Gríosaíonn an Coimisiún vótálaithe chun ‘bheith ar an eolas agus a dtuairim a chur in iúl’ agus cuairt a thabhairt ar refcom.ie
Déardaoin 21 Bealtaine 2015: D’iarr an Coimisiún Reifrinn ar gach vótálaí inniu a vóta a úsáid sa dá reifreann amárach.
An Coimisiún Reifrinn, atá ar an gcomhlacht neamhspleách a cuireadh ar bun chun na tograí reifrinn a mhíniú agus daoine a spreagadh chun vótáil, deir sé go bhfuil fíricí neamhchlaonta faoin Reifreann ar Phósadh agus faoin Reifreann ar Aois Iarrthóirí Uachtaráin ar fáil sa treoir neamhspleách agus ar refcom.ie do vótálaithe nach bhfuil cinneadh déanta acu go fóill.
Dúirt an Breitheamh Onórach Kevin Cross, Cathaoirleach an Choimisiúin: “Nílimid ag argóint ar son vóta Tá ná vóta Níl ach molaimid go mór duit tú féin a chur ar an eolas agus do vóta a úsáid. Is fút féin amháin atá sé cinneadh a dhéanamh ar an dóigh a vótálfaidh tú ar na tograí seo ach tá sé tábhachtach go n-úsáidfidh tú do vóta.”
Tabharfar dhá pháipéar ballóide do vótálaithe amárach: Páipéar ballóide bán don Reifreann ar Phósadh agus páipéar ballóide glas don reifreann ar Aois Iarrthóirí Uachtaráin. Caitheann vótálaithe a vóta ach marc ‘X’ a chur sa bhosca.
Féadfar go n-éileofar ar vótálaithe fianaise ar chéannacht a thaispeáint agus iad i láthair ag ionad vótaíochta chun vótáil. Ní mheastar cártaí vótála a bheith ina bhfoirm bhailí d’aitheantas pearsanta. Ba cheart do gach vótálaí aitheantas amhail pas nó ceadúnas tiomána a thabhairt leo mar go bhféadfar go n-iarrfar orthu an t-aitheantas pearsanta sin a thaispeáint. Beidh ionaid vótaíochta ar oscailt ó 7am go 10pm Dé hAoine an 22 Bealtaine.
Tograí na Reifreann
- An Reifreann ar Phósadh, an páipéar ballóide BÁN: Sa reifreann seo, féadfaidh daoine Tá nó Níl a vótáil ar an togra chun clásal nua a bhaineann le pósadh a fholú sa Bhunreacht. Foráiltear leis an gclásal nua sin go bhféadfaidh beirt pósadh beag beann ar a ngnéas.
- An Reifreann ar Aois Iarrthóirí Uachtaráin, an páipéar ballóide GLAS: Sa reifreann seo, féadfaidh daoine Tá nó Níl a vótáil i leith an togra chun an aois ag a bhfuil iarrthóirí intofa chun oifig an Uachtaráin a laghdú ó 35 bliain d’aois go 21 bliain d’aois.
Tá Treoir an Choimisiúin Reifrinn ar fáil ar a shuíomh Gréasáin ag www.refcom.ie.
