Seo é an téacs a thugann freagraí an Choimisiúin ar cheisteanna a cuireadh le clár Prime Time ar RTÉ i dtaca le craoladh an 14 Bealtaine.
Ceisteanna Prime Time an 12 Bealtaine
1. Má ritear an Reifreann ar Phósadh, an mbeidh sé ceadaithe de réir an Bhunreachta bheith i bhfabhar lánúin phósta den dá ghnéas in ionad lánúin phósta den ghnéas céanna in aon dlíthe, in aon rialacháin nó in aon bheartas de chuid comhlacht reachtúil lena rialaítear uchtú agus altramú leanaí?
Tá roinnt saincheisteanna i gceist:
Leasanna is fearr an linbh
• Is ceanglas Bunreachtúil é cheana nach foláir go bhfuil leasanna is fearr an linbh ina gceist tábhachtach in aon imeachtaí a bhaineann le saincheisteanna amhail uchtú agus altramú leanaí.
• Níl ceart Bunreachtúil ná dlíthiúil ag aon lánúin ná aon duine aonair chun leanbh a uchtú nó a altramú.
Caitheamh le lánúineacha pósta den dá ghnéas agus lánúineacha pósta den ghnéas céanna ar dhóigh dhifriúil
Má ritear reachtaíocht lena gcaitear ar dhóigh dhifriúil le lánúineacha pósta den ghnéas céanna agus le lánúineacha pósta den dá ghnéas, agus má dhéantar agóid in aghaidh na reachtaíochta sin, beidh ar na Cúirteanna a cinneadh cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear an caitheamh difriúil sin leis an mBunreacht. Is ceisteanna ábhartha iad seo a leanas:
• Má ritear an Reifreann ar Phósadh, forálfar leis an mBunreacht d’ord pósta amháin a bheidh ar fáil do lánúineacha den ghnéas céanna agus do lánúineacha den dá ghnéas.
• Mar aon le hAirteagal 41 a mheas a bheith leasaithe sa reifreann sin, beidh ar na Cúirteanna Airteagal 40.1 a mheas freisin, rud lena bhforáiltear go n-áirítear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí.
• Toisc nach samhlaítear leis an reifreann ach stádas bunreachtúil pósta amháin, is dóigh go mbeidh ar na Cúirteanna grinnscrúdú cúramach a dhéanamh ar aon dlí lena gcaitear le cineál amháin lánúine pósta ar dhóigh dhifriúil le cineál eile. Is dóigh freisin gur eisceachtúil a bheidh na cúinsí ina bhféadfar caitheamh difriúil den sórt sin a cheadú.
• Sa chás go bhféadfar caitheamh difriúil den sórt sin a cheadú, agus go dtabharfar dlíthe den sórt sin isteach, ní sheasfar leo ach amháin sa chás nár cruthaíodh leis na dlíthe sin leithcheal ná idirdhealú treallach idir lánúineacha den dá ghnéas agus lánúineacha den ghnéas céanna. I dtéarmaí praiticiúla, fágann sé sin nach foláir cúis an-mhaith a bheith ann leis an gcaitheamh difriúil, rud a chomhlíonann cuspóir dlisteanach reachtach. Chomh maith leis sin, ní foláir an caitheamh difriúil sin a bheith ábhartha dá chuspóir agus ní foláir caitheamh go cothrom leis na lánúineacha den dá ghnéas agus den ghnéas céanna araon. An cheist maidir le cé acu a shásaítear nó nach sásaítear na ceanglais sin in aon chás ar leith, beidh sí ag brath ar an bhfianaise a chuirtear i láthair.
2. Má ritear an Reifreann ar Phósadh, an mbeidh sé ceadaithe de réir an Bhunreachta bheith i bhfabhar lánúineacha pósta den dá ghnéas in ionad lánúineacha pósta den ghnéas céanna in aon dlíthe, in aon rialacháin nó in aon bheartas de chuid gníomhaireacht reachtúil lena rialaítear máthairionadaíocht agus atáirgeadh daonna cuidithe?
