An Reifreann ar Phósadh

Sa reifreann seo, féadfaidh tú Tá  nó Níl  a vótáil ar an togra chun clásal nua a bhaineann le pósadh a chur isteach sa Bhunreacht. Foráiltear leis an gclásal nua sin go bhféadfaidh beirt pósadh gan idirdhealú ar bhonn gnéis.

Tá an leasú beartaithe ar an mBunreacht ar áireamh sa Bhille um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta) 2015.

Beartaítear an méid seo a leanas a chur le hAirteagal 41 den Bhunreacht:

“ Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.”

Éifeacht an togra seo

Sa chás go rithfear an reifreann seo:

  • Beidh beirt den ghnéas céanna in ann pósadh go díreach mar atá duine in ann duine den ghnéas eile a phósadh.
  • Leanfar ar aghaidh ag leagan amach i reachtaíocht na rialacha mionsonraithe eile maidir le cé a fhéadann pósadh, mar shampla, rialacha faoi aois na bpáirtithe nó faoi ghaolta nach bhféadfaidh pósadh a chéile.
  • Ní bheidh aon athrú ar stádas an phósta sa Bhunreacht.
  • Beidh an stádas céanna faoin mBunreacht ag pósadh idir beirt den ghnéas céanna agus ag pósadh idir fear agus bean.
  • Déanfar lánúin phósta den dá ghnéas nó den ghnéas céanna a aithint mar theaghlach agus beidh sí i dteideal na cosanta a thugtar sa Bhunreacht do theaghlaigh.

Téacs iomlán d’Airteagal 41 de Bhunreacht na hÉireann

AN TEAGHLACH

AIRTEAGAL 41

    1. Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.
    2. Ós é an Teaghlach is fotha riachtanach don ord chomhdhaonnach agus ós éigeantach é do leas an Náisiúin agus an Stáit, ráthaíonn an Stát comhshuíomh agus údarás an Teaghlaigh a chaomhnú.
    1. Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.
    2. Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.
    1. Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.
    2. Féadfaidh Cúirt a bheidh ainmnithe le dlí scaoileadh ar phósadh a thabhairt sa chás, ach sa chás amháin, gur deimhin léi –
      1. go raibh, ar dháta thionscnamh na n-imeachtaí, tréimhse ceithre bliana ar a laghad, nó tréimhsí ceithre bliana ar a laghad san iomlán, caite ag na céilí ina gcónaí ar leithligh óna chéile le linn na gcúig bliana roimhe sin,
      2. nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí,
      3. go bhfuil cibé socrú ann, nó go ndéanfar cibé socrú, is dóigh leis an gCúirt a bheith cuí ag féachaint do na himthosca, le haghaidh na gcéilí, le haghaidh aon leanaí le ceachtar acu nó leis an mbeirt acu agus le haghaidh aon duine eile a bheidh forordaithe le dlí, agus
      4. go gcomhlíontar aon choinníollacha breise a bheidh forordaithe le dlí.
    3. I gcás pósadh duine ar bith a scaoileadh faoi dhlí shibhialta aon Stáit eile agus an pósadh sin, agus bail dlí air, a bheith ann fós faoin dlí a bheas i bhfeidhm in alt na huaire taobh istigh de dhlínse an Rialtais agus na Parlaiminte a bhunaítear leis an mBunreacht seo, ní fhéadfaidh an duine sin pósadh ar a mbeadh bail dlí a dhéanamh taobh istigh den dlínse sin an fad is beo don duine eile a bhí sa chuing phósta a scaoileadh amhlaidh.

Tá téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann ar fáil ag: http://www.irishstatutebook.ie/constitution.html

Togra an Reifrinn

Sa reifreann, táthar ag iarraidh ort Tá nó Níl a vótáil maidir le clásal a chur le hAirteagal 41. Má ritear an reifreann, beidh airteagal nua ann, Airteagal 41.4, a bheidh mar seo a leanas:

Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.

Tá an togra ar áireamh sa Bhille um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta) 2004.
<níl fáil go fóill ar an nasc chuig an mBille arna rith ag an Oireachtas>

Pósadh: Cinntí cúirte ar phósadh agus ar an teaghlach

Pléann Airteagal 41 de Bhunreacht na hÉireann leis an teaghlach, a luaitear a bheith bunaithe ar an bpósadh. Ní thugtar sainmhíniú ar phósadh sa Bhunreacht agus, faoi láthair, ní leagtar amach ann ach oiread cé hiad na daoine atá i dteideal pósadh agus cé hiad na daoine nach bhfuil i dteideal pósadh.

