Is iad na trí phríomhfheidhm de chuid an Choimisiúin Reifrinn ná ábhar na dtograí reifrinn a mhíniú agus na míniúcháin sin a chur in iúl do gach saoránach atá i dteideal vótáil, feasacht an phobail ar an reifreann a chur chun cinn agus spreagadh a thabhairt do dhaoine le vótáil.
Rinne an Coimisiún measúnú ar a éifeachtaí a bhí an dóigh ar chomhlíon sé na feidhmeanna sin sa reifreann ar phósadh agus sa reifreann ar aois iarrthóirí uachtaráin agus tá sé sásta gur éirigh leis, trína fheachtas fógraíochta, feasacht ar na reifrinn a ardú agus an tábhacht a bhaineann le vóta a chaitheamh a chur in iúl. Is deimhin leis an gCoimisiún gur chuir a fheachtas le ráta ard vótála os cionn 60% a bhaint amach.
Bhí líon na gcuairteoirí ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin níos mó ná a dhá oiread níos mó ná líon na gcuairteoirí le haghaidh reifrinn roimhe sin.
Léirigh an méadú suntasach ar líon na gcuairteoirí an méadú ar mhéid agus éagsúlacht an ábhair a bhí ar fáil ar an suíomh, an úsáid a baineadh as na meáin shóisialta chun daoine a threorú chuige agus feachtas láidir fógraíochta ar líne lenar treoraíodh daoine chuige freisin. Tá treocht shoiléir i dtreo foinsí faisnéise ar líne a úsáid ach tá éileamh ar Threoir chóipe crua ann freisin.
Is deimhin leis an gCoimisiún go raibh dóthain ama aige leis na príomhghnéithe dá chuid oibre a dhéanamh, i.e. a fheachtas um fheasacht an phobail. Feachtas éifeachtach ba ea an feachtas faisnéise. Fáiltíonn an Coimisiún roimh an ráta ard vótála an uair seo. Mar sin féin, ba é an rannpháirtíocht a bhí ag na toghthóirí i gcoitinne, sa reifreann ar phósadh, ba mhó ba chúis leis an ráta vótála. Ní bhaineann sé sin de na húdaráis an fhreagracht atá orthu as dul i ngleic leis an ráta íseal vótála a bhí ann do reifrinn Bhunreachta thábhachtacha roimhe sin (agus is dóigh a bheith ann dóibh sa todhchaí), rud nach mór taighde mion a dhéanamh air. An uair seo, léirigh an feachtas an méid is féidir a bhaint amach nuair a bhíonn vótálaithe gafa le saincheist ar leith. Is é an dúshlán anois ná a chinntiú go mbeidh an spéis chéanna ag vótálaithe féideartha i reifrinn amach anseo agus go mbeidh siad chomh gafa sin leo. Feachtas i measc daoine óga chun clárú vótálaithe a spreagadh agus cleachtadh an chirt vótála a chur chun cinn a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar scoileanna dara leibhéal, d’fhéadfadh sé a bheith ina bhealach úsáideach chun a chinntiú go bhféadfadh reifrinn amach anseo ráta fónta vótála a bheith acu. Ní fhéadfadh ach comhlacht ag a bhfuil sainchúram reachtúil cuí agus a bhíonn ann go leantach de réir an dlí tabhairt faoi fheachtais den chineál sin.
Aighneacht an Choimisiúin maidir le Coimisiún Toghcháin
I mí Eanáir 2015, d’fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil Páipéar Comhairliúcháin ar Choimisiún Toghcháin a Bhunú in Éirinn. D’iarr an Comhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht ar an gCoimisiún Reifrinn tuairimí faoin bpáipéar comhairliúcháin a chur ar fáil agus rinne sé amhlaidh go cuí. Bhí na tuairimí agus na moltaí seo a leanas san áireamh in aighneacht an Choimisiúin. Tá siad ag teacht leis na moltaí agus na tuairimí sin a rinne Coimisiúin Reifrinn roimhe sin ina dtuarascáil iarfheachtais.