Níl aon fhorálacha sonracha maidir le máthairionadaíocht ná le hatáirgeadh daonna cuidithe i bhfeidhm sa Bhunreacht agus níl sé beartaithe ag an reifreann seo aon fhorálacha den chineál sin a thabhairt isteach.
Ní rialáiltear máthairionadaíocht in Éirinn faoi láthair. Ritheadh dlíthe lena ndéileáiltear le hatáirgeadh daonna cuidithe ach níl siad i bhfeidhm go fóill.
Má ritear reachtaíocht lena gcaitear ar dhóigh dhifriúil le lánúineacha pósta den ghnéas céanna agus le lánúineacha pósta den dá ghnéas, agus má dhéantar agóid in aghaidh na reachtaíochta sin, beidh ar na Cúirteanna a cinneadh cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear an caitheamh difriúil sin sa Bhunreacht. Is ceisteanna ábhartha iad seo a leanas:
• Má ritear an Reifreann ar Phósadh, forálfar leis an mBunreacht d’ord pósta amháin a bheidh ar fáil do lánúineacha den ghnéas céanna agus do lánúineacha den dá ghnéas.
• Mar aon le hAirteagal 41 a mheas a bheith leasaithe sa reifreann sin, beidh ar na Cúirteanna Airteagal 40.1 a mheas freisin, rud lena bhforáiltear go n-áirítear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí.
• Toisc nach samhlaítear leis an reifreann ach stádas bunreachtúil pósta amháin, is dóigh go mbeidh ar na Cúirteanna grinnscrúdú cúramach a dhéanamh ar aon dlí lena gcaitear le cineál amháin lánúine pósta ar dhóigh dhifriúil le cineál eile. Is dóigh freisin gur eisceachtúil a bheidh na cúinsí ina bhféadfar caitheamh difriúil den sórt sin a cheadú.
• Sa chás go bhféadfar caitheamh difriúil den sórt sin a cheadú, agus go dtabharfar dlíthe den sórt sin isteach, ní sheasfar leo ach amháin sa chás nár cruthaíodh leis na dlíthe sin leithcheal ná idirdhealú treallach idir lánúineacha den dá ghnéas agus lánúineacha den ghnéas céanna. I dtéarmaí praiticiúla, fágann sé sin nach foláir cúis an-mhaith a bheith ann leis an gcaitheamh difriúil, rud a chomhlíonann cuspóir dlisteanach reachtach. Chomh maith leis sin, ní foláir an caitheamh difriúil sin a bheith ábhartha dá chuspóir agus ní foláir caitheamh go cothrom leis na lánúineacha den dá ghnéas agus den ghnéas céanna araon. An cheist maidir le cé acu a shásaítear nó nach sásaítear na ceanglais sin in aon chás ar leith, beidh sí ag brath ar an bhfianaise a chuirtear i láthair.
3. Má ritear an Reifreann ar Phósadh, an bhféadfaidh lánúin den ghnéas céanna cur in aghaidh aon srianta sa todhchaí ar mháthairionadaíocht agus ar atáirgeadh daonna cuidithe ag deontóir go rathúil, fiú má bhíonn feidhm ag an srianadh sin maidir le lánúineacha den ghnéas eile freisin, ar an mbonn go bhfuil an srianadh ag cur isteach ar a gceart atá cosanta ag an mBunreacht chun teaghlach a chruthú faoin leasú seo?
Dearbhaíonn na cúirteanna go bhfuil sé de cheart ag lánúineacha pósta chun leanaí a ghiniúint. Ní hionann é sin is a rá, áfach, nach foláir don Stát cabhrú le lánúin nach féidir léi leanaí a ghiniúint déanamh amhlaidh. Mar shampla, níor cinneadh é riamh go mbronntar teidlíocht leis an mBunreacht ar lánúineacha den dá ghnéas chun seirbhísí torthúlachta, seirbhísí um atáirgeadh daonna cuidithe nó máthairionadaíocht a rochtain.