An ceart chun pósadh

Ní dhéantar foráil shonrach leis an mBunreacht faoi láthair do cheart chun pósadh ach mhaígh na cúirteanna go bhfuil a leithéid de cheart ann do lánúineacha atá den ghnéas eile.

An sainmhíniú ar phósadh

An sainmhíniú ar phósadh sa dlí coiteann a nglactar go ginearálta leis is ea “an t-aontas deonach idir fear amháin agus bean amháin d’eisiamh gach duine eile”. Ghlac cúirteanna na hÉireann leis an sainmhíniú sin an iomad uair, mar shampla, Zappone & Anor -v- Revenue Commissioners & Ors:
http://www.courts.ie/Judgments.nsf/597645521f07ac9a80256ef30048ca52/a4fe4e30eef23925802572790040d30c?OpenDocument. Cuireadh san áireamh é sa reachtaíocht ó shin i leith.

 

Cearta an teaghlaigh

In Airteagal 41, luaitear go bhfuil cearta atá “doshannta agus dochloíte” ag an teaghlach mar ord atá bunaithe ar an bpósadh.

  • Ciallaíonn “doshannta” nach féidir na cearta a aistriú ná a ghéilleadh.
  • Ciallaíonn dochloíte” nach féidir na cearta a chailleadh le himeacht ama ná a thréigean trína neamhchleachtadh ná a fhorghéilleadh trí ghníomh éagórach arna dhéanamh ag tríú páirtí thar thréimhse ama.

Mar sin féin, chinn na cúirteanna freisin nach cearta daingne iad na cearta sin agus go bhféadfaidh an Stát cearta an teaghlaigh a theorannú in imthosca áirithe.

Teaghlach atá bunaithe ar an bpósadh

Ós ar an bpósadh atá an teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta in Airteagal 41. I dtaca leis na cearta Bunreachtúla ag a bhfuil feidhm maidir leis an teaghlach bunaithe ar an bpósadh, chinn na cúirteanna i roinnt cásanna nach gá go bhfuil feidhm acu maidir le teaghlaigh neamhphósta.

An fhíric nach bhfuil leanaí ag lánúin, ní hionann í is a rá nach teaghlach iad de réir bhrí an Bhunreachta. Ba é an cinneadh ná: “Is féidir cur síos a dhéanamh go cuí ar lánúin phósta a bhfuil leanaí acu mar “ghrúpa aonaid” sa tsochaí faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 41 … Dá bhrí sin, is cuí atá na focail a úsáidtear in Airteagal 41 chun cur síos a dhéanamh ar an “Teaghlach” chun cur síos a dhéanamh ar lánúin phósta a bhfuil leanaí acu agus ar lánúin phósta nach bhfuil leanaí acu.” Murray v Ireland [1985] IR 532

Ní athróidh stádas Bunreachtúil an teaghlaigh mura bhfuil céile amháin i láthair. Chinn na cúirteanna go dtagann céile baintreach agus leanaí an phósta faoin sainmhíniú ar theaghlach sa Bhunreacht. Meastar leanaí is dílleachtaí i bpósadh a bheith ina dteaghlach freisin.

Conas a chosnaíonn an Stát an pósadh

Níor leagadh amach sa reachtaíocht na hoibleagáidí beachta atá ar an Stát chun an pósadh a chosaint. Níor leag na cúirteanna na hoibleagáidí sin amach ach oiread. Rinne na cúirteanna roinnt cinntí lena n-éilítear cosaint an teaghlaigh i gcásanna ar leith.

I gcásanna ar leith, chinn na cúirteanna go n-éilítear le hAirteagal 41 cosaint an teaghlaigh bunaithe ar an bpósadh. Ní féidir leis an Stát pionós a ghearradh ar staid an phósta ná daoine aonair a spreagadh gan pósadh.

