Aois Uachtaránachta

Sa reifreann seo, féadfaidh tú   NÍL  a vótáil i leith an togra chun an aois ag a bhfuil iarrthóirí  intofa chun oifig an Uachtaráin  a laghdú ó 35  go 21.

Tá an togra ar áireamh sa Bhille um an gCúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Aois Intofachta chun Oifig an Uachtaráin) 2015.

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 12.4.1° den Bhunreacht faoi láthair:

“ Gach saoránach ag a bhfuil cúig bliana tríochad slán, is intofa chun oifig an Uachtaráin é.”

Beartaítear an méid seo a leanas a chur ina áit:

“ Is intofa chun oifig an Uachtaráin gach saoránach ag a bhfuil bliain agus fiche slán.”

Éifeacht an togra seo

Sa chás go rithfear an reifreann seo:

  • Déanfar an aois ag a bhfuil iarrthóirí intofa chun oifig an Uachtaráin a laghdú ó 35 go 21.
  • Ní bheidh aon athrú ar na forálacha eile sa Bhunreacht a bhaineann le hoifig an Uachtaráin, lena n-áirítear an próiseas chun duine a ainmniú mar iarrthóir chun oifig an Uachtaráin.

Airteagail den Bhunreacht lena bpléitear leis an Uachtarán

Is é seo a leanas an téacs iomlán d’Airteagail 12, 13 agus 14 den Bhunreacht lena pléitear leis an Uachtarán:

AN tUACHTARÁN

AIRTEAGAL 12

  1. Beidh Uachtarán ar Éirinn (.i. Uachtarán na hÉireann), ar a dtugtar an tUachtarán sa Bhunreacht seo feasta; beidh tosach aige ar gach uile dhuine sa Stát, agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh.
    1. Le vóta lomdíreach an phobail a thoghfar an tUachtarán.
    2. Gach saoránach ag a bhfuil ceart vótála i dtoghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann, beidh ceart vótála aige i dtoghchán don Uachtarán.
    3. Is le rúnbhallóid agus de réir na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe a dhéanfar an vótáil./li>
    1. Beidh an tUachtarán i seilbh oifige go ceann seacht mbliana ón lá a rachaidh i gcúram a oifige mura dtarlaí roimh dheireadh an téarma sin go n-éagfaidh nó go n-éireoidh as oifig nó go gcuirfear as oifig é, nó go ngabhfaidh míthreoir bhuan é agus go suífear sin go sásamh na Cúirte Uachtaraí agus í comhdhéanta de chúigear breitheamh ar a laghad.
    2. Duine atá nó a bhí ina Uachtarán, is intofa chun na hoifige sin é aon uair amháin eile, ach sin a mbeidh.
    3. Ní foláir toghchán d’oifig an Uachtaráin a dhéanamh lá nach déanaí ná dáta dheireadh théarma oifige gach Uachtaráin ar leith agus nach luaithe ná an seascadú lá roimh an dáta sin, ach má chuirtear an tUachtarán as oifig, nó má tharlaíonn dó (roimh é a dhul i gcúram a oifige nó dá éis sin) é d’éag nó é d’éirí as nó míthreoir bhuan arna suíomh mar a dúradh dá ghabháil, ní foláir toghchán d’oifig an Uachtaráin a dhéanamh taobh istigh de sheasca lá tar éis an ní sin a tharlú.
    1. Gach saoránach ag a bhfuil cúig bliana tríochad slán, is intofa chun oifig an Uachtaráin é.
    2. Gach iarrthóir d’oifig an Uachtaráin, seachas duine atá nó a bhí ina Uachtarán cheana, is uathu seo a leanas nach foláir a ainmniú a theacht:
      1. fiche duine ar a laghad agus gach duine faoi leith díobh sin ina chomhalta, in alt na huaire, de Theach de Thithe an Oireachtais, nó
      2. Comhairlí ceithre Chontae riaracháin ar a laghad (agus Contae-Bhuirgí a áireamh) mar a mhínítear le dlí.
    3. Ní cead d’aon duine ná d’aon Chomhairle díobh sin bheith páirteach in ainmniú breis is aon iarrthóir amháin d’oifig an Uachtaráin san aon toghchán.
    4. Tig le haon duine atá nó a bhí ina Uachtarán é féin a ainmniú d’oifig an
      Uachtaráin.
    5. Nuair nach n-ainmnítear d’oifig an Uachtaráin ach aon iarrthóir amháin, ní gá vótáil chun é a thoghadh.
  2. Faoi chuimsiú forálacha an Airteagail seo is le dlí a rialófar toghcháin d’oifig an Uachtaráin.
    1. Ní cead an tUachtarán a bheith ina chomhalta de Dháil Éireann ná de Sheanad
      Éireann.
    2. Má thoghtar comhalta de cheachtar de Thithe an Oireachtais chun bheith ina Uachtarán, ní foláir a mheas go bhfuil scartha aige le comhaltas an Tí sin.
    3. Ní cead don Uachtarán aon oifig ná post sochair a bheith aige seachas a oifig Uachtaráin.
  3. Ní foláir don chéad Uachtarán dul i gcúram a oifige chomh luath agus is féidir é tar éis é a thoghadh, agus ní foláir do gach Uachtarán dá éis sin dul i gcúram a oifige an lá i ndiaidh deireadh théarma oifige a réamhtheachtaí nó chomh luath agus is féidir é dá éis sin nó, má tharlaíonn dá réamhtheachtaí go gcuirfear as oifig é nó go n-éagfaidh nó go n-éireoidh as oifig nó neachtar acu go ngabhfaidh míthreoir bhuan é agus go suífear sin mar a shocraítear le halt 3 den Airteagal seo, chomh luath agus is féidir é tar éis an toghcháin.
  4. Is é slí a rachaidh an tUachtarán i gcúram a oifige ná leis an dearbhú seo a leanas a dhéanamh go poiblí agus a lámh a chur leis i bhfianaise chomhaltaí den dá Theach den Oireachtas, agus breithiúna den Chúirt Uachtarach agus den Ard-Chúirt agus maithe poiblí eile:

    “I láthair Dia na nUilechumhacht, táimse, á ghealladh agus á dhearbhú go sollúnta is go fírinneach bheith i mo thaca agus i mo dhídin do Bhunreacht Éireann, agus a dlíthe a chaomhnú, mo dhualgais a chomhlíonadh go dílis coinsiasach de réir an Bhunreachta is an dlí, agus mo lándícheall a dhéanamh ar son leasa is fónaimh mhuintir na hÉireann. Dia do mo stiúradh agus do mo chumhdach.”

  5. Ní cead don Uachtarán imeacht ón Stát le linn é a bheith in oifig, ach amháin le toil an Rialtais.
    1. Féadfar an tUachtarán a tháinseamh as ucht mí-iompair a luafar.
    2. Ceachtar de Thithe an Oireachtais a dhéanfas an cúiseamh agus is faoi chuimsiú agus de réir forálacha an ailt seo a dhéanfar é.
    3. Má thairgtear do cheachtar de Thithe an Oireachtais cúis a thabhairt in aghaidh an Uachtaráin faoin alt seo ní cead aird a thabhairt ar an tairiscint sin ach amháin de bharr fógra tairisceana i scríbhinn faoi láimh tríocha comhalta ar a laghad den Teach sin.
    4. Ní cead do cheachtar de Thithe an Oireachtais glacadh le haon tairiscint den sórt sin ach amháin de bharr rúin ón Teach sin lena mbeidh tacaíocht dhá thrian ar a laghad dá lánchomhaltas.
    5. Má dhéanann ceachtar de Thithe an Oireachtais cúiseamh faoin alt seo ní foláir don Teach eile an chúis a scrúdú nó an chúis a chur á scrúdú.
    6. Beidh de cheart ag an Uachtarán bheith i láthair agus lucht tagartha a bheith aige ar an scrúdú sin.
    7. Más é toradh an scrúdaithe sin go rithfear rún, le tacaíocht dhá thrian ar a laghad de lánchomhaltas an Tí den Oireachtas a scrúdaigh an chúis nó a chuir an chúis á scrúdú, á dhearbhú gur suíodh an chúis a tugadh in aghaidh an Uachtaráin agus, an mí-iompar ba shiocair don chúiseamh, gur mí-iompar é a bhfuil an tUachtarán neamhoiriúnach dá dheasca chun fanacht i seilbh oifige, is é is feidhm don rún sin an tUachtarán a chur as oifig.
    1. Beidh stát-áras ag an Uachtarán i gcathair Bhaile Átha Cliath nó ar a cóngar.
    2. Gheobhaidh an tUachtarán sochair agus liúntais faoi mar a chinnfear le dlí.
    3. Ní cead laghdú a dhéanamh ar shochair ná ar liúntais an Uachtaráin le linn é a bheith in oifig.

