh agus, i gcomhthéacs an chreidimh, go bhféadfaí a áireamh leis sin oibleagáid chun nathanna cainte a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith diamhaslach agus maslach gan ghá.  Chinn an Chúirt nár shárú ar Airteagal 10 a bhí ann bunaithe ar na fíricí sin.   

Giniewski v an Fhrainc (31 Eanáir 2006)
Sa chás sin, bhí alt scríofa ag iriseoir inar cáineadh imlitir ón bpápa agus inar tugadh an tuairim go raibh an Eaglais Chaitliceach agus a baill freagrach as uafáis na Naitsithe.  Ciontaíodh an t-iriseoir, gearradh fíneáil aon fhranc amháin air mar dhamáistí, agus ordaíodh dó fógra ar chinneadh na cúirte náisiúnta a fhoilsiú i nuachtán náisiúnta ar a chostas féin.  

Dhearbhaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur shárú ar Airteagal 10 a bhí ann.  Shonraigh an Chúirt go bhféadfadh an t-alt daoine áirithe a mhaslú, aiféaltas a chur orthu nó cur isteach orthu ach, mar sin féin, ní raibh sé maslach gan ghá ná níor spreagadh dímheas ná fuath dá bharr.  Chinn an Chúirt go raibh éifeacht dhíspreagthach ag an bpionós agus gur phionós dhíréireach a bhí ann.

Klein v an tSlóvaic (31 Eanáir 2007)
Ciontaíodh iriseoir agus gearradh fíneáil €375 air as alt a fhoilsiú inar cháin sé Ardeaspag sa tSlóvaic as a iarrachtaí deireadh a chur le scaipeadh an scannáin “The People v Larry Flint”.  

Chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine nár cáineadh ach an tArdeaspag féin san alt agus níor chuir an t-alt isteach ar cheart na gcreidmheach a gcreideamh a nochtadh agus a chleachtadh ar bhealach inar léiríodh go raibh an pionós a cuireadh ar an iriseoir bailí.  Dá bhrí sin, ní raibh gá leis an bpionós i sochaí dhaonlathach agus ba shárú é ar Airteagal 10.  

ÁBHAR CEANNAIRCEACH AGUS GRAOSTA

[Include links to the legislation]

Mar aon le tagairt don diamhasla, luaitear in Airteagal 40.6.1(i) den Bhunreacht gur cion inphionóis de réir dlí atá ann aon ní ceannairceach nó graosta a fhoilsiú nó a aithris.

Ní athróidh an dá ghné seo d’Airteagal 40.6.1(i) den Bhunreacht is cuma má bhíonn vóta Tá nó Níl ann ar an 26 Deireadh Fómhair 2018.  Ní bhaineann an togra ach leis an tagairt don diamhasla a bhaint as an mBunreacht.

Ní shainmhínítear na téarmaí “ceannairceach” agus “graosta” sa Bhunreacht agus níl sainmhínithe ar cheannairceach agus graosta cinnte agus d’fhéadfaí díospóireacht a dhéanamh orthu.

Tá sainmhíniú ar “scríbhinn cheannairceach” san Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939.  Folaítear ann:

(a) scríbhinn gurb é atá inti ná ábhar dá dtiocfadh nó do bhéarfadh an t-ord poiblí nó údarás an Stáit do bhonnbhriseadh nó ina bhfuil ábhar den tsórt san, agus

(b) scríbhinn a deir, a chiallaíonn, nó thraosluíonn nó is dealraitheach a thraoslódh nach é rialtas dleathach an Stáit an rialtas atá ag feidhmiú faoin mBunreacht nó go bhfuil sa Stát comhlacht nó comhghléasadh ar bith ná fuil ag feidhmiú faoin mBunreacht agus atá i dteideal go n-aithneofaí é mar rialtas ar an tír, agus

(c) scríbhinn a deir, a chiallaíonn, nó thraosluíonn nó is dealraitheach a thraoslódh nach iad fórsaí míleata dleathacha an Stáit na fórsaí míleata atá á gcothabháil faoin mBunreacht, nó go bhfuil sa Stát comhlacht nó comhghléasadh nach de bhuadh an Bhunreachta do bunaíodh é agus atá sé á chothabháil atá i dteideal go n-aithneofaí é mar fhórsa mhíleata, agus