Ní foláir don Stát cothroime a chinntiú sa dóigh a gcaitear le teaghlaigh phósta agus le teaghlaigh neamhphósta agus féadfaidh sé idirdhealú dearfach a dhéanamh i bhfabhar teaghlach bunaithe ar an bpósadh. Mar shampla, chinn na cúirteanna gur mhíbhunreachtúil a bhí dlíthe cánach a raibh mar thoradh orthu go raibh lánúin phósta faoi dhliteanas níos mó cáin ioncaim ná a bhí lánúin neamhphósta: Murphy v Attorney General [1982] IR 241. Mar an gcéanna, ba mhíbhunreachtúil a bhí rialacha leasa shóisialaigh a raibh mar thoradh orthu go bhfuair lánúin phósta leibhéal níos ísle íocaíochta ná a fuair beirt a bhí singil agus in aontíos: Hyland v Minister for Social Welfare [1989] IR 624. Ní raibh dlíthe faoinar thug an Stát tacaíocht bhreise do theaghlaigh aontuismitheora míbhunreachtúil, áfach.

Mar sin féin, ní raibh dlíthe faoinar thug an Stát tacaíocht bhreise do theaghlaigh aontuismitheora míbhunreachtúil i gcásanna nárbh ionann iad agus mealltaí gan pósadh.

Cinneadh freisin nach gá go bhfuil sé i gceist le dearbhú ord an phósta go gcosnaítear cearta pósta áirithe sa Bhunreacht, amhail an ceart chun aontís, an ceart chun freagracht a ghlacadh as oideachas aon leanaí a rugadh sa phósadh agus chun páirt ghníomhach a ghlacadh san oideachas sin, an ceart chun leanaí a ghiniúint agus an ceart chun príobháideachta sa phósadh.

An dlí reatha maidir le pósadh

Roimh an 5 Nollaig 2005, is leis an dlí coiteann agus le roinnt forálacha reachtúla ina leagtar amach bacainní áirithe ar phósadh a rinneadh cinneadh ar na rialacha maidir le cé a d’fhéadfadh pósadh. Ba é an dlí coiteann ar glacadh leis nach bhféadfadh ach duine de ghnéas amháin duine den ghnéas eile a phósadh. B’ann do rialacha reachtúla faoi na nithe seo, i measc nithe eile: aois na bpáirtithe sa phósadh, céimeanna gaoil toirmiscthe agus ceanglais chun fógra a thabhairt (bhí an ceanglas chun fógra a thabhairt i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 1996 i leith).

Bacainní ar phósadh

Leis an Acht um Chlárú Sibhialta 2004, cuireadh na rialacha uile maidir le bacainní ar phósadh ar bhonn reachtúil. http://www.irishstatutebook.ie/2004/en/act/pub/0003/index.html

Tháinig na codanna ábhartha in éifeacht an 5 Nollaig 2005.

Déantar foráil san Acht (arna leasú) anois gur bacainn ar phósadh í más rud é:

  • Go mbeadh an pósadh ar neamhní de bhua an
    Marriage Act 1835 arna leasú ag an dá leagan den Marriage (Prohibited Degrees of Relationship) Act, 1907 agus 1921, nó
  • Bheadh an pósadh ar neamhní mar go bhfuil páirtí amháin (nó an dá pháirtí) pósta cheana féin nó
  • Go bhfuil páirtí amháin, nó an dá pháirtí, faoi bhun 18 mbliana d’aois ar an dáta ar a sollúnaítear an pósadh agus nár deonaíodh aon díolúine ón gceanglas sin nó
  • Go mbeadh an pósadh ar neamhní mar nach bhfuil páirtí amháin (nó an dá pháirtí) ábalta cineál agus tionchar an chonartha pósta a thuiscint nó
  • Go bhfuil an dá pháirtí den ghnéas céanna nó
  • Go bhfuil páirtí amháin, nó an dá pháirtí, ina p(h)áirtí le páirtnéireacht shibhialta atá ar marthain cheana féin.

Céimeanna gaoil toirmiscthe

Ní ceadmhach d’fhear duine ar bith díobh seo a phósadh:

Seanmháthair leis
Banchéile seanathar leis
Seanmháthair lena bhanchéile
Deirfiúr lena athair
Deirfiúr lena mháthair
Banchéile dearthár lena athair
Banchéile dearthár lena mháthair
Deirfiúr le hathair a bhanchéile
Deirfiúr le máthair a bhanchéile
A mháthair
A leasmháthair
Máthair a bhanchéile
Iníon leis
Iníon lena bhanchéile
Banchéile mic leis
Deirfiúr leis
Iníon lena mhac
Iníon lena iníon
Banchéile mic le mac leis
Banchéile mic le hiníon leis
Iníon le mac lena bhanchéile
Iníon le hiníon lena bhanchéile
Iníon le deartháir leis
Iníon le deirfiúr leis
Banchéile mic le deartháir leis
Banchéile mic le deirfiúr leis
Iníon le deartháir lena bhanchéile
Iníon le deirfiúr lena bhanchéile

