An-Coimisuin-Reifrinn

Caibidil 5 Acmhainní

Maoiniú a chur ar fáil don Choimisiún Reifrinn

Leithdháil an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais €1.5 milliún ar an gCoimisiún le haghaidh an reifrinn ar phósadh agus leithdháil an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil €1.2 milliún air le haghaidh an reifrinn ar aois iarrthóirí uachtaráin. D’fhág sé sin gurbh é €2.7 milliún an maoiniú iomlán ar fáil. Chinn an Coimisiún go mbeadh sé stuama comhfheachtas faisnéise a reáchtáil le haghaidh an dá reifreann agus shann sé na costais sa dá bhuiséad i gcomhréir le húsáid na seirbhísí ábhartha a d’úsáidfí le linn an fheachtais reifrinn.

Is mar seo a leanas a sheasann an maoiniú iomlán a leithdháileadh le haghaidh na reifreann sin i gcomparáid le feachtais roimhe seo: maoiniú

Coimisiúin de €5 mhilliún don chéad fheachtas le haghaidh Chonradh Liospóin, €4.2 milliún don dara feachtas le haghaidh Chonradh Liospóin, €2.25 milliún san iomlán don Reifreann ar Thuarastal Breithiúna agus don Reifreann ar Fhiosruithe Thithe an Oireachtais, €2.2 milliún don Reifreann ar an gConradh um Chobhsaíocht Fhioscach, €1.9 milliún don Reifreann Leanaí agus €3.3 milliún san iomlán do na reifrinn ar dheireadh a chur leis an Seanad agus ar bhunú na Cúirte Achomhairc.

B’ionann an caiteachas iomlán agus níos mó ná €2.2 milliún, agus é miondealaithe mar atá léirithe i bhFíor 2. Rinne an Coimisiún Reifrinn iarracht ar fud an fheachtais faisnéise luach ar airgead a bhaint amach agus a chinntiú go raibh an feachtas chomh héifeachtach agus ab fhéidir. Is deimhin leis an gCoimisiún gur baineadh an dá cheann de na cuspóirí sin amach.

Caiteachas an Choimisiúin Reifrinn 1

Barraíocht tugtha ar ais

Tugadh na hiarmhéideanna neamhchaite de €0.307 milliún agus €0.178 milliún ar ais don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus don Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil faoi seach.

Is mian leis an gCoimisiún a chur in iúl go bhfuil sé den tuairim gurb é €1.5 milliún an leithdháileadh cistiúcháin íosta ba cheart a chur ar fáil dó i dtaca le feachtas reifrinn ar bith. Sa chás go bhfuiltear ag cur níos mó ná reifreann amháin ar siúl ar an aon lá amháin, ba cheart €1.5 milliún ar a laghad a leithdháileadh le haghaidh gach cinn acu. Tá dea­chuntas teiste ag Coimisiúin maidir lena chinntiú go mbaintear luach ar airgead amach ina gcuid feachtas, agus leas á bhaint as barraineachtaí mórscála nuair atáthar ag cur níos mó ná reifreann amháin ar siúl ar an aon lá amháin agus ag tabhairt aon iarmhéideanna neamhíoctha ar ais do na ranna urraíochta.

Ní cuí leis an gCoimisiún gur cheart do roinn ar bith leibhéal an mhaoinithe a leithdháilfidh sí ar an gCoimisiún Reifrinn neamhspleách a chinneadh go haontaobhach bunaithe ar chuntais chaiteachais roimhe sin. Is go stuama a chuireann Coimisiúin suim theagmhasach i leataobh i gcás éigeandálaí a thagann chun cinn go mall i bhfeachtas nó i ndiaidh feachtais, e.g. caingne dlí a thugtar in aghaidh an Choimisiúin, faoi mar a tharla roinnt uaireanta roimhe seo. Más rud é gurb ionann an cuntas caiteachais roimhe sin agus an tsuim a leithdháilfear ar an gCoimisiún le haghaidh feachtas amach anseo, d’fhéadfadh sé sin laghduithe leantacha ar leithdháiltí a chruthú agus an figiúr teagmhasach á chur san áireamh. Le himeacht ama, laghdódh maoiniú an Choimisiúin go leibhéil nach bhféadfadh sé a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh go fónta dá bharr.

Soláthar

Ní bhíonn an Coimisiún Reifrinn ann ar bhonn leantach de réir an dlí agus ní bhíonn sé ann ach tar éis é a bhunú le hordú ón Aire. Ag fanacht le reifrinn a bhí le cur ar siúl go luath in 2015 agus eolach ar an taithí roimhe sin ar Choimisiúin Reifrinn a bhunú go mall, chinn an ceathrar “gnáthchomhaltaí” nó na comhaltaí de bhrí oifige de chuid an Choimisiúin agus Rúnaí ainmnithe an Choimisiúin, go mbeadh sé cuí socruithe sealadacha a chur i bhfeidhm chun reáchtáil éasca aon fheachtais reifrinn amach anseo a éascú, ag féachaint do na forálacha i Rialacháin an AE agus do Threoracha a bhaineann le soláthar. Mar gur dhócha go mbeadh na seirbhísí de chuid soláthraithe difriúla seirbhíse ag teastáil ó Choimisiún Reifrinn ar bith amach anseo agus ós rud é nach raibh aon chonarthaí i bhfeidhm a bhféadfadh coimisiún reifrinn amach anseo leas a bhaint astu, cinneadh go mbunódh Oifig an Ombudsman roinnt creat-chomhaontuithe a bheadh le húsáid ag an oifig í féin agus/nó ag Coimisiúin Reifrinn ar bith ina dhiadh sin. Bhunófaí creat-chomhaontú ar leith le haghaidh gach cineáil seirbhíse riachtanaí. Mhairfeadh gach creat-chomhaontú dhá bhliain agus d’fhéadfaí iad a shíneadh ar feadh bliain amháin sa bhreis. D’fhéadfadh sé sin an conradh a d’úsáidfeadh Coimisiún Reifrinn ar bith a bhunófaí sa tréimhse sin a shíneadh go deireadh na bliana 2017. Bhronnfaí Coimisiún Reifrinn conradh glao isteach

(i.e. conradh le haghaidh seirbhísí sonracha) faoin gcreat-chomhaontú nuair ba mhian leis seirbhísí a fháil.