(d) scríbhinn ina ndéantar focail, giorrúcháin nó comharthaí is ionluaidhte le comhlacht míleata d'úsáid agus tagairt á dhéanamh do chomhghléasadh neamhdhleathach;

Tá sainmhíniú ar “mígheanasach” san Acht um Chinsireacht Fhoilseachán, 1946, ina ndeirtear go bhfolaíonn an focal “rud a mheabhródh mí-mhoráltacht chollaí nó duáilceas mí-nádúrtha do dhuine nó a chorródh chuige sin é nó is dócha a dhéanfadh in aon tslí eile den tsórt sin duine a thruailliú nó a chorbadh”.

Ní léir an mbeadh feidhm ag na sainmhínithe reachtúla seo freisin i gcomhthéacs Airteagal 40.6.1(i) den Bhunreacht.

 

AN tACHT UM THOIRMEASC AR GHRÍOSÚ CHUN FUATHA, 1989

Is cion é faoin Acht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989, focail a úsáid nó bheith rannpháirteach i ngníomhartha ar leith trína bhfuil sé beartaithe fuath a adhaint, nó trína bhféadfaí sna himthosca go léir fuath a adhaint. 

Áirítear san fhuath, fuath i gcoinne grúpa daoine sa Stát nó aon áit eile mar gheall ar a gcine, a ndath, a náisiúntacht, a gcreideamh, a mbunadh eitneach nó náisiúnta, toisc gur den lucht siúil iad nó mar gheall ar a gclaonadh gnéasach.

D’fhéadfadh gríosú chun fuatha tarlú ar bhealaí éagsúla.  Mar shampla, is cion é ábhar scríofa a fhoilsiú nó a leathadh atá bagrach, maslach nó tarcaisneach agus atá beartaithe chun fuath a adhaint nó gur dóigh dó fuath a adhaint.  Is cion freisin é focail a úsáid in áit phoiblí atá bagrach, maslach nó tarcaisneach agus beartaithe chun fuath a adhaint nó gur dóigh dóibh fuath a adhaint.  Is cion freisin é ábhar scríofa a ullmhú nó a bheith i seilbh duine le hintinn é a leathadh, a chur ar taispeáint, a chraoladh nó a fhoilsiú, má tá an t-ábhar bagrach, maslach nó tarcaisneach agus beartaithe chun fuath a adhaint nó gur dóigh dó fuath a adhaint.

I gcás go gciontaítear duine faoi Acht 1989, d’fhéadfaí éileamh air fíneáil a íoc nó tréimhse phríosúnachta a chaitheamh.  Féadfaidh an Chúirt ordú go bhforghéillfear aon ábhar scríofa nó taifeadta a bhaineann leis an gcion agus é a scriosadh nó a dhiúscairt.

 

AN COINBHINSIÚN EORPACH UM CHEARTA AN DUINE

An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine

Is conradh idirnáisiúnta é an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (an Coinbhinsiún) chun cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint san Eoraip. Tháinig sé i bhfeidhm sa bhliain 1953 agus is páirtí ann í Éire.

Bhunaigh an Coinbhinsiún an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Is féidir le haon duine a bhraitheann go ndearna an Stát a chearta nó a cearta a shárú faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Má chinneann an Chúirt sin go ndearnadh sárú ar an gCoinbhinsiún, beidh breithiúnas na Cúirte sin ina cheangal ar an Stát. Tá sé d’oibleagáid ar an Stát faoin gCoinbhinsiún breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur i ngníomh nó éifeacht a thabhairt dó.

Ní Conradh de chuid an Aontais Eorpaigh é an Coinbhinsiún agus ní Cúirt de chuid an Aontais Eorpaigh í an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ní hionann an stádas atá ag an gCoinbhinsiún i ndlí na hÉireann agus an stádas atá aige i ndlí AE.