Ní ceadmhach do bhean duine ar bith díobh seo a phósadh

Seanathair léi
Fearchéile seanmháthar léi
Seanathair lena fearchéile
Deartháir lena hathair
Deartháir lena máthair
Fearchéile deirféar lena hathair
Fearchéile deirféar lena máthair
Deartháir le hathair a fearchéile
Deartháir le máthair a fearchéile
A hathair
A leasathair
Athair a fearchéile
Mac léi
Mac lena fearchéile
Fearchéile iníne léi
Deartháir léi
Mac le mac léi
Mac le hiníon léi
Fearchéile iníne le mac léi
Fearchéile iníne le hiníon léi
Mac le mac lena fearchéile
Mac le hiníon lena fearchéile
Mac le deartháir léi
Mac le deirfiúr léi
Fearchéile iníne le deartháir léi
Fearchéile iníne le deirfiúr léi
Mac le deartháir lena fearchéile
Mac le hiníon lena fearchéile

Cuirtear gaolta leathfhola san áireamh sna cásanna uile. Mar shampla, tá deirfiúr leasghaolmhar san áireamh i ndeirfiúr.

Aois

Ón 1 Lúnasa 1996 i leith, ní foláir do na páirtithe i bpósadh bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine. Is féidir iarratas a dhéanamh chuig na cúirteanna ar dhíolúine ón gceanglas sin. Féadfar díolúine a dheonú más rud é go dtugtar cúiseanna tromchúiseacha leis agus go bhfuil sí le leas na bpáirtithe sa phósadh beartaithe.
(Go dtí an 1 Eanáir 1975, bhí buachaill 14 bliana d’aois nó níos sine agus cailín 12 bhliain d’aois nó níos sine ábalta pósadh a chonrú. Idir an 1 Eanáir 1975 agus an 31 Iúil 1996, ba í 16 bliana d’aois an aois do bhuachaillí agus do chailíní. Bhí toiliú ó thuismitheoirí ag teastáil má bhí páirtí amháin, nó an dá pháirtí, faoi bhun 21 bliain d’aois.)

Na foirmiúlachtaí a éilítear

Déantar foráil leis an Acht um Chlárú Sibhialta 2004 nach bailí a bheidh pósadh a shollúnaítear in Éirinn mura gcomhlíonann na daoine lena mbaineann na ceanglais maidir le fógra a thabhairt.

Dá bhrí sin, ní foláir don duine fógra a thabhairt do Chláraitheoir na bPóstaí faoin rún atá aige/aici pósadh tráth nach lú ná trí mhí sula sollúnófar an pósadh nó ní foláir gur dheonaigh na cúirteanna díolúine ón gceanglas sin dó/di agus go gcomhlíonann sé/sí roinnt ceanglais eile. Má chomhlíontar na ceanglais go léir, tabharfar foirm cláraithe pósta don duine nach foláir dó/di í a thaispeáint don sollúnóir roimh an searmanas.

D’fhonn an pósadh a chlárú, ní foláir don dá pháirtí sa phósadh, do bheirt finnéithe agus don sollúnóir an fhoirm cláraithe pósta a shíniú chomh luath agus atá an searmanas thart.  Ní foláir an fhoirm shínithe a thabhairt don Chláraitheoir laistigh de mhí amháin tar éis an tsearmanais.

Tá na sonraí uile faoi na foirmiúlachtaí ar fáil ag: http://www.welfare.ie/en/Pages/Getting_Married.aspx#app2

Póstaí a shollúnú

Ní fhéadfaidh ach sollúnóir cláraithe pósadh a shollúnú. Bíonn Clár Sollúnóirí á choimeád ag an bPríomh-Oifig Chlárúcháin. http://www.welfare.ie/en/Pages/General-Register-Office.aspx

Áirítear le sollúnóirí cláraithe cláraitheoirí sibhialta pósta agus sollúnóirí reiligiúnacha agus saolta ainmnithe.

