Referendum 2013 » Referendum Commission http://referendum2013.ie/ga/ Independent guide to the Seanad and Court of Appeal Referendum Fri, 04 Oct 2013 10:29:37 +0000 en-US hourly 1 http://wordpress.org/?v=3.5.2 Feachtas faisnéise á sheoladh ag an gCoimisiún Reifrinn maidir le dhá reifreann http://referendum2013.ie/ga/feachtas-faisneise-a-sheoladh-ag-an-gcoimisiun-reifrinn-maidir-le-dha-reifreann/ http://referendum2013.ie/ga/feachtas-faisneise-a-sheoladh-ag-an-gcoimisiun-reifrinn-maidir-le-dha-reifreann/#comments Fri, 06 Sep 2013 10:54:22 +0000 Referendum Commission http://referendum2013.ie/?p=505 ]]> Faigh na fíricí agus caith do vóta, a deir an comhlacht neamhspleách. Tá an Coimisiún Reifrinn tar éis tús a chur lena fheachtas le vótálaithe a chur ar an eolas maidir leis na fíricí a bhaineann le moltaí deireadh a chur leis an Seanad agus Cúirt Achomhairc nua bhunú. Déanfaidh vótálaithe cinneadh sna reifrinn ar Aoine an 4 Deireadh Fómhair cibé acu an nglacfar nó nach nglacfar leis na moltaí seo.

Tá suíomh gréasáin bunaithe ag an gCoimisiún, referendum 2013.ie, a bhaineann úsáid as físeáin agus téacs chun na hathruithe molta a shonrú agus faisnéis chúlra a chur ar fáil. Seolfar Treoir chlóite chuig gach teach sa Stát chomh maith, cuirfear eolas tríd an bpreas agus trí na meáin shóisialta, agus beidh feachtas suntasach fógraíochta ann ar an Teilifís, raidió, nuachtáin, fógraí allamuigh agus ar líne.

Agus í ag caint ag seoladh an fheachtais ar maidin, dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin, an Breitheamh Elizabeth Dunne go bhfuil: “Mar aidhm againn a chinntiú gur féidir le gach vótálaí iad féin a chur ar an eolas maidir leis na hathruithe molta sa Bhunreacht i ndáil leis an Seanad agus leis an gCúirt Achomhairc molta. Bhí roinnt díospóireachta poiblí ann maidir leis an moladh faoin Seanad, ach is beagán a bhí ann maidir leis an gCúirt Achomhairc. Is mórcheisteanna tábhachtacha iad araon.

“Cuireann an Coimisiún Reifrinn eolas neodrach agus neamhspleách ar fáil. Ní dhéanaimid argóint ar son vóta Tá nó Níl, ach cuirimid romhainn cabhrú le vótálaithe iad féin a chur ar an eolas, agus molaimid go mór dóibh a vótaí a chaitheamh.”

Moladh maidir le Seanad Éireann

Sa chás go rithfear an reifreann maidir leis an Seanad, cuirfear deireadh leis an Seanad i ndiaidh an chéad Olltoghcháin eile. Chiallódh seo nach mbeadh gá amach anseo ach dlí a rith sa Dáil amháin, roimh é a chur ar aghaidh chuig an Uachtarán le síniú. I láthair na huaire, chun gur féidir dlí a dhéanamh in Éirinn, caithfear Bille a rith i dhá Theach an Oireachtais: an Dáil agus an Seanad. Bheadh roinnt athruithe eile ann sa Bhunreacht chun tagairtí don Seanad a bhaint agus le socruithe nua a chur i bhfeidhm le déileáil le feidhmeanna áirithe a bhfuil ról ag an Seanad iontu faoi láthair.

Moladh maidir leis an gCúirt Achomhairc

Sa chás go rithfear an reifreann maidir leis an gCúirt Achomhairc, bunófar Cúirt Achomhairc nua ag leibhéal idir an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach. Dhéileálfadh sé leis an gcuid is mó d’achomharc a bhfuil an Chúirt Uachtarach ag déileáil leo faoi láthair. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an Chúirt Uachtarach éisteacht le hachomharc breise, agus d’fhéadfadh sé beartú éisteacht le hachomharc go díreach ón Ard-Chúirt. Cuimsithe sa reifreann maidir leis an gCúirt Achomhairc chomh maith tá moladh athrú a dhéanamh ar an tslí a thugann an Chúirt Uachtarach a cinneadh i gcásanna áirithe.

Tá Treoir an Choimisiún Reifrinn ar fáil ar líne chomh maith ar a shuíomh gréasáin ag www.referendum2013.ie.  Tá líne fóin tiomnaithe aige chomh maith ag 1890 270 970. Sa Treoir agus ar an suíomh gréasáin beidh téacs i mBéarla agus i nGaeilge araon. Féadann vótálaithe a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar an ábhar ar bhealach gnásúil iad féin a chur ar an eolas trí na leaganacha den Treoir atá i mBraille, DVDanna i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann, dlúthdhioscaí fuaime agus leaganacha mórchló den treoir. Beidh an Coimisiún ag úsáid Teanga Chomharthaíochta na hÉireann ar roinnt dá bhfógraí teilifíse chomh maith.

I measc na ngnéithe eile den fheachtas faisnéise poiblí ag an gCoimisiún, a thosóidh go luath an tseachtain seo chugainn, beidh fógraíocht ar an raidió, teilifís, i nuachtáin agus ar líne a thabharfaidh mínithe achomair ar na moltaí.

]]>
http://referendum2013.ie/ga/feachtas-faisneise-a-sheoladh-ag-an-gcoimisiun-reifrinn-maidir-le-dha-reifreann/feed/ 0
Ar Aoine an 4 Deireadh Fómhair, beidh an deis agat do vóta a chaitheamh i dhá reifreann http://referendum2013.ie/ga/an-dara-post-nuacht/ http://referendum2013.ie/ga/an-dara-post-nuacht/#comments Tue, 23 Jul 2013 12:55:21 +0000 Referendum Commission http://referendum2013.ie/?p=67 ]]> Ar Aoine an 4 Deireadh Fómhair, beidh an deis agat do vóta a chaitheamh i dhá reifreann maidir le Bunreacht na hÉireann a athrú: Iarann ceann amháin ort an aontaíonn tú deireadh a chur le Seanad Éireann. Iarann an ceann eile ort an aontaíonn gur chóir Cúirt Achomhairc a bhunú agus le roinnt athruithe eile a dhéanamh i gcóras na gCúirteanna. Is éard is ról an Choimisiún Reifrinn ann ná eolas neamhchlaonta agus neamhspleách a sholáthar duit. Ní dhéanaimid aon argóint ar chóir vótáil tá nó níl.

]]>
http://referendum2013.ie/ga/an-dara-post-nuacht/feed/ 0