An-Coimisuin-Reifrinn

Caibidil 1 Réamhrá

Na reifrinn ar an mBille um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta) 2015 agus ar an mBille um an gCúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Aois Intofachta chun Oifig an Uachtaráin) 2015, cuireadh ar siúl iad Dé hAoine an 22 Bealtaine 2015. De réir Acht an Reifrinn, 1998, tá sé faoi rogha an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil Coimisiún Reifrinn a chur ar bun gach uair atá reifreann le reáchtáil. I gcás leasaithe ar an mbunreacht, ní fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh ar an dáta ar a dtionscnaítear an Bille i nDáil Éireann nó ina dhiaidh. An 21 Eanáir 2015 a tionscnaíodh an Bille ar phósadh agus an 22 Eanáir 2015 a tionscnaíodh an Bille ar aois iarrthóirí uachtaráin.

Bunú an Choimisiúin Reifrinn

 

An 27 Eanáir 2015, rinne an tAire orduithe bunaithe lenar bunaíodh Coimisiúin Reifrinn ar an reifreann ar phósadh agus ar an reifreann ar aois iarrthóirí uachtaráin. Ghlac an Breitheamh Onórach Kevin Cross le hainmniú an Phríomh-Bhreithimh chun gníomhú mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún Reifrinn. Ní mór do Chathaoirleach an Choimisiúin a bheith ina iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc nó na hArd-Chúirte nó ina bhreitheamh ar seirbhís de chuid na hArd-Chúirte.

Comhaltaí de bhrí oifige iad na comhaltaí eile de na Coimisiúin. Ba iad seo na comhaltaí sin –

•  Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

•  Peter Tyndall, an tOmbudsman

•  Peter Finnegan, Leas-Chléireach Dháil Éireann (folamh a bhí oifig Chléireach Dháil Éireann)

•  Deirdre Lane, Cléireach Sheanad Éireann.

Mar thoradh ar fhorluí sa chomhaltas, ghníomhaigh an dá Choimisiún mar choimisiún amháin.

Deonaítear don Choimisiún leis an dlí na cumhachtaí sin atá riachtanach nó áisiúil le haghaidh chomhlíonadh a chuid feidhmeanna. Ní mór don Choimisiún tuairisc a thabhairt ar chomhlíonadh a chuid feidhmeanna don Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis lá na vótála agus díscaoiltear an Coimisiún mí amháin tar éis dó a thuarascáil a chur isteach.

Ról an Choimisiúin

De bhun reachta, is iad seo príomhfheidhmeanna an Choimisiúin –

•  ráiteas nó ráitis ina mbeidh míniú ginearálta ar ábhar an togra agus ar théacs an togra sa Bhille iomchuí agus aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na nithe sin agus is cuí leis an gCoimisiún;

•  na ráitis sin a fhoilsiú agus a dháileadh i cibé slí agus ar cibé modh, lena n-áirítear úsáid na teilifíse, an raidió agus meán leictreonach eile, is mó is dóigh leis an gCoimisiún a tharraingeoidh aird na toghlachta orthu agus a áirithiú a mhéid is indéanta, maidir leis na modhanna a úsáidfear, go gcumasóidh siad do dhaoine a bhfuil míchumas radhairc nó éisteachta orthu na ráitis lena mbaineann a léamh nó a chloisteáil;

•  feasacht an phobail ar an reifreann a chur chun cinn agus spreagadh a thabhairt do na toghthóirí le vótáil sa vótaíocht.

 

Gnéithe d’fheachtas an Choimisiúin

Reáchtáil an Coimisiún feachtas fairsing comhtháite faisnéise ar an teilifís, ar an raidió, sna meáin chlóite, ar fhógraíocht lasmuigh agus ar líne. Dhírigh sé go príomha ar an bhfeasacht ar na reifrinn, ar an tábhacht a bhaineann leo a ardú agus ar spreagadh a thabhairt do dhaoine le vótáil. De bhreis air sin, foilsíodh treoir faisnéise i riocht leabhráin agus dáileadh í ar gach teach sa Stát.

Chomh maith leis sin, thaifead an Coimisiún craoltaí faisnéise poiblí don raidió agus don teilifís lenar tugadh míniú ar na moltaí agus chraol gach stáisiún raidió náisiúnta, áitiúil agus pobail agus gach stáisiún teilifíse iad. Bhain an Coimisiún úsáid ghníomhach as na meáin shóisialta.