Páirtnéireacht Shibhialta

An dlí

Is é an tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010 an phríomhreachtaíocht a phléann le páirtnéireachtaí sibhialta. Tháinig sé in éifeacht an 1 Eanáir 2011.

Leasaíodh é roinnt uaireanta: http://www.irishstatutebook.ie/isbc/2010_24.html

Déantar foráil do conas a chaitear le páirtnéirí sibhialta ó thaobh cánach de leis an Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 (arna leasú; go háirithe ag an Acht Airgeadais (Uimh. 3) 2011 http://www.irishstatutebook.ie/2011/en/act/pub/0018/index.html) agus ag Achtanna Airgeadais ina dhiaidh sin freisin. Déantar foráil do conas a chaitear le páirtnéirí sibhialta ó thaobh leas sóisialach de leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005 (arna leasú; go háirithe ag an Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2010 http://www.irishstatutebook.ie/2010/en/act/pub/0037/index.html)agus ag Achtanna Leasa Shóisialaigh ina dhiaidh sin freisin. Tá na rialacha mionsonraithe maidir le leas sóisialach ar áireamh i raon leathan foreachtaíochta.

Caidrimh chosúla a aithint

Rinneadh roinnt orduithe lena bhforáiltear go bhféadfar caidrimh dhlíthiúla áirithe (pósadh san áireamh) a chuaigh lánúineacha den ghnéas céanna isteach iontu i dtíortha eile a aithint a bheith comhionann le páirtnéireachtaí sibhialta in Éirinn ar choinníoll nach dtagann siad faoi na céimeanna gaoil toirmiscthe.  Seo a leanas na horduithe sin:

An tOrdú um Páirtnéireacht Shibhialta (Caidrimh Choigríche Chláraithe a Aithint) 2010 (I.R. Uimh. 649 de 2010)
An tOrdú um Páirtnéireacht Shibhialta (Caidrimh Choigríche Chláraithe a Aithint) 2011 (I.R. Uimh. 642 de 2011)
An tOrdú um Páirtnéireacht Shibhialta (Caidrimh Choigríche Chláraithe a Aithint) 2012 (I.R. Uimh. 505 de 2012)
An tOrdú um Páirtnéireacht Shibhialta (Caidrimh Choigríche Chláraithe a Aithint) 2013 (I.R. Uimh. 490 de 2013)
An tOrdú um Páirtnéireacht Shibhialta (Caidrimh Choigríche Chláraithe a Aithint) 2014 (I.R. Uimh. 212 de 2014)

Cé a fhéadfaidh dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta

Féadfaidh beirt den ghnéas céanna dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta. Ní fhéadfaidh duine de ghnéas amháin dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta le duine den ghnéas eile.

Tá na rialacha eile faoi cé a fhéadfaidh dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta cosúil leis na rialacha faoi cé a fhéadfaidh pósadh, cé nach ionann iad go hiomlán.

Ní foláir don duine bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine. Féadfar iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar chead pósta má tá an duine faoi bhun 18 mbliana d’aois; ní bhaineann sé sin le páirtnéireacht shibhialta.
Ní foláir don duine gan bheith pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta bhailí atá ann cheana.
Ní foláir don duine gan bheith i measc na gcéimeanna gaoil toirmiscthe do páirtnéireachtaí sibhialta.
Ní foláir don duine toiliú saor eolasach le dul isteach sa chaidreamh a thabhairt.
Ní foláir don duine na ceanglais a chomhlíonadh maidir le fógra a thabhairt, arb ionann iad agus na ceanglais i gcás pósta. Is é sin le rá, ní foláir gur thug an duine fógra trí mhí faoin rún atá aige/aici dul isteach sa chaidreamh nó gur dheonaigh na cúirteanna díolúine ón gceanglas sin dó/di agus go gcomhlíonann sé/sí ceanglais eile.

Céimeanna gaoil toirmiscthe i gcás páirtnéireachtaí sibhialta

Ní ceadmhach d’fhear dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta le duine ar bith díobh seo:

  • Seanathair léis
  • Deartháir le seantuismitheoir leis
  • A athair
  • Deartháir lena athair
  • Deartháir lena mháthair
  • Deartháir léis
  • Mac leis
  • Garmhac leis
  • Nia leis
  • Garnia leis

Ní ceadmhach do bhean dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta le duine ar bith díobh seo:

  • Seanmháthair léi
  • Deirfiúr le seantuismitheoir léi
  • A mháthair
  • Deirfiúr lena hathair
  • Deirfiúr lena máthair
  • Deirfiúr léi
  • Iníon léi
  • Gariníon léi
  • Neacht léi
  • Garneacht léi

Cuirtear gaolta leathfhola san áireamh sna cásanna uile. Mar shampla, tá deirfiúr leasghaolmhar san áireamh i ndeirfiúr.

