An tábhacht a bhaineann le feachtas faisnéise
Mar a luadh roimhe seo, is éard atá i bhfeidhmeanna an Choimisiúin Reifrinn go bunúsach ná tograí reifrinn a mhíniú, an fheasacht ar reifreann a chur chun cinn agus spreagadh a thabhairt do na toghthóirí le vótáil.
Leibhéal rannpháirtíochta na vótálaithe sa reifreann ar phósadh a bhí ní b’airde ná mar is iondúil, go háirithe i measc an aoischohóirt óig vótálaithe, chuir sé leis an ráta vótála a mhéadú an uair seo. Mar is gnách, ba é ról an Choimisiúin an fhaisnéis a chuir sé ar fáil a dhéanamh chomh sothuigthe agus ab fhéidir agus a chinntiú go raibh sé chomh sorochtana agus ab fhéidir d’fhonn cur le leibhéal ard tuisceana agus, dá bhrí sin, le ráta ard vótála.
Ar dhá bhealach thábhachtacha a bhí an feachtas faisnéise poiblí a rinne an Coimisiún an uair seo difriúil le feachtais roimhe seo. Ar an gcéad dul síos, cheap an Coimisiún go measfaí an suíomh Gréasáin agus gníomhaíocht sna meáin shóisialta mar thaca leis a bheith ar an bpríomhfhoinse faisnéise agus seachadadh an Treoir chlóite ar gach teach mar thacaíocht leis sin. Ba é an mhalairt ar fad an scéal san am atá thart. Ar an dara dul síos, bhí níos mó teagmhála leis na meáin ag an gCoimisiún an uair seo ná am ar bith riamh, go háirithe trí shraith agallamh a thug an Cathaoirleach do na meáin chlóite, do na meáin chraolta agus do na meáin ar líne.
Straitéis an fheachtais faisnéise
Bunaíodh suíomh Gréasáin an Choimisiúin ag www.refcom.ie mar stór lárnach le haghaidh na faisnéise ar fad a chuirfeadh an Coimisiún ar fáil. Agus é ceaptha a bheith ina shuíomh Gréasáin a mbeadh dearadh freagrúil aige, rud arbh fhéidir amharc air go héasca ach gléas soghluaiste, gléas táibléid nó ríomhaire pearsanta ar bith a úsáid dá bharr, rinne sé óstáil ar mhíniúcháin scríofa agus ar mhíniúcháin físe ar gach ceann de na tograí reifrinn, ar fhaisnéis chúlra bhreise, ar shonraí faoi conas clárú agus vótáil, ar fhógraí teilifíse an Choimisiúin, ar rannán nuachta a nuashonraíodh go rialta, ar naisc chuig agallaimh a thug cathaoirleach an Choimisiúin agus ar ghnéithe eile. Ba é an Coimisiún a dhréachtaigh an t-ábhar Gréasáin agus fuair sé comhairle sheachtrach dlí agus cumarsáide ina leith. Cuireadh an t-ábhar ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon.
Thacaigh láithreacht láidir sna meáin shóisialta ar Twitter agus ar Facebook leis an suíomh Gréasáin. Treoraíodh daoine chuig an suíomh leo sin agus le feachtas fógraíochta íoctha ar líne ar raon leathan suíomhanna Gréasáin chun freastal ar an oiread codanna de na toghthóirí is féidir.
Foilsíodh na míniúcháin ar gach togra ón suíomh Gréasáin mar Threoir thraidisiúnta freisin, treoir a seachadadh ar 2 mhilliún teach agus a cuireadh ar fáil i leabharlanna poiblí. Cuireadh na míniúcháin ar na tograí reifrinn agus dearadh na Treorach faoi thaighde grúpa fócais. Cuireadh aiseolas úsáideach ar fáil leis an taighde sin as ar tháinig roinnt athruithe ar an dearadh, ar an leagan amach agus ar an bhfrásaíocht.
Chuir an Coimisiún mórfheachtas fógraíochta le chéile ar an teilifís, ar an raidió, ar fhógraíocht lasmuigh, sa phreas agus sna meáin dhigiteacha agus shóisialta ar líne. Ba é cuspóir gach gné den fheachtas fógraíochta feasacht ar an dá reifreann a chur chun cinn, spreagadh a thabhairt do dhaoine le vótáil agus daoine a threorú chuig faisnéis an Choimisiúin Reifrinn faoi na reifrinn.