AIRTEAGAL 13

    1. Ceapfaidh an tUachtarán an Taoiseach .i. an Ceann Rialtais nó an Príomh-Aire, arna ainmniú sin ag Dáil Éireann.
    2. Arna n-ainmniú ag an Taoiseach le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, ceapfaidh an tUachtarán na comhaltaí eile den Rialtas.
    3. Ar chomhairle an Taoisigh ní foláir don Uachtarán glacadh le haon chomhalta den Rialtas d’éirí as oifig, nó comhalta ar bith den Rialtas a chur as oifig.
    1. Is é an tUachtarán, ar chomhairle an Taoisigh, a chomórfas agus a lánscoirfeas Dáil Éireann.
    2. Tig leis an Uachtarán, as a chomhairle féin, diúltú do Dháil Éireann a lánscor ar chomhairle Taoisigh nach leanann tromlach i nDáil Éireann de bheith i dtacaíocht leis.
    3. Tig leis an Uachtarán uair ar bith, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, ceachtar de Thithe an Oireachtais, nó iad araon, a chomóradh.
    1. Gach Bille a ritear nó a mheastar a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais ní foláir lámh an Uachtaráin a bheith leis chun é a achtú ina dhlí.
    2. Gach dlí dá ndéanfaidh an tOireachtas ní foláir don Uachtarán é a fhógairt.
  1. Leis seo cuirtear na Fórsaí Cosanta faoi ardcheannas an Uachtaráin.
    1. An t-ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta is le dlí a rialófar an modh ar a n-oibreofar é.
    2. Is ón Uachtarán a bheidh a ghairm ag gach oifigeach gairme de na Fórsaí Cosanta.
  2. Bheirtear don Uachtarán leis seo ceart maithiúnais, agus cumhacht chun maolaithe nó loghtha pionóis a ghearrtar ar dhaoine in aon chúirt dlínse coire, ach féadfar an chumhacht maolaithe nó loghtha sin a thabhairt le dlí d’údaráis eile freisin.
    1. Tig leis an Uachtarán, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, teachtaireacht nó aitheasc a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais i dtaobh aon ní a bhfuil tábhacht náisiúnta nó tábhacht phoiblí ann.
    2. Tig leis an Uachtarán uair ar bith, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, aitheasc a chur faoi bhráid an Náisiúin i dtaobh aon ní den sórt sin.
    3. Ach i ngach cás díobh sin ní foláir an Rialtas a bheith sásta roimh ré leis an teachtaireacht nó leis an aitheasc.
    1. Níl an tUachtarán freagrach d’aon Teach den Oireachtas ná d’aon chúirt in oibriú is i gcomhlíonadh cumhachtaí is feidhmeanna a oifige ná in aon ghníomh dá ndéanann sé nó a bheireann le tuiscint gur gníomh é a dhéanann sé in oibriú agus i gcomhlíonadh na gcumhachtaí is na bhfeidhmeanna sin.
    2. Ach féadfar iompar an Uachtaráin a chur faoi léirmheas i gceachtar de Thithe an Oireachtais chun críocha alt 10 d’Airteagal 12 den Bhunreacht seo, nó ag aon chúirt, binse nó comhlacht a cheapfar nó a ainmneofar ag ceachtar de Thithe an Oireachtais chun cúis faoi alt 10 den Airteagal sin a scrúdú.
  3. Taobh amuigh de chás dá socraítear leis an mBunreacht seo go ngníomhóidh an tUachtarán as a chomhairle féin, nó tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, nó go ngníomhóidh sé i dtaobh ní a bhaineas leis an gComhairle Stáit, nó ar chomhairle nó ainmniú aon duine nó aon dreama eile, nó ar aon scéala eile a fháil ó aon duine nó aon dream eile, is ar chomhairle an Rialtais amháin is cead don Uachtarán na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear dó leis an mBunreacht seo a oibriú is a chomhlíonadh.
  4. Faoi chuimsiú an Bhunreachta seo féadfar tuilleadh cumhachtaí agus feidhmeanna a thabhairt don Uachtarán le dlí.
  5. Ní cead don Uachtarán aon chumhacht ná feidhm dá mbronntar air le dlí a oibriú ná a chomhlíonadh ach amháin ar chomhairle an Rialtais.

