Refcom logo

Nasc Adobe Acrobat Reader|

Nasc Adobe Acrobat Reader



BATalk

BrowseAloud

Fáilte Romhat

Ní bhíonn an Coimisiún Reifrinn ar marthain go leanúnach. Faoi Acht an Reifrinn 1998, gach uair dá mbíonn reifreann le reáchtáil, féadfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, dá rogha féin, Coimisiún Reifrinn a cheapadh. Ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur i láthair an Aire faoi cheann 6 mhí ó lá na vótaíochta agus déantar an Coimisiún a lánscor mí amháin ina dhiaidh sin.


Faisnéis is Déanaí

Márta 2010 - Conradh Liospóin Tuarascail 2009


Stádas reatha an Choimisiúin Reifrinn

Is an 7 Iúil 2009 a bunaíodh an Coimisiún Reifrinn i leith an dara reifreann maidir le Conradh Liospóin in 2009, faoi Chathaoirleacht an Bhreithimh Onóraigh Frank Clarke. Ba é an 2 Deireadh Fómhair lá na vótaíochta don reifreann. Bhunaigh an Coimisiún suíomh idirlín aonfheidhme - http://www.lisbontreaty2009.ie/ – chun críocha a fheachtais fhaisnéise.

Chuir an Coimisiún a thuarascáil i láthair an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an 28 Eanáir 2010. Faoi Acht an Reifrinn 1998, lánscoireadh an Coimisiún mí amháin ina dhiadh sin, on 28 Feabhra 2010.


Ról an Choimisiúin Reifrinn

Is é ról an Choimisiúin Reifrinn ábhar tograí reifrinn a mhíniú, feasacht an phobail ar an reifreann a chur chun cinn agus na toghthóirí a spreagadh le vótáil lá na vótaíochta. Comhlacht neamhspleách is ea an Coimisiún Reifrinn. (Ó 2001, níl sé de ról ag an gCoimisiún a thuilleadh na hargóintí ar son agus i gcoinne tograí reifrinn a áiteamh.)


Ballraíocht an Choimisiúin Reifrinn

Bíonn iarbhall den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach nó ball atá ag fónamh don Ard-Chúirt faoi láthair ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún. An Príomh-Bhreitheamh a cheapann an Cathaoirleach ar iarraidh ón Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Tá ceathrar ball ex officio ann, mar seo a leanas:

  • Cléireach Dháil Éireann
  • Cléireach Sheanad Éireann
  • An tOmbudsman
  • An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Oifig an Ombudsman a sholáthraíonn an Rúnaíocht don Choimisiún. An Roinn a urraíonn togra an reifrinn ábhartha a mhaoiníonn an Coimisiún, m.sh. ba í an Roinn Gnóthaí Eachtracha a sholáthair an maoiniúchán do na Reifrinn maidir le Conradh Liospóin.

Má bhíonn aon deacrachtaí agat faisnéis a aimsiú ar an suíomh nó má bhíonn aon mholtaí agat maidir leis an mbealach go bhféadfaí an suíomh a fheabhsú, iarraimid ort dul i dteagmháil linn.



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations|This site conforms to W3C CSS recommendations|This site meets WAI Priority 3 recommendations|