Is féidir le daoine clárú chun vótáil sa dá reifreann go dtí an 5 Bealtaine
An 9 Aibreán 2015 – Sheol an Coimisiún Reifrinn feachtas chun spreagadh a thabhairt do dhaoine clárú chun vótáil sa reifreann ar phósadh agus sa reifreann ar aois iarrthóirí uachtaráin a bheidh ar siúl Dé hAoine an 22 Bealtaine.
Beidh feachtas fógraíochta ar líne, raidió agus lasmuigh á reáchtáil ag an gCoimisiún sa dá sheachtain romhainn ina n-iarrfar ar dhaoine clár na dtoghthóirí a sheiceáil agus, mura bhfuil a n-ainm air, clárú roimh an 5 Bealtaine. Chomh maith leis sin, tá aip um chlárú vótálaithe ar Facebook á cur ar fáil ag an gCoimisiún chun clárú a uasmhéadú roimh na reifrinn.
Tugann an aip treoir do dhaoine tríd an ngnás simplí um sheiceáil a dhéanamh ar cé acu atá siad ar an gclár nó nach bhfuil agus um íoslódáil a dhéanamh ar na foirmeacha a theastaíonn chun clárú mura bhfuil siad ar liosta na ndaoine atá incháilithe le haghaidh vótáil. Na daoine sin a fhaigheann amach nach bhfuil siad cláraithe nó go bhfuil siad cláraithe ag an seoladh mícheart, féadfaidh siad é sin a cheartú má fhaigheann a n-údarás áitiúil na foirmeacha faoin 5 Bealtaine ar a dhéanaí.
Is féidir rochtain a fháil ar Aip an Choimisiúin ón leathanach atá aige ar Facebook ag facebook.com/#!/referendumcommission
Dar leis an mBreitheamh Onórach Kevin Cross, Cathaoirleach an Choimisiúin Reifrinn: “Bealach furasta do dhaoine an clár a sheiceáil agus clárú roimh lá na vótála is ea an Aip seo ar Facebook. De rogha air sin, féadfaidh daoine dul go díreach chuig checktheregister.ie. Ceann amháin de na príomhfheidhmeanna atá ag an gCoimisiún Reifrinn is ea spreagadh a thabhairt do dhaoine vótáil agus cuid thábhachtach den fheidhm sin atá i gclárú vótálaithe a spreagadh.”
Trí fheachtas fógraíochta ar líne a bheidh ar siúl sa chéad chúpla seachtain le teacht, treorófar daoine chuig an aip lena dtabharfar treoir do dhaoine tríd an ngnás simplí céim ar chéim um an gclár a sheiceáil agus um iarratas a dhéanamh ar a gcur san áireamh ar an gclár forlíontach. Beidh an rogha ag na daoine a úsáidfidh an aip a chur in iúl do chairde leo gur úsáid siad an aip agus gur cheart do dhaoine eile an clár a sheiceáil ar an mbealach sin. Níl le déanamh ach an luch a chliceáil.
Chomh maith leis an aip ar Facebook, beidh an Coimisiún gníomhach ar Twitter freisin le linn an fheachtais ag @RefCom_ie