AIRTEAGAL 14

  1. Má bhíonn an tUachtarán as láthair nó má bhíonn ar míthreoir go sealadach, nó má bhíonn ar míthreoir go buan agus go suífear sin mar a shocraítear le halt 3 d’Airteagal 12 den Bhunreacht seo, nó má tharlaíonn é d’éag nó é d’éirí as oifig nó é a chur as oifig, nó má theipeann air cumhachtaí is feidhmeanna a oifige nó aon cheann díobh a oibriú is a chomhlíonadh, nó má bhíonn oifig an Uachtaráin folamh, is Coimisiún a bheas comhdhéanta mar a shocraítear in alt 2 den Airteagal seo a oibreos is a chomhlíonfas na cumhachtaí is na feidhmeanna a bhronntar ar an Uachtarán leis an mBunreacht seo nó faoi.
    1. Is iad na daoine seo a leanas an Coimisiún, .i. an Príomh-Bhreitheamh, Cathaoirleach Dháil Éireann (An Ceann Comhairle) agus Cathaoirleach Sheanad Éireann.
    2. Gníomhóidh Uachtarán na hArd-Chúirte ina chomhalta den Choimisiún in ionad an Phríomh-Bhreithimh aon uair a bheas oifig an Phríomh-Bhreithimh folamh nó a bheas an Príomh-Bhreitheamh gan bheith i gcumas gníomhaithe.
    3. Gníomhóidh Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann ina chomhalta den Choimisiún in ionad Chathaoirleach Dháil Éireann aon uair a bheas oifig Chathaoirleach Dháil Éireann folamh nó a bheas an Cathaoirleach sin gan bheith i gcumas gníomhaithe.
    4. Gníomhóidh Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann ina chomhalta den Choimisiún in ionad Chathaoirleach Sheanad Éireann aon uair a bheas oifig Chathaoirleach Sheanad Éireann folamh nó a bheas an Cathaoirleach sin gan bheith i gcumas gníomhaithe.
  2. Is dleathach don Choimisiún gníomhú trí bheirt ar bith dá líon agus gníomhú d’ainneoin folúntais ina gcomhaltas.
  3. Féadfaidh an Chomhairle Stáit, le tromlach dá gcomhaltaí, cibé socrú is oircheas leo a dhéanamh chun na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bhronntar ar an Uachtarán leis an mBunreacht seo nó faoi a oibriú is a chomhlíonadh in aon chás nach ndéantar socrú ina chomhair leis na forálacha sin romhainn den Airteagal seo.
    1. Na forálacha den Bhunreacht seo a bhaineas leis an Uachtarán d’oibriú is do chomhlíonadh na gcumhachtaí is na bhfeidhmeanna a bhronntar air leis an mBunreacht seo nó faoi bainfid, faoi chuimsiú na bhforálacha inár ndiaidh den alt seo, le hoibriú is le comhlíonadh na gcumhachtaí is na bhfeidhmeanna sin faoin Airteagal seo.
    2. Má theipeann ar an Uachtarán aon chumhacht nó feidhm a oibriú nó a chomhlíonadh nach foláir dó, de réir an Bhunreachta seo nó faoi, í a oibriú nó a chomhlíonadh faoi cheann aimsire a luaitear, ní foláir í a oibriú nó a chomhlíonadh faoin Airteagal seo chomh luath agus is féidir é tar éis na haimsire a luaitear amhlaidh.