1. D’iarr formhór na gCoimisiún Reifrinn roimhe sin go dtabharfaí níos mó ama do Choimisiúin lena gcuid oibre a dhéanamh agus go dtabharfaí sainiúlacht dhlítheanach leantach don Choimisiún Reifrinn – agus d’fhéadfaí an Coimisiún Toghcháin a bheartaítear a úsáid mar mheán. Níos déanaí fós, mhol Coimisiúin gur cheart an próiseas reifrinn a athbhreithniú chun a chinntiú go gcomhlíonfar an Cód Dea-Chleachtais maidir le Reifrinn ó Chomhairle na hEorpa (Márta 2007).
2. Ábhar mór imní a bhí ag Coimisiúin roimhe seo is ea an ráta íseal vótála le haghaidh reifrinn bhunreachta agus is fiú diantaighde a dhéanamh air. B’ann do shaincheist shuntasach i dtaca le ráta an-íseal vótála i measc vótálaithe óga. De ghnáth, is airde an ráta vótála i gcás saincheisteanna áirithe – mar shampla, conarthaí Eorpacha nó nuair atá an reifreann ar siúl ag an am céanna is atá toghcháin náisiúnta nó toghcháin áitiúla. Léirigh na reifrinn le déanaí, áfach, go raibh rannpháirtíocht shuntasach ag daoine óga in ábhar an reifrinn ar phósadh go háirithe agus léiríodh é sin sa ráta ard vótála, ar ráta é a sháraigh 60% agus a bhí ar an ráta ab airde ó bunaíodh Coimisiúin Reifrinn.
3. Mar sin féin, cé gur cúis mhór spreagtha é sin, bhí gá soiléir práinneach ann le feachtas leanúnach i measc daoine óga, a d’fhéadfadh bheith dírithe ar scoileanna dara leibhéal, chun clárú vótáaithe agus vótáil i measc daoine óga a spreagadh. Ní fhéadfadh an Coimisiún Reifrinn an obair sin a dhéanamh ach sa chás go mbeadh sainchúram reachtúil cuí aige agus go mbeadh sé ann ar bhonn leantach de réir an dlí.
4. Moladh go bhféadfadh freagracht a bheith ar an gCoimisiún Toghcháin as clárú vótálaithe agus an ráta vótála a spreagadh le linn gach toghcháin agus gach reifrinn. Faoi láthair, tá spreagadh an ráta vótála – a dhéantar le cistí poiblí – teoranta d’fhógraí a chuireann an Coimisiún Reifrinn amach le linn reifrinn. Ba cheart spreagadh an ráta vótála a leathnú chuig gach toghchán. De bharr na taithí atá aige ar an réimse seo, measann an Coimisiún Reifrinn go mbeadh comhlacht aonair a bhíonn ann ar bhonn leantach i bhfad ní b’éifeachtaí maidir le feachtais feasachta vótálaithe a reáchtáil ná a bheadh comhlacht ar nós an Choimisiúin Reifrinn a bhunaítear ar feadh roinnt seachtainí roimh reifreann. Ní mór gur feachtas leantach é feachtas den chineál sin le go mbeidh sé éifeachtach.
5. Tacaíonn an Coimisiún Reifrinn reatha leis an seasamh a ghlac a réamhtheachtaithe gurb é atá sa réiteach soiléir ar an gcás sin ná na feidhmeanna go léir de chuid an Choimisiúin Reifrinn a aistriú chuig Coimisiún Toghcháin.
Táthar ag súil leis go bhféadfadh go mbunófaí Coimisiún Toghcháin laistigh de dhá bhliain nó de thrí bliana. Sa chás nach mbunófar an Coimisiún Toghcháin roimh an gcéad reifreann eile agus go mbunófar Coimisiún Reifrinn ina áit, athdhearbhaíonn an Coimisiún Reifrinn seo na moltaí a rinne sé don Chomhchoiste, go háirithe na moltaí maidir le dóthain ama a thabhairt don Choimisiún lena fheachtas um fheasacht an phobail a phleanáil agus a chur i gcrích.
