Refcom logo

Fáilte Romhat

Ní bhíonn an Coimisiún Reifrinn ar marthain go leanúnach. Faoi Acht an Reifrinn 1998, gach uair dá mbíonn reifreann le reáchtáil, féadfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, dá rogha féin, Coimisiún Reifrinn a cheapadh. Ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur i láthair an Aire faoi cheann 6 mhí ó lá na vótaíochta agus déantar an Coimisiún a lánscor mí amháin ina dhiaidh sin.

Faisnéis is Déanaí

Ar an 5 Meán Fómhair, cheap an tAire coimisiún reifrinn le haghaidh an Bhille um an 29ú Leasú ar an mBunreacht (Luach Saothair na mBreithiúna) 2011. Ceapadh coimisiún breise ar 13 Meán Fómhair i ndáil leis an mBille um an 30ú Leasú ar an mBunreacht (Fiosrúcháin Thithe an Oireachtais) 2011. Is é an Dochtúir Bryan McMahan Cathaoirleach an dá choimisiún. Is Breitheamh Ard-Chúirte é atá ar scor.

Tá an Coimisiún Reifrinn tar éis tús a chur lena chuid oibre agus sheol sé feachtas faisnéise don dá reifreann ar an 11 Deireadh Fómhair 2011. Chomh maith leis sin sheol an Coimisiún suíomh Gréasáin tiomnaithe www.referendum2011.ie

Ról an Choimisiúin Reifrinn

Is é ról an Choimisiúin Reifrinn ábhar tograí reifrinn a mhíniú, feasacht an phobail ar an reifreann a chur chun cinn agus na toghthóirí a spreagadh le vótáil lá na vótaíochta. Comhlacht neamhspleách is ea an Coimisiún Reifrinn. (Ó 2001, níl sé de ról ag an gCoimisiún a thuilleadh na hargóintí ar son agus i gcoinne tograí reifrinn a áiteamh.)

Ballraíocht an Choimisiúin Reifrinn

Bíonn iarbhall den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach nó ball atá ag fónamh don Ard-Chúirt faoi láthair ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún. An Príomh-Bhreitheamh a cheapann an Cathaoirleach ar iarraidh ón Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Tá ceathrar ball ex officio ann, mar seo a leanas:

Cléireach Dháil Éireann

Cléireach Sheanad Éireann

An tOmbudsman

An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Oifig an Ombudsman a sholáthraíonn an Rúnaíocht don Choimisiún. An Roinn a urraíonn togra an reifrinn ábhartha a mhaoiníonn an Coimisiún, m.sh. ba í an Roinn Gnóthaí Eachtracha a sholáthair an maoiniúchán do na Reifrinn maidir le Conradh Liospóin.

Má bhíonn aon deacrachtaí agat faisnéis a aimsiú ar an suíomh nó má bhíonn aon mholtaí agat maidir leis an mbealach go bhféadfaí an suíomh a fheabhsú, iarraimid ort dul i dteagmháil linn.




This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations|This site conforms to W3C CSS recommendations|This site meets WAI Priority 3 recommendations|