Tá an téacs iomlán de Bhunreacht na hÉireann ar fáil ag:
http://www.irishstatutebook.ie/constitution.html

Togra an reifrinn

Sa reifreann seo, féadfaidh tú TÁ nó NÍL a vótáil i leith an togra chun an aois ag a bhfuil iarrthóirí intofa chun oifig an Uachtaráin a laghdú ó 35 bliain d’aois go 21 bliain d’aois.

Beartaítear an méid seo a leanas a chur in áit Airteagal 12.4.1° atá ann faoi láthair:

Is intofa chun oifig an Uachtaráin gach saoránach ag a bhfuil bliain agus fiche slán.

Tá an togra ar áireamh sa .

Conas a roghnaítear an tUachtarán

Ní foláir iarrthóirí d’oifig an Uachtaráin a ainmniú mar seo a leanas:

  • Féadfaidh duine atá nó a bhí ina Uachtarán cheana é féin a ainmniú
  • Féadfaidh fiche duine ar a laghad agus gach duine faoi leith díobh sin ina chomhalta, in alt na huaire, de Theach de Thithe an Oireachtais (an Dáil agus an Seanad) iarrthóir a ainmniú
  • Féadfaidh ceithre Chontae riaracháin ar a laghad (agus Contae-Bhuirgí a áireamh) iarrthóir a ainmniú

Má ainmnítear níos mó ná iarrthóir amháin, déanfar toghchán. Stiúrfar é sin ar an tslí chéanna le toghchán ginearálta.

Is é seacht mbliana téarma oifige an Uachtaráin agus féadfar é atoghadh chun téarma seacht mbliana eile ar a mhéad.

Ról an Uachtaráin

Is é an tUachtarán chéad saoránach na tíre agus déanann sé ionadaíocht do mhuintir na tíre ar fad. Tá roinnt cumhachtaí agus feidhmeanna ag an Uachtarán. Is ar chomhairle an rialtais a chomhlíontar cuid mhaith díobh.

Áirítear iad seo a leanas leis na cumhachtaí agus leis na feidhmeanna sin:

  • A bheith ina Ard-Cheannasaí ar na Fórsaí Cosanta
  • An Taoiseach a cheapadh ar ainmniú Dháil Éireann agus comhaltaí eile den rialtas a cheapadh ar ainmniú an Taoisigh tar éis cead a fháil ón Dáil
  • Sealbhóirí oifige eile a cheapadh ar chomhairle an rialtais, amhail breithiúna, an tArd-Aighne, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tOmbudsman agus oifigigh ghairme na bhFórsaí Cosanta

An Dáil a Lánscor

Déanann an tUachtarán an Dáil a chomóradh agus a lánscor ar chomhairle an Taoisigh. De réir mar is rogha leis féin, tig leis an Uachtarán diúltú don Dáil a lánscor ar chomhairle Taoisigh nach leanann tromlach i nDáil Éireann de bheith aige.

