Molann an Coimisiún Reifrinn do dhaoine clárú chun vótáil
Dé Luain an 13 Aibreán 2015: An Coimisiún Reifrinn, atá ar an gcomhlacht neamhspleách a cuireadh ar bun chun na tograí reifrinn a mhíniú, feasacht an phobail a chur chun cinn agus spreagadh a thabhairt do dhaoine chun vótáil, sheol sé a fheachtas faisnéise poiblí inniu lena dtugtar na fíricí faoin Reifreann ar Phósadh agus faoin Reifreann ar Aois Iarrthóirí Uachtaráin.
Is é a bheidh i gceist san fheachtas ná suíomh Gréasáin, refcom.ie, a bheidh ar an bhfoinse lárnach faisnéise don dá reifreann. Chomh maith leis sin, foilseofar Treoir Neamhspleách a leithdháilfear ar gach teach sa tír. Bainfear úsáid as an dá cheann acu chun eolas a thabhairt do dhaoine faoi mhionsonraí na n-athruithe beartaithe ar an mBunreacht.
Reáchtálfaidh an Coimisiún feachtas fairsing fógraíochta sna seachtainí le teacht a chuimseoidh fógraíocht ar an teilifís, ar an raidió, sna nuachtáin agus ar líne mar aon le fógraíocht lasmuigh. Chomh maith leis sin, léireoidh sé craoltaí saorchraolta reifrinn a chraolfar ar gach ceann de na stáisiúin teilifíse agus na stáisiúin raidió sa Stát.
Dúirt an Coimisiún inniu go dteastaíonn ó dhaoine go práinneach clár na dtoghthóirí a sheiceáil agus a chinntiú go bhfuil a n-ainm air agus go bhfuil a chuid sonraí ceart agus, mura bhfuil, an scéal a réiteach faoin 5 Bealtaine ar a dhéanaí. Agus é ag labhairt ag seoladh an fheachtais inniu, dúirt an Breitheamh Onórach Kevin Cross, Cathaoirleach an Choimisiúin: “Is amhlaidh ag gach toghchán gurb ann do na mílte duine atá i dteideal vótáil agus nach féidir leo déanamh amhlaidh toisc nach bhfuil siad cláraithe. Is ann do roinnt mhaith daoine freisin a bhog chuig teach nua agus nach bhfuil cláraithe ach ag a n-iarsheoladh. Ní thagann sé sin chun cuimhne ach ar lá na vótála.
“Dá bhrí sin, seiceáil clár na dtoghthóirí ar líne ag checktheregister.ie nó ag an oifig phoist, an stáisiún de chuid an Gharda Síochána, an leabharlann phoiblí nó an oifig údaráis áitiúil is cóngaraí duit. Mura bhfuil tú ar an gclár, íoslódáil na foirmeacha nó faigh foirm amháin ón oifig phoist, ón leabharlann nó ón oifig údaráis áitiúil. Líon isteach í, bíodh sí stampáilte duit ag stáisiún áitiúil an Gharda Síochána agus déan cinnte go bhfaighidh d’údarás áitiúil í faoin 5 Bealtaine ar a dhéanaí.”
Beidh feachtas faisnéise an Choimisiúin ar siúl go dtí lá na vótála agus an lá sin san áireamh. “Is é is aidhm dúinn eolas a thabhairt do dhaoine faoi na fíricí faoin dá thogra reifrinn” arsa an Breitheamh Cross. “Is é an ról atá againn ná na fíricí a chur ar fáil. Mholfainn do dhaoine súil a chaitheamh ar na fíricí sin ionas go bhféadfaidh siad cinneadh eolasach a dhéanamh ar cé acu a vótálfaidh siad ‘tá’ nó ‘níl’ ar na tograí.”
An Reifreann ar Phósadh
Sa reifreann seo, féadfaidh tú Tá nó NÍL a vótáil ar an togra chun clásal nua a bhaineann le pósadh a chur isteach sa Bhunreacht. Foráiltear leis an gclásal nua sin go bhféadfaidh beirt pósadh gan idirdhealú ar bhonn gnéis.
Sa chás go rithfear an reifreann seo:
- Beidh beirt den ghnéas céanna in ann pósadh go díreach mar atá duine in ann duine den ghnéas eile a phósadh.
- Leanfar ar aghaidh ag leagan amach i reachtaíocht na rialacha mionsonraithe eile maidir le cé a fhéadann pósadh, mar shampla, rialacha faoi aois na bpáirtithe nó faoi ghaolta nach bhféadfaidh pósadh a chéile.
- Ní bheidh aon athrú ar stádas an phósta sa Bhunreacht.
- Beidh an stádas céanna faoin mBunreacht ag pósadh idir beirt den ghnéas céanna agus ag pósadh idir fear agus bean.
- Déanfar lánúin phósta den dá ghnéas nó den ghnéas céanna a aithint mar theaghlach agus beidh sí i dteideal na cosanta a thugtar sa Bhunreacht do theaghlaigh.
An Reifreann ar Aois Iarrthóirí Uachtaránachta
Sa reifreann seo, féadfaidh daoine TÁ nó NÍL a vótáil i leith an togra chun an aois ag a bhfuil iarrthóirí intofa chun oifig an Uachtaráin a laghdú ó 35 bliain d’aois go 21 bliain d’aois.
Sa chás go rithfear an reifreann seo:
- Déanfar an aois ag a bhfuil iarrthóirí intofa chun oifig an Uachtaráin a laghdú ó 35 bliain d’aois go 21 bliain d’aois.
- Ní bheidh aon athrú ar na forálacha eile sa Bhunreacht a bhaineann le hoifig an Uachtaráin, lena n-áirítear an próiseas chun duine a ainmniú mar iarrthóir chun oifig an Uachtaráin.
Tá Treoir an Choimisiúin Reifrinn ar fáil ar a shuíomh Gréasáin freisin ag refcom.ie. Chomh maith leis sin, tá líne theileafóin thiomnaithe aige ar 1890 270 970. Tabharfar téacs i mBéarla agus i nGaeilge araon sa Treoir agus ar an suíomh Gréasáin. Is féidir le vótálaithe a bhfuil deacracht acu rochtain a fháil ar ghnáthábhar faisnéise iad féin a chur ar an eolas trí na leaganacha den Treoir i bhformáid Braille, i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann, in DVDanna agus in CDanna fuaime agus trí na leaganacha mórchló den treoir a chuirfear ar fáil sna seachtainí le teacht. Chomh maith leis sin, beidh Teanga Chomharthaíochta na hÉireann á húsáid ag an gCoimisiún i roinnt dá fhógraí teilifíse.