Reáchtáil an Coimisiún seoladh preasa le haghaidh a fheachtais. Bhí an-tinreamh ann i measc na meán go léir agus tuairiscíodh go leathan faoi. Le linn an fheachtais, thug an Cathaoirleach líon suntasach agallaimh raidió, theilifíse agus chraolta chun na tograí a mhíniú agus thug urlabhraí de chuid an Choimisiúin agallaimh do stáisiúin raidió réigiúnacha.
Faoi mar a bhí an scéal i reifrinn roimhe sin, reáchtáil an Coimisiún feachtas roimh na reifrinn chun spreagadh a thabhairt do dhaoine le clár na dtoghthóirí a sheiceáil agus lena n-ainm a chur leis an gclár mura raibh siad air cheana agus iad ábalta déanamh amhlaidh. Rinneadh cur chun cinn láidir ar an bhfeachtas ar líne, lena n-áirítear trí aip ar Facebook a úsáid.

An suíomh Gréasáin
Thug i bhfad níos mó ná dhá oiread daoine cuairt ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin le haghaidh an reifrinn, www.refcom.ie, agus a thug cuairt ar shuíomh Gréasáin aon Choimisiúin roimhe sin. San iomlán, thug 280,000 úsáideoir aonair cuairt ar an suíomh (ar thug roinnt díobh cuairt air níos mó ná uair amháin) i gcomparáid le 113,000 úsáideoir le haghaidh an tsuímh Ghréasáin ar reifrinn an tSeanaid agus na Cúirte Achomhairc in 2013, 49,000 úsáideoir i dtaca le Reifreann na Leanaí in 2012 agus 41,000 úsáideoir i dtaca leis an gConradh um Chobhsaíocht Fhioscach, a bhí ar siúl in 2012 freisin.
Neartaíodh na líonta le gealltanas a thug Facebook deilbhín a chur ar leathanach gach vótálaí Éireannaigh ar Facebook lenar tugadh spreagadh dóibh vótáil agus lenar tugadh nasc chuig suíomh Gréasáin an Choimisiúin (féach na meáin shóisialta thíos). Fiú mura bhfuarthas an tacaíocht sin, áfach, bhí staitisticí an tsuímh Ghréasáin i bhfad ní b’airde ná reifreann ar bith roimhe sin.
Dearadh an suíomh de réir prionsabail um “thús áite do ghléasanna soghluaiste”. Is é sin le rá gur dearadh é ar dtús mar shuíomh a n-amharcfaí air ach gléasanna soghluaiste a úsáid agus a d’athródh a mhéid féin le go bhféadfaí amharc air ach ríomhaire deisce a úsáid. Athrú iomlán ar an gcur chuige traidisiúnta atá ann, cur chuige ina ndeartar suíomh Gréasáin a n-amharcfar air ach ríomhaire deisce a úsáid agus ina gcinnteofar ina dhiaidh sin go bhféadfaidh sé a mhéid féin a athrú go huathoibríoch le go bhféadfar amharc air ach gléas soghluaiste a úsáid.
Is deimhniú ar an gcinneadh sin é trácht an tsuímh Ghréasáin. Ba as fóin phóca agus gléasanna táibléid a bhí thart ar 72% de na hamhairc ar an suíomh le linn an fheachtais. Ba as ríomhairí deisce a bhí an chuid atá fágtha. Is athrú iomlán é sin, beagnach, ar na staitisticí ón reifreann deireanach
– is iad sin, na reifrinn ar an Seanad agus ar an gCúirt Achomhairc i mí Dheireadh Fómhair 2013. An uair sin, ba as ríomhairí deisce a bhí 69% de na hamhairc ar an suíomh agus ba as gléasanna soghluaiste a bhí an chuid atá fágtha.
Rinne an suíomh óstáil ar an ábhar feachtais ar fad, lena n-áirítear téacs, faisnéis chúlra, fógraí teilifíse, craoltaí saorchraolta, físeáin eile, nuacht agus naisc úsáideacha. Baineadh úsáid as an aon fhoireann aisteoirí amháin i ngach píosa faisnéise ón gCoimisiún (an suíomh Gréasáin, fógraí teilifíse, an Treoir chlóite, fógraí lasmuigh, etc.), rud a thug gné chomhleanúnach chomhtháite don fheachtas lenar uasmhéadaíodh a thionchar.
