Caibidil 4 Athbhreithniú breithiúnach
An 3 Meitheamh 2015, rinne an tUas. Gerry Walshe, ar dlíthí tuata é, iarratas ar shaoire chun achainí a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt lena gceisteofaí a bhailí atá an Bille um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta) 2015. Rinneadh an t-iarratas in aghaidh na hÉireann, an Ard-Aighne, Cheann Comhairimh an Reifrinn agus an Choimisiúin Reifrinn. Diúltaíodh don iarratas. D’iarr an Coimisiún a chostais agus dámhadh dó iad.
Rinne an tUas. Walshe achomharc in aghaidh bhreith na hArd-Chúirte chuig an gCúirt Achomhairc.
An 29 Meitheamh 2015, dheimhnigh an tUas. Walshe gur scaoileadh an Coimisiún Reifrinn ón achomharc. Leanadh den achomharc in aghaidh na bhfreagróirí eile.