Ar an Satharn, an 10 Samhain 2012, iarrfar ort vóta a chaitheamh maidir le
moladh chun Bunreacht na hÉireann a athrú. Baineann na hathruithe atá
beartaithe ar an mBunreacht le cearta leanaí. Leis an moladh cuirfear Airteagal
nua 42A leis an mBunreacht agus scriosfar Airteagal reatha 42.5.Is fútsa cinneadh a dhéanamh faoi conas a chaitheann tú do vóta sa reifreann. Mar sin féin, molann an Coimisiún Reifrinn duit tú féin a chur ar an eolas faoin athrú atá molta, agus do vóta a chaitheamh. Tá an Bunreacht tábhachtach. Is é an Bunreacht dlí bunúsach ár Stáit. Cuireadh i bhfeidhm é le reifreann na ndaoine agus ní féidir é a athrú ach amháin le reifreann. Leagtar síos ann na caighdeáin le haghaidh ghníomhaíocht uile an Stáit. Ní mór do gach duine urraim a thabhairt dó agus géilleadh dó, lena n-áirítear an Dáil agus an Seanad, na Cúirteanna agus an tseirbhís phoiblí. Is leatsa an Bunreacht agus tá sé de chumhacht agatsa cinneadh a dhéanamh cibé é a athrú nó gan é a athrú.
Ar an suíomh Gréasáin seo, tugaimid tuairisc ghearr ar an athrú atá beartaithe mar aon le téacs airteagal reatha áirithe eile den Bhunreacht a bhaineann le bunchearta, leis an teaghlach agus le hoideachas agus d'fhéadfaidís seo a bheith ábhartha agus tú i mbun machnaimh ar an moladh.
Ní dhéantar argóint ar an suíomh seo ar son vóta atá ar son nó in aghaidh an mholta, ach molaimid duit go láidir do vóta a chaitheamh.

Mary Finlay Geoghegan
Cathaoirleach
An Coimisiún Reifrinn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Reifrinn ag:
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Teil: 01 639 5695
Íosghlao: 1890 270 970
Ríomhphost: refcom@refcom.gov.ie