Páirtnéireachtaí Sibhialta a Chlárú

Den chuid is mó, cláraítear páirtnéireachtaí sibhialta ar an mbealach céanna a chláraítear póstaí. Féadfar nach gá ach páirtnéireachtaí sibhialta a chlárú; ní gá searmanas páirtnéireachta sibhialta a eagrú, cé gur gá searmanas pósta a eagrú. Is féidir na ceanglais mhionsonraithe a fháil ag:
http://www.welfare.ie/en/Pages/Civil_Partnership.aspx

Deireadh a chur le páirtnéireacht shibhialta

Féadfaidh na cúirteanna foraithne neamhnithe páirtnéireachta sibhialta a dheonú ar an mbealach céanna den chuid is mó a dheonaítear foraitheanta neamhnithe pósta.

Ní ann d’aon fhorálacha do scaradh breithiúnach páirtnéireachtaí sibhialta.

Is difriúil leis na rialacha sin a rialaíonn colscaradh atá na rialacha a rialaíonn scaoileadh páirtnéireachtaí sibhialta, áfach. Féadfar scaoileadh páirtnéireachta sibhialta a dheonú má bhí tréimhse dhá bhliain san iomlán le linn na dtrí bliana roimhe sin caite ag na páirtnéirí sibhialta ina gcónaí ar leithligh óna chéile (féadfar colscaradh a dheonú má bhí tréimhse ceithre bliana san iomlán le linn na gcúig bliana roimhe sin caite ag an lánúin ina gcónaí ar leithligh óna chéile) agus go ndearnadh foráil chuí don bheirt acu. Murab ionann is imeachtaí colscartha, níl de cheangal ar chomhairleoirí dlí na bpáirtnéirí sibhialta an fhéidearthacht a bhaineann le hathmhuintearas, le hidirghabháil nó le roghanna eile in ionad scaoilte a phlé. Féadfaidh an chúirt, áfach, imeachtaí a chur ar atráth d’fhonn na roghanna eile sin a éascú.

Féadfar orduithe amhail orduithe cosanta, orduithe cothabhála agus orduithe coigeartaithe pinsin a dhéanamh le linn imeachtaí cúirte ar scaoileadh páirtnéireachtaí sibhialta ar an mbealach céanna a fhéadfar na horduithe sin a dhéanamh in imeachtaí breithiúnacha scartha agus colscartha. Féadfar orduithe coigeartaithe maoine a dhéanamh ar fhoraithne scaoilte a dhéanamh nó tráth ar bith tar éis dheonú na foraithne ach ní fhéadfar iad a dhéanamh i bhfabhar iarpháirtnéir sibhialta a chláraigh páirtnéireacht shibhialta nua nó a phós.

Iarmhairtí ag páirtnéireacht shibhialta

Is ionann den chuid is mó na hiarmhairtí dlíthiúla atá ag dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta agus na hiarmhairtí dlíthiúla atá ag pósadh ach tá roinnt difríochtaí eatarthu.

Dualgas cothabháil a chéile

Tá an dualgas dlíthiúil céanna ar pháirtnéirí sibhialta cothabháil a chéile is atá ar lánúineacha pósta. Féadfar an dualgas sin a fhorfheidhmiú trí na cúirteanna.

Cáin

Tá páirtnéirí sibhialta faoi réir cánach ar an mbealach céanna atá lánúineacha pósta. Tá sonraí ar fáil ag:
http://www.revenue.ie/en/tax/it/leaflets/it2.html

Leas sóisialach

Tá páirtnéirí sibhialta i dteideal íocaíochtaí agus scéimeanna leasa shóisialaigh. Fágann sé sin, i measc nithe eile:

