Eolas Fúinne
Ról an Choimisiúin Reifrinn
Is é is an Coimisiún Reifrinn ann ná comhlacht neamhspleách a mhíníonn ábhar na dtograí reifrinn, a chuireann feasacht an phobail ar reifreann chun cinn agus a thugann spreagadh do na toghthóirí vótáil. Tá cead ag an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil Coimisiún a cheapadh aon uair atá reifreann le rith.
Ceapadh Coimisiún le haghaidh na reifreann le teacht ar phósadh agus ar aois iarrthóirí Uachtaráin (dáiríre, tá dhá Choimisiún ann, is iad sin, ceann amháin sa reifreann, ach gníomhóidh siad mar Choimisiún amháin). Beidh an Breitheamh Onórach Kevin Cross ón Ard-Chúirt ina Chathaoirleach air. Is iad seo a bhaill eile: an tUas. Peter Tyndall, an tOmbudsman; an tUas. Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste; an tUas. Peter Finnegan, Leas-Chléireach na Dála; agus Deirdre Lane Uasal, Cléireach an tSeanaid.