Tugadh éifeacht sa dlí náisiúnta don Choinbhinsiún leis an Acht fán gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, 2003. I gcás go ndéantar gearán le cúirt in Éirinn go bhfuil dlí, lena n-áirítear Acht den Oireachtas, ar neamhréir leis an gCoinbhinsiún, is féidir leis an gcúirt dearbhú neamhréireachta a eisiúint a bhaineann leis an dlí sin. I gcás go n-eisíonn an chúirt dearbhú neamhréireachta, fanann an dlí mar atá agus leanann sé i bhfeidhm mura agus go dtí go gcuirfidh an tOireachtas deireadh leis an neamhréir.

Ní ceadmhach a dhearbhú go bhfuil an Bunreacht ar neamhréir leis an gCoinbhinsiún. Is ceadmhach, áfach, do dhuine a bhraitheann nach ndéantar a chearta nó a cearta faoin gCoinbhinsiún a chosaint sa Bhunreacht gearán i gcoinne an Stáit a dhéanamh chun na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

 

Na Náisiúin Aontaithe

Comhlacht saineolaithe neamhspleácha atá i gCoiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine a dhéanann monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Chúnaint Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla i stáit a bhfuil an cúnant sínithe acu. Dhaingnigh Éire an cúnant in 1989.  Mar sin féin, níl éifeacht sa dlí náisiúnta ag an gcúnant in Éirinn go fóill. Rinne an Coiste um Chearta an Duine athbhreithniú ar chomhlíonadh an chúnaint in Éirinn in 2014. Sna Breithnithe Deiridh ar an gCeathrú Tuarascáil Thréimhsiúil atá curtha isteach ag Éirinn (19 Lúnasa 2014) maidir leis an gcúnant, mhol an coiste “gur cheart machnamh a dhéanamh ar an gcosc ar an diamhasla a bhaint den Bhunreacht”.

Shonraigh an Coiste na nithe seo a leanas i mír 22 dá thuarascáil:-

“Diamhasla

Bíodh is go gcuireann an Coiste fáilte roimh aisghairm an Achta um Chlúmhilleadh, 1961, tá imní ar an gCoiste i gcónaí gur cion atá sa diamhasla go fóill faoi airteagal 40.6.1 (i) den Bhunreacht agus faoi Alt 36 den Acht um Chlúmhilleadh, 2009 (airteagal 19 den chúnant).

Ba cheart don Stát machnamh a dhéanamh ar an gcosc ar an diamhasla a bhaint den Bhunreacht faoi mar a mhol an Coinbhinsiún ar an mBunreacht, agus aird a thabhairt ar thuairim ghinearálta Uimh. 34 (2011) ón gCoiste maidir le hairteagal 19: saoirsí chun tuairim a nochtadh, maidir le neamhréireacht na ndlíthe diamhasla leis an gCúnant, ach amháin in imthosca ar leith atá beartaithe in airteagal 20, mír 2 den Chúnant.”

Sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 20(2) den Chúnant:

2. Toirmiscfear le dlí aon abhcóideacht ar son fuath náisiúnta, ciníoch nó creidimh ar gríosú chun idirdhealaithe, naimhdis nó foréigin é.”

Sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 19 den Chúnant:

1. Beidh an ceart chun tuairimí ag an uile dhuine gan cur isteach. 

2. Beidh an ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh ag an uile dhuine; cuimseofar leis an gceart sin saoirse chun faisnéis agus smaointe de gach sórt a lorg, a fháil agus a thabhairt, beag beann ar theorainneacha, idir ó bhéal, i scríbhinn nó i gcló, i bhfoirm ealaíne, nó trí mheán ar bith eile dá rogha féin. 

3. Tá oibleagáidí agus freagrachtaí speisialta ag baint le feidhmiú na gceart dá bhforáiltear i mír 2 den airteagal seo. D’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, a bheith faoi réir srianta áirithe, ach ní chuimseofar le srianta den sórt sin ach srianta a bhfuil foráil dóibh sa dlí agus atá riachtanach: 

(a) Chun cearta nó chun clú daoine eile a urramú; 

(b) Chun an tslándáil náisiúnta nó an t-ord poiblí nó an tsláinte phoiblí nó an mhoráltacht a chosaint.”

Ceisteanna Coitianta Ginearálta

Foghlaim níos mó anseo