  • Go bhfuil páirtnéirí sibhialta i dteideal sochair mharthanóirí (mar shampla, pinsin bhaintrí/bhaintrí fir/pháirtnéara shibhialta mharthanaigh) ar an mbealach céanna atá lánúineacha pósta.
  • Go bhfuil dualgas ar pháirtnéirí sibhialta cothabháil a chéile agus go bhféadfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí éileamh ar pháirtnéir amháin ranníocaíocht a dhéanamh leis an bpáirtnéir eile i gcásanna ina bhfuil an duine eile ar lorg íocaíocht leasa shóisialaigh.
  • Go bhféadfar duine amháin de lánúin atá i bpáirtnéireacht shibhialta a mheas mar aosach cáilithe chun críocha leasa shóisialaigh i gcásanna ina gcomhlíonann sé/sí na gnáthchoinníollacha. Fágann sé sin go bhféadfadh an duine eile cáiliú d’íocaíocht mhéadaithe.
  • Go measúnaítear páirtnéirí sibhialta i gcomhpháirt, faoi mar a mheasúnaítear lánúineacha pósta, i ndáil le híocaíochtaí de réir tástáil acmhainne amhail Liúntas Cuardaitheora Poist.  Fágann sé sin go gcuirtear acmhainn na beirte san áireamh i gcásanna ina bhfuil iarratas á dhéanamh ag duine acu ar íocaíocht de réir tástáil acmhainne.
  • Go bhféadfaidh lánúineacha atá scartha nó colscartha agus páirtnéirí sibhialta atá scartha nó a bhfuil a bpáirtnéireacht díscaoilte cáiliú le haghaidh sochair mharthanóra má fhaigheann an t-iarchéile nó an t-iarpháirtnéir sibhialta bás ar choinníoll nach n-athphósfaidh siad, nach rachaidh siad isteach i bpáirtnéireacht shibhialta nó nach mbeidh siad in aontíos ina dhiaidh sin.

Caomhnú comhroinnte an árais

Faoin Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976, tá toiliú ó chéile ag teastáil chun áras an teaghlaigh a dhíol nó a mhorgáistiú. Tá feidhm ag forálacha atá a bheag nó a mhór mar an gcéanna maidir le háras comhroinnte de chuid lánúine atá i bpáirtnéireacht shibhialta. Má dhéantar imeachtaí athshealbhaithe a thionscnamh in aghaidh páirtnéara amháin de bharr riaráiste morgáiste, féadfaidh an chúirt a chinneadh deis a thabhairt don pháirtnéir eile na haisíocaíochtaí morgáiste a ghlacadh chuige/chuici féin. Sa chás gur le duine amháin de na páirtnéirí sibhialta an t-áras, féadfaidh siad an t-áras a chur go comhpháirteach faoina n-ainmneacha gan táillí a thabhú ón Údarás Clárúcháin Maoine ná ón gcúirt.

Ó thaobh an dlí de, is áras ‘comhroinnte’ é an t-áras i gcásanna ina bhfuil sé á áitiú ag páirtnéirí sibhialta. Is áras “teaghlaigh” é i gcásanna ina bhfuil sé á áitiú ag lánúin phósta.

Cothabháil

Féadfaidh páirtnéir sibhialta cothabháil a éileamh ón bpáirtnéir eile ar bhealach atá a bheag nó a mhór mar an gcéanna leis an mbealach a fhéadfaidh céilí. Féadfar orduithe astaithe tuillimh a dheonú chun orduithe cothabhála a fhorfheidhmiú. Féadfar orduithe cúirte in-fhorfheidhmithe a dhéanamh de chomhaontuithe scríofa faoi chothabháil arna ndéanamh ag páirtnéirí sibhialta faoi mar a fhéadfar a dhéanamh de chomhaontuithe den chineál céanna idir céilí.

Comharbas

Is ionann na cearta dlíthiúla chun oidhreacht a fháil faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht do pháirtnéirí sibhialta agus do chéilí.

Níl ceart uathoibríoch ag leanaí oidhreacht a fháil óna dtuismitheoirí faoi uacht, ach féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt sa chás go measann siad nach ndearnadh soláthar ceart dóibh. Féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar roinnt soláthair do leanbh nó do leanaí ó eastát an éagaigh. Ní féidir le hordú den sórt sin laghdú a dhéanamh ar an teidlíocht atá ag céile i leith sciar a fháil mar cheart dlíthiúil, ach is féidir leis laghdú a dhéanamh ar an teidlíocht atá ag páirtnéir sibhialta.