Bhí an t-ábhar téacs ar fad agus an chuid ba mhó den ábhar físe ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon agus chloígh sé leis na caighdeáin inrochtaineachta dea-chleachtais ar fad, lenar áiríodh clómhéideanna inathraithe agus an fhíric gur tógadh an suíomh le bheith freagrúil ionas go n-athrófaí an méid agus an leagan amach go huathoibríoch de réir an bhrabhsálaí á bhíothas ag úsáid.
Áiríodh leis an suíomh Gréasáin freisin nasc chuig suíomh Gréasáin ‘seiceáil an clár’ a oibríonn údaráis áitiúla na hÉireann ionas go raibh vótálaí in ann a sheiceáil cé acu a bhí sé cláraithe chun vótáil nó nach raibh.
Sa deireadh, bhí fotha nuachta meán sóisialta (Twitter, etc.) ag an suíomh Gréasáin mar a raibh úsáideoirí an tsuímh in ann nótaí tráchta a phostáil agus freagraí a fháil ón gCoimisiún. Chuir sé sin ar chumas an Choimisiúin freisin faisnéis rialta faoi shaincheisteanna a tháinig aníos le linn an fheachtais a fhoilsiú ar a shuíomh Gréasáin. Leag an Coimisiún béim go raibh sé le fáil chun plé le ceisteanna agus chuir sé a shonraí teagmhála in iúl go soiléir.
Na meáin shóisialta
Baineadh úsáid as leathanach a Choimisiúin ar Facebook go háirithe chun an tábhacht a bhain le clár na dtoghthóirí a sheiceáil agus le dul amach chun vótáil lá na vótála a chur chun cinn. Baineadh úsáid as fotha Twitter de chuid an Choimisiúin chun ábhar an tsuímh Ghréasáin a chur chun cinn, fógraí nuachta a dhéanamh agus plé le ceisteanna éagsúla aonair. Bhí 1,200 leantóir ag an gcuntas ar Twitter. Bhain clúdach an leathanaigh ar Facebook buaic 600,000 duine amach nuair a cuireadh post chun cinn lenar tugadh spreagadh do dhaoine le clár na dtoghthóirí a sheiceáil agus lena chinntiú go mbeadh siad in ann vótáil.
An Treoir
Ó bunaíodh an chéad Choimisiún Reifrinn i 1998, gné lárnach de gach feachtas faisnéise de chuid Coimisiún Reifrinn atá i dTreoir sheachadadh ar gach teach sa tír maidir leis na tograí reifrinn.
Faoi mar a bhí an scéal i reifrinn roimhe sin, ba de mhéid A5 a bhí an Treoir. Cuimsíodh sa Treoir ocht leathanach i mBéarla agus ocht leathanach i nGaeilge faoin aon chlúdach amháin (ar aon dul le hAcht na dTeangacha Oifigiúla).
Táirgeadh leagan mórchló agus leagan Braille den Treoir le haghaidh daoine dalla agus caocha agus dáileadh iad trí Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill. Tháirg an Coimisiún leagan speisialta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann de na físeáin faisnéise lena ndáileadh trí Chumann Bodhar na hÉireann agus trí DeafHear. Bhí an físeán sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin freisin. Anuas air sin, forbraíodh Treoir speisialta i gcomhar le Siondróm Down Éireann lenar míníodh an reifreann agus seoladh í chuig grúpaí eile a bhíonn ag obair le daoine faoi mhíchumas intleachta. Bhí sí ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin freisin.
Modhanna eile chun faisnéis a fháil
Bhí rúnaíocht an Choimisiúin ar fáil ar an bhfón agus trí ríomhphost chun freagra a chur ar aon cheisteanna a d’ardaigh baill den phobal. De bhreis ar uimhir theileafóin thiomnaithe agus ar sheoladh ríomhphoist tiomnaithe an Choimisiúin Reifrinn, bhunaigh an Coimisiún uimhir íosghlao. Bhí vótálaithe in ann glao a chur ar cheachtar de na huimhreacha teileafóin agus ríomhphost a sheoladh chuig an rúnaíocht má bhí siad ag iarraidh go seolfaí cóip den Treoir chucu trí chasadh an phoist nó má bhí tuilleadh faisnéise uathu. D’fhógair an Coimisiún na huimhreacha sin agus an seoladh ríomhphoist sa Treoir a seoladh chuig gach teach. Le linn an fheachtais, ba é 1,500 líon na nglaonna gutháin a fuarthas agus ba é breis agus 760 líon na ríomhphost a fuarthas.