Dá bhrí sin, d’fhoilsigh Oifig an Ombudsman iarraidh ar thairiscintí ar etenders go luath i mí na Nollag 2014 d’fhonn creat-chomhaontú soláthraí aonair a bhunú le haghaidh seirbhísí margaíochta, seirbhísí bainistíocht tionscadal agus seirbhísí comhairliúcháin chumarsáide a chur ar fáil chun comhairle agus cabhair a thabhairt agus feachtais faisnéise poiblí, fógraíochta agus meán a phleanáil agus a chur i ngníomh. Ba é an 18 Eanáir 2015 an dáta deiridh le haghaidh tairiscintí a fháil. Cinneadh go mbeadh cuibhreannas arna threorú ag Murray Consultants (caidreamh poiblí) agus lena n-áirítear Chemistry (fógraíocht) agus Carat Ireland (pleanáil/ ceannach meán) ar an gconraitheoir.

D’fhoilsigh Oifig an Ombudsman iarraidh ar thairiscintí ar etenders i mí na Nollag 2014 freisin d’fhonn creat-chomhaontú soláthraí aonair a bhunú le haghaidh seirbhísí dréachtaithe dhlíthiúil a chur ar fáil. Ba é an 12 Eanáir 2015 an dáta deiridh le haghaidh tairiscintí a fháil. Ba í Ita Mangan, sainchomhairleoir dlí agus gnóthaí sóisialta, an tairgeoir rathúil.

Tar éis a bhunaithe an 27 Eanáir 2015, bhronn an Coimisiún Reifrinn conarthaí glao-isteach ar chuibhreannas Murray agus ar Ita Mangan Uas.

Go luath i mí Eanáir 2015 agus tamall gairid sular bunaíodh an Coimisiún, d’fhoilsigh Oifig an Ombudsman freisin Iarraidh ar Thairiscintí ar etenders d’fhonn ábhar faisnéise gan seoladh arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Reifrinn a sheachadadh ar gach teach sa Stát. Áiríodh san Iarraidh ar Thairiscintí foráil go gcoimeádfadh Coimisiún Reifrinn ar bith amach anseo an ceart chuige féin rogha a chleachtadh, faoina lánrogha féin, conradh soláthair le haghaidh reifreann ar bith a reáchtálfar go deireadh na bliana 2016 a dheonú ar an soláthraí seirbhíse a roghnaíodh de bharr na hiarrata ar thairiscintí sin.

Ba é an 10 Márta 2015 an dáta deiridh le haghaidh tairiscintí a fháil. Bhronn an Coimisiún an conradh ar An Post.

Buíochas

Tá an Coimisiún go mór faoi chomaoin ag a sholáthraithe seirbhíse as cabhrú leis raon leathan tascanna a cur i gcrích faoi shrianta ama an­dúshlánach. Tá buíochas tuillte ag na hasraonta éagsúla craolacháin agus ag an bpreas náisiúnta as a gcomhar gníomhach leis an gCoimisiún.

Mar shainchomhairleoir margaíochta/cumarsáide don Choimisiún, d’imir Murray Consultants, agus Mark Brennock agus Aoibheann O’Sullivan go háirithe, ról ríthábhachtach chun a chinntiú gur soláthraíodh na snáitheanna éagsúla den fheachtas in am agus ar bhealach comhordaithe. Cé go raibh siad faoi bhrú mór ama, tháirg Chemistry, an ghníomhaireacht fógraíochta cruthaithí, agus Carat, an ghníomhaireacht ceannach meán, obair den chéad scoth. Tá buíochas speisialta tuillte ag Ray Sheerin ó Chemistry, ag Liam McDonnell ó Carat agus ag na foirne a oibríonn leo.

Cabhair iontach don fheachtas a bhí scileanna Ita Mangan agus raon leathan ábhar faisnéise á dhréachtú. Tá an Coimisiún buíoch freisin de Patrick Walshe, a chomhairleoir dlí ó ghnólacht aturnaetha Philip Lee, de Brian Murray, an tAbhcóide Sinsearach, agus de Catherine Donnelly BL.

Tá an Coimisiún go mór faoi chomaoin ag a rúnaíocht, a gcuireann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí í ar fáil, as a chuid oibre ag cabhrú léi ar fud feachtas faisnéise poiblí a raibh brú ag baint leis. Ní bheadh an Coimisiún in ann a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh in éagmais a cabhrach agus a heolais. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine acu agus le Paddy Walsh, a d’oibrigh mar Rúnaí don Choimisiún, go háirithe. Chuir Oifig an Ombudsman áiseanna riachtanacha eile ar fáil don Choimisiún agus chuir roinnt mhaith de bhaill foirne na hOifige sin lena chuid oibre freisin. Tá an Coimisiún buíoch d’Oifig an Ombudsman as an gcabhair sin.