Foréigean baile

Tá feidhm ag socruithe d’orduithe sábháilteachta agus d’orduithe urchoisc maidir le páirtnéirí sibhialta freisin.

Iarmhairtí eile a ghabhann le Páirtnéireacht Shibhialta

Foráiltear le píosaí éagsúla reachtaíochta lena bpléitear le ceanglais chun leasanna a dhearbhú nó le coinbhleachtaí leasa – mar shampla, an tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí – go bhfuil daoine bainteacha nó gaolta bainteacha faoi réir na gceanglas sin freisin. Caitear le páirtnéirí sibhialta mar dhaoine bainteacha ar an mbealach céanna a chaitear le céilí.

Dliteanas sibhialta: tá páirtnéir sibhialta i measc na gcleithiúnaithe a bhféadfaidh duine agra a dhéanamh ina leith le haghaidh damáiste mar gheall ar bhás éagórach.
Pinsin: scéim pinsin a sholáthraíonn sochar do chéile, meastar go soláthraíonn sé sochar do pháirtnéir sibhialta freisin.
Meabhairshláinte: is ionann an ról atá acu maidir le hiontráil ainneonach in ospidéil shíciatracha do pháirtnéirí sibhialta agus do chéilí.
Cumhacht Aturnae: ní foláir fógra a thabhairt do pháirtnéir sibhialta faoi chumhacht mharthanach aturnae a chlárú ar an mbealach céanna nach foláir fógra a thabhairt do chéilí. Mar an gcéanna, scoireann cumhacht mharthanach aturnae i bhfabhar páirtnéir sibhialta d’fheidhm a bheith aici i gcásanna ina ndíscaoiltear an pháirtnéireacht nó i gcásanna ina bhfuil ordú sábháilteachta nó coiscthe ann in aghaidh an pháirtnéara shibhialta.
Díospóidí maoine: Féadfaidh páirtnéir sibhialta iarratas a dhéanamh chuig na cúirteanna chun breith a fháil i gcás díospóidí maoine lena p(h)áirtnéir.
Comhionannas: Cosnaítear na daoine sin i bpáirtnéireacht shibhialta leis an reachtaíocht um chomhionannas freisin.

Má ritear an reifreann, is mar seo a leanas a bheidh dlí an phósta

Níl an méid seo a leanas mar chuid de thogra an reifrinn agus ní gá go bhfuil na tograí seo críochnaitheach.

Tá Scéim Ghinearálta de Bhille Pósta 2015 foilsithe ag an Rialtas. Is é atá inti na hathruithe dlíthiúla ginearálta a mbeartaíonn an Rialtas iad a thabhairt isteach má ritear an Reifreann Pósta. Tá an scéim ar fáil ag:
http://www.justice.ie/en/JELR/Pages/PB15000072

Is iad seo a leanas na príomhfhorálacha atá leagtha amach sa scéim ghinearálta:

  • Ní bheidh aon bhac a thuilleadh ar phósadh i gcásanna ina bhfuil na páirtithe den ghnéas céanna.
  • Na céimeanna gaoil toirmiscthe a bhfuil feidhm acu maidir le póstaí idir daoine den ghnéas eile, beidh feidhm acu freisin maidir le póstaí idir daoine den ghnéas céanna.
  • Ní bheidh aon pháirtnéireachtaí sibhialta nua ann tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta.
  • Beidh ag páirtnéirí sibhialta reatha go fóill an stádas agus na cearta, na pribhléidí, na hoibleagáidí agus na dliteanais a ghabhann le páirtnéireacht shibhialta ach amháin sa chás go roghnaíonn siad pósadh a chéile.
  • Féadfaidh páirtnéirí sibhialta reatha pósadh a chéile. Má phósann siad a chéile, díscaoilfear a bpáirtnéireacht shibhialta.
  • Ní bheidh oibleagáid ar shollúnóirí reiligiúnacha pósadh idir lánúin den ghnéas céanna a shollúnú.
  • Ag searmanas pósta, fógróidh na páirtithe i bpósadh go nglacann siad lena chéile mar “fearchéile agus banchéile” nó mar “céilí lena chéile”.
  • Déanfar leasuithe ar roinnt Achtanna chun an focal “céile” a chur in áit na bhfocal “fearchéile” agus “banchéile”.
  • Ní dhéanfadh athrú inscne aon difear do phósadh.

 

Website by Clickworks