An feachtas fógraíochta
Cheannaigh an Coimisiún spás fógraíochta sna meáin go léir. Bhí cuspóirí difriúla ag gabháil leis na fógraí sna meáin dhifriúla.
Bíonn meán na teilifíse oiriúnach de ghnáth do theachtaireachtaí an-simplí a chur in iúl go cumhachtach. Dá bhrí sin, ní rabhthas ag iarraidh i bhfógraí teilifíse an Choimisiúin na tograí reifrinn a mhíniú. Ina ionad sin, tugadh spreagadh iontu do dhaoine an fhaisnéis iomlán a bhí ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin agus sa Treoir a fháil. Chomh maith leis sin, treoraíodh daoine chuig an suíomh Gréasáin le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil agus spreagadh iad le vótáil leis an bhfógraíocht ar an raidió, ar fhógraí lasmuigh, sa phreas agus ar líne.
Is mó a éiríonn le fógraíocht a dhéanamh ar raon meán nuair a chuirtear an fógra ar mheán amháin na fógraí ar mheáin eile i gcuimhne don lucht féachana nó don lucht léitheoireachta. Dá bhrí sin, bhain an Coimisiún úsáid as an aon fhoireann aisteoirí amháin agus as teachtaireachtaí, stíl amhairc, dathanna, leagan amach agus clóghrafaíocht den chineál céanna i ngach meán le go gcruthófaí féiniúlacht leithleach inaitheanta.
Fógraíocht teilifíse
Bhí an fógra teilifíse 40-soicind bunaithe ar insint ina labhraíonn roinnt daoine difriúla, a léiríonn próifílí difriúla vótálaithe, go hachomair duine i ndiaidh duine faoin tábhacht a bhaineann le bheith ag smaoineamh ar na tograí reifrinn. Leagtar béim san fhógra ansin ar an bhfíric gur féidir míniúcháin ar an togra a fháil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin agus sa Treoir atá á seachadadh ar thithe ar fud an Stáit.
Craoladh na fógraí teilifíse ar RTÉ, ar TV3e, ar TG4, ar Sky Group, ar E4 agus ar Setanta.
Fógraíocht raidió
Reáchtáil an Coimisiún feachtas fógraíochta go mall i mí an Mhárta agus go luath i mí Aibreáin. Bhí sé mar chuspóir sonrach aige spreagadh a thabhairt do dhaoine le clár na dtoghthóirí a sheiceáil agus, mura raibh a n-ainm air, le clárú in am do na reifrinn. Cuid lárnach den fheachtas sin a bhí sna fógraí raidió 40-soicind ar stáisiúin raidió náisiúnta.
I dtaca leis an reifreann é féin, léirigh an Coimisiún fógra 40-soicind inar úsáideadh an script a úsáideadh san fhógra teilifíse agus lenar labhraíodh faoin tábhacht a bhaineann le teacht ar thuairim eolach faoi na reifrinn agus lenar treoraíodh daoine chuig áiteanna ina raibh míniúcháin ar na tograí ar fáil. Craoladh na fógraí ar stáisiúin RTÉ, ar Today FM, ar Newstalk, ar 98FM, ar FM104, ar gach stáisiún raidió áitiúil agus ar stáisiúin a dhíríonn ar an óige amhail Spin FM, Beat, Phantom FM, Red FM agus iRadio.
Craoltaí saorchraolta – teilifís
Arís eile, leithdháil stáisiúin teilifíse agus raidió an Stáit dóthain ama ar chraoltaí saorchraolta a léirigh an Coimisiún lenar míníodh na tograí reifrinn. Iarradh ar gach stáisiún 36 nóiméad a leithdháileadh orthu agus rinneadh amhlaidh i bhformhór na gcásanna.
Léirigh an Coimisiún craoltaí leithleacha saorchraolta le haghaidh teilifíse agus le haghaidh raidió. Le haghaidh teilifíse, léirigh an Coimisiún míniúchán ar thogra an reifrinn ar phósadh a mhair 1 nóiméad agus 50 soicind; míniúchán ar an reifreann ar aois iarrthóirí uachtaráin a mhair 1 nóiméad agus 35 soicind agus craoladh ní ba ghiorra lenar tugadh spreagadh do dhaoine le vótáil a bhí le húsáid sa tseachtain deiridh den fheachtas nár mhair ach 1 nóiméad.