Billí a Shíniú

Is é an tUachtarán a dhéanann Billí arna rith ag dhá Theach an Oireachtais a shíniú ina ndlí. De réir mar is rogha leis féin, tig leis an Uachtarán, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, Bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí chun breith a fháil ar a bhunreachtúla atá sé. Níl feidhm ag an rogha sin maidir le <Billí Airgid> (nasc le suíomh Gréasáin an tSeanaid don reifreann) ná le Bille lena leasófar an Bunreacht.

Aois iarrthóirí i dtoghcháin eile in Éirinn

Toghcháin don Dáil agus don Seanad

Ní foláir do dhuine bheith 21 bliain d’aois nó níos sine chun a bheith ina chomhalta de Dháil Éireann. Leagtar é sin síos in Airteagal 16.1.1° den Bhunreacht. Foráiltear leis an mBunreacht (Airteagal 18.2) nach foláir do dhuine bheith inghlactha ar chomhaltas Dháil Éireann ionas go mbeidh sé inghlactha ar chomhaltas Sheanad Éireann. Fágann sé sin nach foláir do chomhaltaí den Seanad bheith 21 bliain d’aois ar a laghad freisin.

Toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

Ní foláir do dhuine bheith 21 bliain d’aois ar a laghad ionas go mbeidh sé intofa mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Foráiltear dó sin leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997 http://www.irishstatutebook.ie/1997/en/act/pub/0002/index.html

Toghcháin áitiúla

Ní foláir do dhuine bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad ionas go mbeidh sé intofa mar chomhalta d’údarás áitiúil. Foráiltear dó sin leis an Acht Rialtais Áitiúil, 1994 http://www.irishstatutebook.ie/1994/en/act/pub/0008/index.html

Vótáil

Daoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine agus a chomhlíonann coinníollacha eile, tá sé de cheart acu vóta a chaitheamh i dtoghcháin Uachtaráin, i dtoghcháin don Dáil, i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin áitiúla. Tá sé de cheart ag grúpaí sonracha daoine vóta a chaitheamh i dtoghcháin don Seanad; sa chleachtas, ní foláir dóibh go léir bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine.

Aois Uachtaráin na hÉireann1

Tá naonúr Uachtarán ar Éirinn ann ó bunaíodh an oifig le Bunreacht na hÉireann.

Bhí Dubhghlas de hÍde, Uachtarán idir 1938 agus 1945, 78 bliain d’aois nuair a ceapadh mar Uachtarán é den chéad uair.
Bhí Séan T. Ó Ceallaigh, Uachtarán idir 1945 agus 1959, 63 bliain d’aois nuair a ceapadh mar Uachtarán é den chéad uair.
Bhí Éamon DeValera, Uachtarán idir 1959 agus 1973, 76 bliain d’aois nuair a ceapadh mar Uachtarán é den chéad uair.
Bhí Erskine Childers, Uachtarán idir 1973 agus 1974, 67 bliain d’aois nuair a ceapadh mar Uachtarán é den chéad uair.
Bhí Cearbhall Ó Dálaigh, Uachtarán idir 1974 agus 1976, 63 bliain d’aois nuair a ceapadh mar Uachtarán é den chéad uair.
Bhí Pádraig J. Ó hIrghile, Uachtarán idir 1976 agus 1990, 56 bliain d’aois nuair a ceapadh mar Uachtarán é den chéad uair.
Bhí Máire Mhic Róibín, Uachtarán idir 1990 agus 1997, 46 bliain d’aois nuair a ceapadh mar Uachtarán í den chéad uair.
Bhí Máire Mhic Ghiolla Íosa, Uachtarán idir 1997 agus 2011, 46 bliain d’aois nuair a ceapadh mar Uachtarán í den chéad uair.
Bhí Mícheál D. Ó hUiginn, Uachtarán idir 2011 agus an lá inniu, 70 bliain d’aois nuair a ceapadh mar Uachtarán é den chéad uair.

Is féidir faisnéis faoi Uachtaráin roimhe seo a fháil ag: http://www.president.ie/
Is féidir faisnéis faoin Uachtarán reatha a fháil ag: http://www.president.ie/biography/

Website by Clickworks