Craoltaí saorchraolta – raidió
B’ionann an struchtúr insinte a bhí ag na craoltaí saorchraolta raidió agus an struchtúr insinte a bhí ag na craoltaí teilifíse agus b’ionann a bhfad den chuid ba mhó. Anuas air sin, léirigh an Coimisiún “stoingí” gearra 10 soicind ar bhain stáisiúin raidió úsáid astu sa tseachtain deiridh den fheachtas. Tugadh spreagadh leis na teachtaireachtaí anghearr sin do dhaoine le vótáil agus craoladh iad roimh fheasacháin nuachta nó go díreach ina ndiaidh.
Fógraíocht sa phreas
B’ionann an fhoireann aisteoirí agus na láithreacha a úsáideadh san fhógraíocht sa phreas náisiúnta agus an fhoireann aisteoirí agus na láithreacha a úsáideadh san fhógraíocht teilifíse, san fhógraíocht lasmuigh, san fhógraíocht ar líne agus sa Treoir. Ba é aidhm na bhfógraí preasa spreagadh a thabhairt do dhaoine le cuairt a thabhairt ar an suíomh Gréasáin agus leis an Treoir a léamh. Cuireadh fógraí preasa sna nuachtáin seo: Irish Independent, The Irish Times, Irish Daily Star, Irish Examiner, The Irish Sun, The Sunday Independent, Sunday World agus The Sunday Business Post.
Fógraíocht lasmuigh
Baineadh úsáid as an aon chineál íomhánna, téacs agus stíle amháin san fhógraíocht lasmuigh freisin. Ceannaíodh spás ar chláir fógraí 48 leathán ar fud na tíre agus ar scáthláin bhus 6 leathán.
Fógraíocht ar líne
B’ionann cuspóir fhormhór na leaganacha amach don fhógraíocht ar líne agus cuspóir na leaganacha amach don fhógraíocht sna meáin eile. Tugadh smaoineamh ceannlíne ar a raibh sa togra reifrinn, spreagadh daoine le faisnéis bhreise a fháil, insíodh dóibh cén áit a bhfaigheadh siad an fhaisnéis sin, agus spreagadh daoine le vótáil.
Baineadh úsáid as leaganacha amach taispeána digití ardtionchair i gcás raon leathan suíomhanna Gréasáin. Ba é an aidhm ná freastal ar an raon ba leithne den phobal vótála agus ab fhéidir. Ar fud an fheachtais, cuireadh leo sin ach fógraí físeán ar éileamh agus taispeáint dhigiteach, sealghabháil leathanach baile san áireamh, Facebook, Twitter agus cuardach a úsáid.
Chuir an Coimisiún lena leaganacha amach taispeána digití ardtionchair ach spriocdhíriú ar réimsí leathana agus ar nideoga. Mar shampla, chuir an Coimisiún a phríomhíomhá mná ar shuíomhanna amhail Her.ie. Bhain sé úsáid as spriocdhíriú eochairfhocal comhthéacsúil ar fud an fheachtais agus as spriocdhíriú eochairfhocal diúltach don chéim thosaigh um chlárú chun vótáil.
Baineadh úsáid as aonaid spás fógraíochta, as poist churtha chun cinn agus as bloic rochtana ar Facebook agus as tvuíteanna curtha chun cinn le haghaidh rannpháirtíocht a bhrú chun cinn.
Baineadh úsáid as ASUnna, as poist churtha chun cinn agus as bótharbhloic ar Facebook agus as tvuíteanna curtha chun cinn le haghaidh rannpháirtíocht a bhrú chun cinn. Is éard atá i bhformáidí d’Aonad Spás Fógraíochta ná na fógraí atá le feiceáil ar cholún na láimhe deise d’fhotha nuachta Facebook. Is é bótharbhloc an téarma a úsáidtear nuair a chuireann fógróir a bhfógra i níos mó ná áit amháin ar an aon leathanach Gréasáin amháin. Chabhraigh an fhormáid sin linn briseadh tríd an tranglam agus sciar gutha 100% a thabhairt dár dteachtaireacht ar fud an leathanaigh Ghréasáin.